Eoin 10
10
1Go fírinneach, adeirim libh, an té nach dtagann an doras isteach i gcró na gcaorach, acht dhreapuigheas suas ar bhealach eile, bitheamhnach agus gadaidhe is eadh é. 2Acht an té thagas isteach an doras is é aodhaire na gcaorach é. 3Is dó‐san fhosclas an geatóir; agus airigheann na caoirigh a ghlór: agus glaodhann sé as a n‐ainm ar a chaoiribh féin, agus seolann sé amach iad. 4Agus nuair bhíos a thréad uile seolta amach aige, siubhlann sé rómpa, agus leanann na caoirigh é: óir aithnigheann siad a ghlór. 5Acht ní leanfaidh siad coimhightheach, acht teichfidh siad uaidh: óir ní aithnigheann siad glór na gcoimhightheach. 6Do labhair Íosa an tsamhlaoid sin leo: acht níor thuigeadar na briathra adubhairt sé leo.
7Annsin adubhairt Íosa leo arís, Go fírinneach adeirim libh, Is mise doras na gcaorach. 8Gach a dtáinig rómham is gadaidhthe agus bitheamhnaigh iad: acht níor airigh na caoirigh iad. 9Is mise an doras: cibé thagas isteach tríom‐sa, slánóchar é, agus rachaidh sé isteach agus amach, agus do‐gheobhaidh sé inbhear. 10Ní thagann an gadaidhe acht chum bheith ag goid, agus ag marbhadh, agus ag slad: tháinig mise chum go mbéadh beatha aca, agus go mbéadh sí go fairsing aca. 11Is mise an t‐aodhaire maith: do‐bheir an t‐aodhaire maith a anam ar son na gcaorach. 12Acht an fear tuarastail, nach aodhaire é, agus nach leis féin na caoirigh, do‐chí sé an mac tíre ag teacht, agus fágann sé na caoirigh, agus teicheann sé, agus sciobann an mac tíre iad, agus scaipeann sé iad: 13óir ní fhuil ann acht fear tuarastail, agus ní chuireann sé spéis ins na caoiribh. 14Is mise an t‐aodhaire maith; agus aithnighim mo chuid féin, agus aithnigheann mo chuid féin mé, 15fá mar aithnigheann an t‐Athair mé, agus aithnighim‐se an t‐Athair; agus do‐bheirim m’anam ar son na gcaorach. 16Agus atá caoirigh eile agam, nach mbaineann leis an gcró so: ní mór dom iadsan thabhairt, leis, agus éistfidh siad lem’ ghlór; agus béidh aon chró agus aon aodhaire amháin ann. 17Ar an adhbhar sin atá grádh ag an Athair dhom, de chionn go bhfuilim ag tabhairt m’anma, chum go nglacfainn chugam é arís. 18Ní fhuil aon duine g‐á thógáil uaim, acht is uaim féin atáim g‐á thabhairt uaim. Atá ar chumas dom a thabhairt uaim, agus atá ar chumas dom a ghlacadh chugam arís. Mar sin do chuir m’Athair de dhualgas orm.
19D’éirigh conspóid arís i measc na nIúdach mar gheall ar na briathraibh sin. 20Agus adubhairt mórán aca, Atá deamhan ann, agus is ar buile atá sé; cad chuige dhaoibh bheith ag éisteacht leis? 21Agus bhí tuilleadh aca adubhairt, Ní briathra duine go bhfuil deamhan ann iad sin. An bhféadfadh deamhan súile na ndall d’fhoscailt?
22Agus do bhí féile na toirbhirte i nIarúsalem: an geimhreadh do bhí ann; 23agus bhí Íosa ag siubhal sa teampall i bpóirse Sholaimh. 24Agus do chruinnigh na h‐Iúdaigh ’n‐a thimcheall, agus adubhradar leis, Cá fhad an mbeidhmíd idir an dá chómhairle agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go cruinn díreach. 25D’fhreagair Íosa dhóibh, D’inniseas daoibh é, agus ní chreideann sibh: na h‐oibreacha do‐ghním i n‐ainm m’Athar, do‐ghní siad sin fiadhnaise dhom. 26Acht ní chreideann sibh‐se, mar ní dem’ chaoiribh‐se sibh. 27Éisteann mo chaoirigh‐se lem’ ghlóir, agus aithnighim‐se iad, agus leanann siad mé: 28agus do‐bheirim an bheatha shíorraidhe dhóibh; agus ní caillfear iad go deoidh, agus ní fhuadóchaidh aoinneach as mo láimh iad. 29An t‐Athair thug dom iad, is mó é ’ná gach rud; agus ní fhéadann aoinneach iad d’fhuadach as láimh an Athar. 30Is aon mise agus an t‐Athair. 31Do thóg na h‐Iúdaigh clocha arís le n‐a gcaitheamh leis. 32D’fhreagair Íosa dhóibh, Is iomdha deagh‐obair ó’n Athair do thaisbeánas daoibh; cia aca obair dhíobh go bhfuil sibh ag gabháil de chlochaibh orm mar gheall air? 33D’fhreagair na h‐Iúdaigh, Ní mar gheall ar aon deagh‐obair atáimíd ag gabháil de chlochaibh ort, acht mar gheall ar dhiamhasla, agus go bhfuilir‐se, agus gan ionnat acht duine, ag déanamh Dé dhíot féin. 34D’fhreagair Íosa dhóibh, Nach bhfuil scríobhtha ’n‐bhúr ndlighe, Adubhras, Is déithe sibh? 35Má dubhairt sé gur déithe iad‐san, go dtáinig briathar Dé chuca (agus ní féidir an scrioptúir do chur ar neamh‐nidh), 36an té do choisric an t‐Athair agus do chuir sé uaidh ar an saoghal, an n‐abrann sibh‐se leis, Táir ag diamhasladh; toisc go ndubhras, Is mise Mac Dé? 37Muna ndéanaim oibreacha m’Athar, ná creididh mé. 38Acht má ghním iad, muna gcreideann sibh mise, creididh na h‐oibreacha: ionnas go mbéidh a fhios agaibh agus go dtuigfidh sibh go bhfuil an t‐Athair ionnam‐sa, agus go bhfuilim‐se san Athair. 39D’iarradar breith air arís: agus d’éaluigh sé as a lámhaibh.
40Agus d’imthigh sé arís thar Iórnán anonn go dtí an áit ’n‐a raibh Eoin ag baisteadh ar dtús; agus d’fhan sé annsin. 41Agus tháinig a lán daoine chuige; agus adubhradar, Ní dhearna Eoin míorbhail ar bith: acht gach a ndubhairt Eoin i dtaobh an fhir seo, do b’fhíor é. 42Agus do bhí mórán annsin do chreid ann.
Currently Selected:
Eoin 10: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932