YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 5

5
Caibidil V
Teilgeann Íosa amaċ léigiún deaṁan; leiġeasann sé bean a raiḃ cur fola uirṫí, agus tógann sé inġean Iairuis ó ṁarḃaiḃ.
1Agus ṫáinic siad trasna na mara go tír na nGeraisíní.#Mait. 8, 28; Lúc. 8, 26.
2Agus ag dul amaċ as an luing dó, casaḋ air láiṫreaċ duine a raiḃ spiorad neaṁġlan ann ag teaċt as na tuambaí,
3A mbíoḋ cóṁnaiḋe air ins na tuambaí, agus naċ raiḃ aoinneaċ ábalta é ċeangal feasta fiú le slaḃraí:
4Óir ceanglaḋ go minic é le cuiḃreaċa agus le slaḃraí, agus ḃriseaḋ sé na slaḃraí agus ġníoḋ sé giotaí de na cuiḃreaċa, agus níorḃ ḟéidir le h-aoinneaċ a smaċtaḋ,
5Agus ḃíoḋ sé i gcóṁnaiḋe, oiḋċe agus lá, ins na tuambaí agus ar na sléiḃte, ag screadaiġ agus ġá ġearraḋ féin le cloċa.
6Agus nuair a ċonnaic sé Íosa i ḃfad uaiḋ, riṫ sé ċuige agus ṡléaċt sé dó,
7Agus scairt sé amaċ de ġuṫ árd, agus duḃairt: Cad í an ḃaint atá agam-sa agus agat-sa le ċéile, a Íosa, a Ṁic an Dé is áirde? Agraim ṫú as uċt Dé gan mé a ṗianaḋ.
8Óir duḃairt sé leis: Gaḃ amaċ as an duine, a spioraid neaṁġlain.
9Agus dʼḟiaḟruiġ sé de: Cad is ainm duit? Agus deir sé leis: Léigiún is ainm daṁ, óir tá mórán againn ann.
10Agus ḃí sé ġá ġuiḋe go dian gan é ḋíbirt amaċ as an ċeanntar.
11Agus ḃí créad mór muc annsin ag iṫe timċeall an tsléiḃe.
12Agus dʼaṫċuing na spioraid é, ag ráḋ: Cuir ins na muca sinn, go dtéiġimíd isteaċ ionnta.
13Agus ṫug Íosa cead dóiḃ ar an ḃall. Agus ar ḋul amaċ do na spioraid neaṁġlana, ċuaiḋ siad isceaċ ins na muca, agus caiṫeaḋ an tréad de ḋearg-ruaṫar ar ṁullaċ a gcinn isteaċ san ḟairrge, tuairim ar ḋá ṁíle acu, agus plúċaḋ san ḟairrge iad.
14Agus iad sin a ḃí ġá mbeaṫuġaḋ, ṫeiċ siad, agus dʼinnis é san ċaṫair agus san tír. Agus ċuaiḋ siad amaċ a ḟeiceáil cad é a ṫárla.
15Agus tig siad ċuig Íosa, agus tċí siad an té a ḃíoḋ dá ċráḋaḋ ag an deaṁan ina ṡuiḋe, a ċuid éadaiġ air agus é slán ina ċéill, agus ṫáinic eagla orṫa.
16Agus an ṁuinntir a ċonnaic, dʼinnis siad dóiḃ cad é mar ṫárla doʼn té a raiḃ an deaṁan ann, agus fá na muca.
17Agus ṫoisiġ stad a iarraiḋ air imṫeaċt as a dtír.
18Nuair a ḃí sé ag dul isteaċ san luing, ṫoisiġ an té a ḃíoḋ dá ċráḋaḋ ag an deaṁan a ċur aṫċuinge air go mbéaḋ sé ina ċuideaċta,
19Agus níor leig sé leis é, aċt deir sé leis: Imṫiġ aḃaile ċuig do ṁuinntir, agus innis dóiḃ a ṁéid agus rinne an Tiġearna duit, agus go ndearna sé trócaire ort.
20Agus dʼimṫiġ sé agus ṫoisiġ a ċraoḃscaoileaḋ san Decapolis a ṁéid agus rinne Íosa dó, agus ḃí iongantas ar an uile ḋuine.
21Agus nuair a ċuarḋ Íosa trasna na mara arís san luing, ċruinniġ sluaġ mór ċuige, agus ḃí sé cois na mara.
22Agus tig duine áiriṫe#Mait. 9, 18; Lúc. 8, 41. de uaċtaráin na sineagóige, darḃ ainm Iairus, agus nuair atċí sé é, caiṫeann sé é féin síos ag a ċosa,
23Agus ġuiḋ sé é go dian, ag ráḋ: Tá mo inġean i rioċt an: ḃáis, tar, cuir do láṁ uirṫí, ċun go raiḃ sí slán agus go mairiḋ sí.
24Agus ċuaiḋ sé leis, agus lean sluaġ mór é, agus ḃí siad ġá ḃrúġaḋ.
25Agus bean, a raiḃ cur fola uirṫí le ḋá ḃliaḋain déag,
26Agus a dʼḟulaing mórán óʼn iomad liaiġ, agus a ċaiṫ a raiḃ aice, gan aon ḃiseaċ a ṫeaċt uirṫí, aċt ina áit sin a ḃeiṫ ní ba ṁeasa,
27Nuair a ċuala sí fá Íosa, ṫáinic sí taoḃ ṫiar de san tsluaġ, agus bain sí le n-a éroeaḋ:
28Óir duḃairt sí: Muna ndéanaiḋ mé aċt ḃaint le n-a éideaḋ aṁáin, béiḋ mé slán.
29Agus ar an ḃomaite ṫriomuiġ sruṫ a cuid fola, agus ṁoṫuiġ sí ina colainn go raiḃ sí leiġeasta óʼn sciúirse.
30Agus mar gur ṫuig Íosa ann féin ar an ḃall an ċuṁaċt a ċuaiḋ amaċ uaiḋ, ṫionntuiġ sé ṫart ar an tsluaġ, agus duḃairt: Cé ḃain le mo ċuid éadaiġ?
31Agus duḃairt a ḋeisciobail leis: Tċí tú an sluaġ do ḃrúġaḋ, agus an abair tú: Cé ḃain liom?
32Agus dʼaṁarc sé ṫart go ḃfeiceaḋ sé í sin a rinne é.
33Aċt ṫáinic eagla agus criṫ ar an ṁnaoi, mar go raiḃ a ḟios aice an níḋ a ṫárla inntí, agus ṫáinic sí gur ċaiṫ sí í féin ós a ċóṁair, agus dʼinnis sí an ḟírinne go h-iomlán dó.
34Agus duḃairt seisean léi: A mġean, rinne do ċreideaṁ slán ṫú;#Lúc. 7, 50 agus 8, 48. imṫiġ fá ṡíoṫċáin, agus bí slán ó do sciúirse.
35Le linn é ḃeiṫ go fóill ag cainnt, tig cuid de ṁuinntir uaċtarán na sineagóige, ag ráḋ: Tá do inġean marḃ; cad ċuige a ḃfuil tú ag boḋraḋ an Ṁáiġistir níos fuide?
36Aċt nuair a ċuala Íosa an ḟocal a duḃraḋ, deir sé le h-uaċtarán na sineagóige: Ná bíoḋ eagla ort, aċt aṁáin creid.
37Agus níor ċeaduiġ sé dʼaoinneaċ a leanaṁaint aċt Peadar agus Séamus agus Eoin, dearḃráṫair Séamuis.
38Agus tig siad go tiġ uaċtarán na sineagóige, agus tċí siad an gleo agus iad ag gol agus ag caoineaḋ go mór.
39Agus ag dul isteaċ dó, deir sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ḟá ḃuaiḋreaṁ agus ag caomeaḋ? Ní marḃ atá an cailín, aċt ina codlaḋ.
40Agus rinne siad gáire fonaṁaide faoi. Aċt ċuir seisean an t-iomlán amaċ, agus ḃeir sé leis aṫair agus máṫair an ċailín, agus iad sin a ḃí leis, agus téro sé isteaċ mar a raiḃ an cailín ina luiġe.
41Agus ag breiṫ greim láiṁe dó ar an ċailín, deir sé léi: Taliṫa cumi, is é sin, ar a ṁíniuġaḋ: A ċailín, deirim leat, éiriġ.
42Agus ar an ḃall dʼéiriġ an cailín agus ṡiuḃal sí (agus ḃí sí ḋá ḃliaḋam déag) agus ṫáinic uaṫḃás an-ṁór orṫa.
43Agus dʼórduiġ sé dóiḃ go dian gan a ḟios a ḃeiṫ ag aoinneaċ, agus duḃairt sé rud a ṫaḃairt le h-iṫe dí.

Currently Selected:

Marcus 5: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in