Agus nuair do chruinnigh siad le chéile i bhfochair na seanóir, agus do ghlacadar cómhairle le chéile, thugadar mórán airgid do na saighdiúiribh, g‐á rádh, Abraidh‐se, Tháinig a dheisceabail fá scáth na h‐oidhche, agus do ghoideadar é, nuair do bhío mairne ’n‐ár gcodladh. Agus má chluineann an riaghaltóir ’n‐a thaobh, labharfaimíd‐ne leis, agus cuirfimíd slán ó bhaoghal sibh‐se. Agus do ghlacadar‐san an t‐airgead, agus do‐rinneadar fá mar adubhradh leo: agus do leath an scéal sin i measc na nIúdach go dtí an lá indiu.