1
Marcus 5:34
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Agus duḃairt seisean léi: A mġean, rinne do ċreideaṁ slán ṫú; imṫiġ fá ṡíoṫċáin, agus bí slán ó do sciúirse.
Compare
Explore Marcus 5:34
2
Marcus 5:25-26
Agus bean, a raiḃ cur fola uirṫí le ḋá ḃliaḋain déag, Agus a dʼḟulaing mórán óʼn iomad liaiġ, agus a ċaiṫ a raiḃ aice, gan aon ḃiseaċ a ṫeaċt uirṫí, aċt ina áit sin a ḃeiṫ ní ba ṁeasa
Explore Marcus 5:25-26
3
Marcus 5:29
Agus ar an ḃomaite ṫriomuiġ sruṫ a cuid fola, agus ṁoṫuiġ sí ina colainn go raiḃ sí leiġeasta óʼn sciúirse.
Explore Marcus 5:29
4
Marcus 5:41
Agus ag breiṫ greim láiṁe dó ar an ċailín, deir sé léi: Taliṫa cumi, is é sin, ar a ṁíniuġaḋ: A ċailín, deirim leat, éiriġ.
Explore Marcus 5:41
5
Marcus 5:35-36
Le linn é ḃeiṫ go fóill ag cainnt, tig cuid de ṁuinntir uaċtarán na sineagóige, ag ráḋ: Tá do inġean marḃ; cad ċuige a ḃfuil tú ag boḋraḋ an Ṁáiġistir níos fuide? Aċt nuair a ċuala Íosa an ḟocal a duḃraḋ, deir sé le h-uaċtarán na sineagóige: Ná bíoḋ eagla ort, aċt aṁáin creid.
Explore Marcus 5:35-36
6
Marcus 5:8-9
Óir duḃairt sé leis: Gaḃ amaċ as an duine, a spioraid neaṁġlain. Agus dʼḟiaḟruiġ sé de: Cad is ainm duit? Agus deir sé leis: Léigiún is ainm daṁ, óir tá mórán againn ann.
Explore Marcus 5:8-9
Home
Bible
Plans
Videos