1
Marcus 1:35
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Agus ar maidin, roimh fháinniú an lae go moch, d’éirigh sé agus do chuaidh sé amach, agus d’imthigh sé go h‐áit fhásamhail, agus do rinne sé urnaighe ann.
Compare
Explore Marcus 1:35
2
Marcus 1:15
agus é ’g‐a rádh, Atá an t‐am cóimhlíonta, agus atá ríoghacht Dé druidthe linn: déanaidh aithrighe, agus creididh do’n tsoiscéal.
Explore Marcus 1:15
3
Marcus 1:10-11
Agus ar an láthair, ar dteacht aníos dó as an uisce, do chonnaic sé na flaithis ar fhoscailt agus an Spiorad Naomh ag tuirling anuas air i riocht cuilm; agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain in a bhfuil mo mhór‐aoibhneas.
Explore Marcus 1:10-11
4
Marcus 1:8
Do bhaist mise sibh le h‐uisce; acht baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.
Explore Marcus 1:8
5
Marcus 1:17-18
Agus adubhairt Íosa leo, Leanaidh mise agus do‐ghéanad iascairí ar dhaoinibh dhíbh. Agus ar an láthair d’fhágadar na líonta, agus do leanadar é.
Explore Marcus 1:17-18
6
Marcus 1:22
Agus do chuir a theagasc iongnadh ortha: óir do theagaisc sé iad mar dhuine ag a raibh ughdarás, níorbh ionann agus na scríobhaidhthe é.
Explore Marcus 1:22
Home
Bible
Plans
Videos