1
Marcus 2:17
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Agus nuair do‐chuala Íosa é, adubhairt sé leo, Ní h‐ag daoinibh sláinteamhla atá gábhadh le liaigh, acht ag daoinibh breoite: ní chum na fíréin do ghlaodhach thánag‐sa, acht chum na peacaigh do ghlaodhach.
Compare
Explore Marcus 2:17
2
Marcus 2:5
Agus nuair do chonnaic Íosa a gcreideamh, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A mhic, atá do pheacaidhe maithte dhuit.
Explore Marcus 2:5
3
Marcus 2:27
Agus adubhairt sé leo, Is le h‐aghaidh an duine do ceapadh an tsabóid, agus ní le h‐aghaidh na sabóide do rinneadh an duine
Explore Marcus 2:27
4
Marcus 2:4
Agus, de bhrigh nárbh fhéidir dhóibh teacht i ngar dó mar gheall ar an sluagh, do nochtadar bárr an tighe i n‐a raibh sé: agus do rinneadar foscailt ann, agus do leigeadar síos an leaba ar a raibh an fear pairiliseach ’n‐a luighe.
Explore Marcus 2:4
5
Marcus 2:10-11
Acht, chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil cumhacht ar an domhan so ag Mac an Duine chum peacaidhe do mhaitheamh; (adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach), Adeirim‐se leat, Éirigh, agus tóg do leaba, agus imthigh go dtí do theach.
Explore Marcus 2:10-11
6
Marcus 2:9
Cia is fusa, a rádh leis an bhfear pairiliseach, Atá do pheacaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh, agus tóg do leaba, agus siubhal?
Explore Marcus 2:9
7
Marcus 2:12
Agus d’éirigh seisean ar an láthair, agus do thóg sé a leaba, agus d’imthigh sé amach i bhfiadhnaise a raibh ann; i dtreo go raibh uathbhás ortha uile, go dtugadar glóir do Dhia, agus iad ’g‐a rádh, Ní fhacamar a leithéid seo riamh.
Explore Marcus 2:12
Home
Bible
Plans
Videos