Marcus 3
3
Caibidil III
Leiġeasann sé fear a raiḃ láṁ leis seargṫa: toġann sé an dáréag: agus bréagnuiġeann sé diaṁasla na ḃFairisíneaċ.
1Agus ċuaiḋ sé isceaċ arís san tsineagóig, agus ḃí fear annsin a raiḃ láṁ leis seargṫa.#Mait. 12, 10; Lúc. 6, 6.
2Agus ḃí siad ag faire air, féaċaint an ndéanfaḋ sé leiġeas ar an tsabóid, ċun go gcionncuiġeaḋ siad é.
3Agus deir sé leis an ḟear a raiḃ an láṁ ṡeargṫa air: Éiriġ amaċ i lár báire.
4Agus deir sé leo: Cé acu is dlisteannaċ ar an tsabóid, maiṫ nó olc a ḋéanaṁ? Anam a ṡaḃáil, nó a ṁilleaḋ? Aċt dʼḟan siad ina dtost.
5Agus ag aṁarc ṫart dó orṫa le feirg, agus brón air mar ġeall ar ḋaille a gcroiḋe, deir sé leis an ḟear: Sín amaċ do láṁ. Agus ṡín, agus fágaḋ an láṁ slán aige.
6Aċt ar ḋul amaċ do na Fairisíniġ, ċuaiḋ siad i gcóṁairle#Mait. 12, 14. ar an ḃall ina aġaiḋ le muinntir Ioruaiḋ, fáʼn ċaoi ina gcuireaḋ siad ċun báis é.
7Aċt dʼimṫiġ Íosa go dtí an ḟairrge le n-a ḋeisciobail, agus lean sluaġ mór é óʼn Ġailile agus ó Iudaia,
8Agus ó Ierusalem, agus ó Idumea, agus óʼn taoiḃ ṫall deʼn Iordáin, agus sluaġ mór acu sin a ḃí ṫart fáʼn Tior agus fáʼn tSídoin, nuair a ċuala siad na neiṫe a ġníoḋ sé, ṫáinic siad ċuige.
9Agus duḃairt sé le n-a ḋeisciobail bád a ḃeiṫ fá réir dó mar ġeall ar an tsluaġ, ar eagla go mbrúiġeaḋ siad é;
10Óir ḃí mórán dá leiġeas aige, ionnas go mbíoḋ gaċ aoinneaċ dá raiḃ leaṫtroṁ air ina riṫ isceaċ air le cuimilt leis.
11Agus nuair a tċíoḋ na spioraid neaṁġlana é, ċaiṫeaḋ siad iad féin síos roiṁe, agus ġlaoḋaḋ siad amaċ, ag ráḋ:
12Is tú Mac Dé. Agus ḃagair sé go dian orṫa gan é ċur i n-aiṫne.
13Agus ar ḋul suas ar an tsliaḃ dó, ġoir#Mait. 10, 1; Lúc. 6, 13, agus 9, 1. sé ċuige na daoine a ba toil leis féin, agus ṫáinic siad ċuige.
14Agus ṡocruiġ sé go mbéaḋ dáréag leis, agus go gcuirfeaḋ sé a ṡeanmóir iad.
15Agus ṫug sé cuṁaċt dóiḃ galair a leiġeas agus déaṁain a ṫeilgean amaċ.
16Agus ar Síomon ṫug sé Peadar mar ainm:
17Agus Séamus, mac Ṡebede, agus Eoin, dearḃráṫair Séamuis, agus ṫug sé Boanerges, is é sin, clann na tóirniġe, orṫa-san:
18Agus Aindrias, agus Pilip, agus Parṫolán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus, mac Alṗeuis, agus Taddeus, agus Síomon, an Cananéaċ,
19Agus Iúdas Iscariot fosta, an té a ḃraiṫ é.
20Agus tig siad ċun tiġe, agus cruinniġeann an sluaġ i gcionn a ċéile arís, ionnas nárḃ ḟéroir dóiḃ fiú biaḋ a ċaiṫeaṁ.
21Agus nuair a ċuala a ṁuinnitir seo, ċuaiḋ siad amaċ le breiṫ air; óir duḃairt siad: Go ndeaċaiḋ sé as a ċéill.
22Aċt deireaḋ na Scríoḃaiḋṫe a ṫáinic anuas as Ierusalem: Tá Beelsebub ann,#Mait. 9, 34, agus 12, 24. agus is tré ṗrionnsa na ndeaṁan a ṫeilgeas sé amaċ na deaṁain.
23Agus nuair a ġoir sé ċuige iad duḃairt sé leo i ḃḟáiṫscéalta: Cad é mar is férom do Ṡatan Satan a ṫeilgean amaċ?
24Agus má ḃíonn ríoġaċt roinnte ina h-aġaiḋ féin, ní féidir doʼn ríoġaċt sin seasaṁ,
25Agus má ḃíonn teaċ roinnte ina aġaiḋ féin, ní féidir doʼn tiġ sin seasaṁ.
26Agus má éiriġeann Satan suas ina aġaiḋ féin, tá sé roinnte, agus ní féidir dó seasaṁ, aċt tá deireaḋ leis.
27Ní féidir do ḋuine ar biṫ dul isteaċ i dtiġ an ḟir láidir agus a ṫrealaṁ dʼḟuadaċ, muna gceanglaiḋ sé an fear láidir ar dtús, agus annsin sladfaiḋ sé a ṫeaċ.
28Amén adeirim liḃ, go maiṫfear do ċloinn na ndaoine#Mait. 12, 31; Lúc. 12, 10; 1 Eoin 5, 16. na h-uile ṗeacaiḋe, agus gaċ diaṁasla dá ndéanfaiḋ siad:
29Aċt ċibé a ḋéanfas diaṁasla i n-aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní ḟuiġiḋ sé maiṫeaṁnas a ċoiḋċe, aċt béiḋ sé cionntaċ i bpeacaḋ síorraiḋe.
30Óir duḃairt siad: Is Spiorad neaṁġlan atá aige.
31Agus ṫáinic a ṁáṫair agus a ḃráiṫre,#Mait. 12, 46; Lúc. 8, 19. agus ina seasaṁ amuiġ dóiḃ, ċuir siad scéala ċuige ag glaoḋaċ air.
32Agus ḃí sluaġ ina suiḋe fá dtaoiḃ de, agus deir siad leis: Féaċ, tá do ṁáṫair agus do ḃráiṫre amuiġ agus iad do ċuartuġaḋ.
33Agus duḃairt seisean leo, ġá ḃfreagairt: Cé h-iad mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre?
34Agus ag aṁarc ṫart dó orṫa sin a ḃí ina suiḋe fá dtaoiḃ de, deir sé: Féaċ mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre.
35Óir an té a ḋéanḟas toil Dé, is é sin mo ḋearḃráṫair agus mo ḋeirḃṡiúr agus mo ṁáṫair.
Currently Selected:
Marcus 3: ASN1943G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland