YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 4

4
Caibidil IV
Fáiṫscéal an ċuradóra. Ciúnaḋ na stoirme.
1Agus ṫoisiġ sé a ṫeagasc arís cois na mara,#Mait. 13, 1; Lúc. 8, 4. agus ċruinniġ sluaġ mór ċuige, ionnas go ndeaċaiḋ sé isteaċ san ḃád gur ṡuiḋ sé ar an ḟairrge, agus ḃí an sluaġ uilig ar an talaṁ cois na fairrge.
2Agus ṫeagasc sé mórán neiṫe dóiḃ i ḃfáiṫscéalta, agus duḃairt sé leo ina ṫeagasc:
3Éistigiḋ: Féaċ, ċuaiḋ an curadóir amaċ a ċur síl.
4Agus ag cur an tsíl dó, ṫuit cuid de ar ṫaoiḃ an ḃóṫair, agus ṫáinic éanaċa an aeir gur iṫ siad é.
5Aċt ṫuit cuid eile ar an talaṁ ċloċaċ, áit naċ raiḃ mórán cré aige, agus dʼḟás sé aníos láiṫreaċ, de ḃríġ naċ raiḃ doiṁne ċré aige;
6Agus nuair a dʼéiriġ an ġrian, scallaḋ é, agus mar naċ raiḃ ḟréaṁ aige, smal sé.
7Agus ṫuit tuilleaḋ fríd na dreasógaí, agus dʼḟás na dreasógaí gur ṗlúċ siad é, agus ní ṫug sé toraḋ uaiḋ.
8Agus ṫuit cuid eile san talaṁ ṁaiṫ, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ a dʼḟás agus a ṁéaduiġ, agus ṫug ceann toraḋ uaiḋ fá ḋeiċ ar ḟiċid, ceann ḟá ṫrí ḟiċid, agus ceann eile fá ċéad.
9Agus duḃairt sé: An té a ḃfuil cluasa le h-éisteaċt air, éisteaḋ sé.
10Agus nuair a ḃí sé ina aonar, dʼḟiafruiġ an dáréag a ḃí ina ċuideaċta an fáiṫscéal de.
11Agus duḃairt sé leo: Is díḃ-se a tugaḋ eolas a ḃeiṫ agaiḃ ar rúindiaṁair ríoġaċt Dé; aċt leoḃṫa sin atá taoḃ amuiġ deirtear gaċ níḋ i ḃfáiṫscéalta,
12Ionnas, ar ḟeiceáil dóiḃ, go ḃfeiciḋ siad#4, 12 ar ḟeiceáil dóiḃ, go ḃfeiciḋ siad, ⁊c. Mar ṗionós orṫa as siocair gur ḋruid siad a súla go toilteatnnaċ (Mait. 13, 15), ċongḃuiġ Dia uaṫa, mar bʼairiḋe orṫa, an solus agus an grásta a ḃéarfaḋ sé dóib, dá mbéaḋ siad uṁal. Ḃéarfaḋ an solus agus an grásta sin go h-éifeaċtaṁail ar a leas iad.#Isaias 6, 9; Mait. 13, 14; Eoin 12, 40; Gníoṁ. 28, 26; Róṁ. 11, 8. agus naċ dtaḃaraiḋ siad fá dear, agus ar ċluinstin dóiḃ, go gcluiniḋ siad agus naċ dtuigiḋ siad, ar eagla go dtionntuiġeaḋ siad, am ar biṫ agus go maiṫtí a bpeacaiḋe dóiḃ.
13Agus deir sé leo: An ḃfuil siḃ-se aineolaċ ar an ḟáiṫscéal seo? Agus cad é mar ḃéas fios agaiḃ ar na fáiṫscéalta uilig?
14An té a ċuireas, cuireann sé an briaṫar.
15Agus is iad seo luċt taoḃ an ḃóṫair mar a gcuirtear an briaṫar, agus nuair a ċluin siad, tig Satan láiṫreaċ agus beireann sé ar ṡiuḃal an briaṫar a cuireaḋ ina gcroiḋṫe.
16Agus mar an gcéadna, an luċt ma gcuirtear an síol ar an talaṁ ċloċaċ, is iad seo iad, nuair a ċluin siad an briaṫar, a ġlacas é láiṫreaċ le lúṫġáir,
17Agus ní ḟuil fréaṁ acu ionnta féin, aċt tá siad neambuan; annsin, nuair a ṫig trioblóid agus géirleanaṁaint mar ġeall ar an ḃriaṫar, glacann siad scainneal ar an ḃomaite.
18Agus tá tuilleaḋ ann ina gcuirtear an síol fríd na dreasógaí: is iad seo an luċt a ċluin an briaṫar,
19Agus tig cúraim an tsaoġail,#1 Tim. 6, 17. meallaḋ an tsaiḋḃris, agus dúil i neiṫe eile isteaċ go bplúċann siad an briaṫar, agus bíonn sé gan toraḋ.
20Agus is iad seo iad i n-ar cuireaḋ an síol san talaṁ ṁaiṫ, an luċt a ċluin an briaṫar, a ġlacas é agus a ḃeir toraḋ uaṫa, duine fá ḋeiċ ar ḟiċid, duine fá ṫrí ḟiċid, agus duine fá ċéad.
21Agus duḃairt sé leo: An dtig an ċoinneal#Mait. 5, 15; Lúc. 8, 16, agus 11, 33. ċun go gcuirtí faoi ḃocsa an ṗlúir nó faoiʼn leabaiḋ í? Naċ ċun go gcuirtí ar ċoinnleoir í?
22Óir ní ḟuil rud ar biṫ i ḃfolaċ naċ ḃfoillseoċar,#Mait. 10, 26; Lúc. 8, 17. agus níor cuireaḋ faoi ċeilt é, aċt ċun go dtigeaḋ sé ċun soluis.
23Má tá cluasa le h-éisteaċt ag aoinneaċ, éisteaḋ sé.
24Agus duḃairt sé leo: Coiṁéadaigiḋ cad é a ċluin siḃ. Is leis an ṁiosúr le n-ar ṫóṁais siḃ, a ṫóṁaisfear ṫar ais díḃ#Mait. 7, 2; Lúc. 6, 38. agus cuirfear tuilleaḋ leis díḃ.
25Óir an té a ḃfuil aige, ḃéarfar dó,#Mait. 13, 12, agus 25, 29; Lúc. 8, 18 agus 19, 26. agus an té naċ ḃfuil aige, bainfear uaiḋ fiú an rud atá aige.
26Agus duḃairt sé: Is aṁlaiḋ atá ríoġaċt Dé, mar ċaiṫfeaḋ duine síol san talaṁ,
27Agus ċodlóċaḋ sé, agus dʼéireoċaḋ sé, oiḋċe agus lá, agus dʼeascróċaḋ an síol, agus dʼḟásfaḋ sé i ngan ḟios dó.
28Óir ḃeir an talaṁ toraḋ uaiḋ féin, an geaṁar ar dtús, annsin an dias, agus annsin an ċruiṫneaċt iomlán san déis.
29Agus nuair a ḃéas an bárr déanta, ḃeir sé an corrán dó láiṫreaċ, de ḃríġ go mbíonn an foġṁar ann.
30Agus duḃairt sé: Cé leis a saṁlóċamuid ríoġaċt Dé? Nó cad é an tsaṁlaoid le n-a ndéanfamuid í a ṡaṁailt?
31Mar ġráinnín ṡíol mustáird,#Mait. 13, 31; Lúc. 13, 19. ar luġa é ná aon tsíol dá ḃfuil ar an talaṁ, nuair a ċuirtear san talaṁ é;
32Agus nuair aḃéas sé curṫa, fásann sé, agus éiriġeann sé níos mó ná aon luiḃ eile, agus tig géaga móra air, ionnas go mbʼḟéidir do éanaċa an aeir cóṁnaiḋe a ḋéanaṁ faoi n-a scáṫ.
33Agus laḃair sé an briaṫar leo i mórán fáiṫscéal deʼn tseort sin, do réir mar ḃí siad i n-inniṁ éisteaċt;
34Agus níor laḃair sé leo gan fáiṫscéal; aċt ṁíniġ sé gaċ níḋ dá ḋeisciobail i leaṫ taoiḃ.
35Agus deir sé leo an lá sin, nuair a ḃí sé ina árd-ṫráṫnóna: Téiġimís anonn trasna.
36Agus ag cur an tsluaiġ ar ṡiuḃal dóiḃ, rug siad eisean leo mar a ḃí sé san luing;#Mait. 8, 23; Lúc. 8, 22. agus ḃí longa eile ina ḟoċair.
37Agus dʼéiriġ stoirm ṁór gaoiṫe, agus ḃí sí ag caiṫeaṁ na dtonn isteaċ san luing, san ċruṫ go raiḃ an long dá líonaḋ.
38Agus ḃí seisean ar ḋeireaḋ na luinge ina ċodlaḋ ar aḋairt; agus musclann siad é, agus deir leis: A Ṁáiġistir, an cás leat é go ḃfuilmíd dár gcailleaḋ?
39Agus ar éirġe dó, smaċt sé an ġaoṫ, agus duḃairt leis an ḟairrge: Socair, bí ciúin. Agus stad an ġaoṫ, agus dʼéiriġ ciúineas mór ann.
40Agus duḃairt sé leo: Cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ? An é naċ ḃfuil creideaṁ agaiḃ go fóill? Agus ġaḃ eagla ṁór iad, agus deireaḋ siad le n-a ċéile: Cé h-é seo dar leat, óir tá an ġaoṫ agus an ḟairrge uṁal dó?

Currently Selected:

Marcus 4: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in