YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 2

2
Caibidil II
Leiġeasann Íosa duine a raiḃ galar creaṫaċ air: glaoḋann sé ar Ṁaitiú; agus glacann sé leiṫscéal a ḋeisciobal.
1Agus i gcionn ṡuim laeṫe ċuaiḋ sé isteaċ arís go Caṗarnaum.#Mait. 9, 1.
2Agus ċualaṫas go raiḃ sé i dtiġ, agus ċruinniġ mórán le ċéile, ionnas naċ raiḃ áit fiú ag an doras, agus ġníoḋ sé an briaṫar a ṡeanmóir dóiḃ.
3Agus ṫáinic daoine ċuige agus fear leo a raiḃ galar creaṫaċ#Lúc. 5, 18. air, agus é ar iomċar ag ceaṫrar.
4Agus mar nárḃ ḟéidir leo é a ṫaḃairt ina láṫair mar ġeall ar an tsluaġ, noċt siad mullaċ an tiġe ina raiḃ sé, rinne poll air, agus leig síos an tsráideog ar a raiḃ fear an ġalair ċreaṫaiġ ina luiġe.
5Agus ar ḟeiceáil a gcreidiṁ do Íosa, deir sé leis an té a raiḃ an galar creaṫaċ air: A ṁic, tá do ṗeacaiḋe maiṫte duit.
6Aċt ḃí cuid de na Scríoḃaiḋṫe annsin, ina suiḋe agus iad ag maċtnaṁ ina gcroiḋṫe:
7Cad ċuige a ḃfuil a leiṫéid dá ráḋ aige seo Tá diaṁasla dá ḋéanaṁ aige. Cé, aċt Dia áṁáin,#Iób 14, 4; Isaias 43, 25. a dtig leis peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ?
8Ḃí a ḟios ag Íosa láiṫreaċ ina Spiorad féin go raiḃ siad ag maċtnaṁ mar sin ina n-aigne, agus deir sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag smaoineaḋ ar na neiṫe sin i ḃur gcroiḋṫe?
9Cé acu is fusa a ráḋ le fear an ġalair ċreaṫaiġ: Tá do ṗeac-aiḋe maiṫte duit; nó a ráḋ: Éiriġ, tóg do ṡráideog agus siuḃal?
10Aċt ċun go raiḃ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċt ag Mac an Duine peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ ar talaṁ (deir sé le fear an ġalair ċreaṫaiġ).
11Deirim leat: Éiriġ; tóg do ṡráideog; agus gaḃ aḃaile ċun do ṫiġe.
12Agus dʼéiriġ sé ar an ḃomaite, ṫóg leis a ṡráideog, agus dʼimṫiġ sé i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann, ionnas gur ġaḃ iongantas iad uilig agus go dtug siad glóir do Ḋia, ag ráḋ: Ní ḟacamar a leiṫéid ariaṁ.
13Agus ar ḋul amaċ arís dó go dtí an ḟairrge, ṫáinic an sluaġ uilig ċuige, agus ṫug sé teagasc dóiḃ.
14Agus ar a ṡiuḃal ṫart dó ċonnaic sé leiḃí, mac Alṗeuis, ina ṡuiḋe ag oific na cánaċ,#Mait. 9, 9; Lúc. 5, 27. agus deir sé leis: lean mise. Agus dʼéiriġ sé, agus lean sé é.
15Agus ṫárla, nuair a ṡuiḋ sé ċun bíḋ ina ṫiġ siúd, gur ṡuiḋ mórán puibliocánaċ agus peacaċ i dteannta Íosa agus a deisciobal; óir ḃí mórán acu ann, agus lean siad é fosta.
16Agus nuair a ċonnaic na Scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ é ag caiṫeaṁ bíḋ i ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ, ḋuḃairt siad le n-a ḋeisciobail: Cad ċuige a ḃfuil ḃur máiġistir ag iṫe agus ag ól i ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ?
17Ar a ċluinstin seo do Íosa deir sé leo: Ní ar na daoine slána a ḃíos liaiġ do ḋíṫ aċt ar na daoine breoiḋte;#1 Tim. 1, 15. óir ní ṫáinic mise le glaoḋaċ ar ḟíréin aċt ar peacaiġ.
18Agus ḃíoḋ deisciobail Eoin agus na Fairisíniġ ag déanaṁ troscaiḋ, agus tig siad agus deir siad leis: Cad ċuige a ndéan deisciobail Eoin agus na ḃFairisíneaċ troscaḋ, agus naċ ndéan do ḋeisciobail-se troscaḋ?
19Agus ḋuḃairt Íosa leo: An féidir le cloinn na bainḟeise troscaḋ a ḋéanaṁ a ḟad agus ḃíos an fear nuaṗósta ina gcuideaċta? A ḟad agus ḃíos an fear nuaṗósta acu ina gcuideaċta, ní féidir leo troscaḋ a ḋéanaṁ.
20Aċt tiocḟaiḋ na laeṫe ina dtógfar uaṫa an fear nuaṗósta,#Mait. 9, 15; Lúc. 5, 35. agus annsin ḋéanfaiḋ siad troscaḋ ins na laeṫe sin.
21Ní ḟuaġann aoinneaċ paiste dʼéaḋaċ úr ar ṡean-ċulaiṫ; óir beireann an píosa nua leis cuid deʼn tsean-éadaċ, agus ġníṫear an strócaḋ níos mó.
22Agus ní ċuireann aoinneaċ fíon úr i sean-ḃuidéil; óir brisfiḋ an fíon na buidéil, agus doirtfear an fíon, agus raċaiḋ na buiḋéil amuġa; aċt is cóir fíon úr a ċur i mbuidéil úra.
23Agus ṫárla uair eile, nuair a ḃí an Tiġearna ag siuḃál fríd na guirt arḃair ar an tsabóid, gur ṫoisiġ a ḋeisciobail a ṡiuḃal leo agus a piocaḋ na ndias.#Mait. 12, 1; Lúc. 6, 1.
24Aċt duḃairt na Fairisíniġ leis: Féaċ, cad ċuige a ndéan siad rud naċ ḃfuil dlisteannaċ ar an tsabóid?
25Agus duḃairt sé leo: An é nár léiġ siḃ ariaṁ cad é rinne Dáiḃiḋ,#1 Ríġ. 21, 6. nuair a bʼéigean dó é, agus ocras air féin, agus ar a raiḃ i n-aoinḟeaċt leis?
26Mar a ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Dé le linn an ṗríoṁṡagairt, Abiatar, agus dʼiṫ sé aráin na fiaḋnaise, nár ċeadṁaċ dʼaoinneaċ aċt do na sagairt an-iṫe,#Leiḃ. 24, 9. agus ṫug sé doʼn méid a ḃí i n-aoinḟeaċt leis?
27Agus duḃairt sé leo: Is ar son an duine a rinneaḋ an tsabóid, agus ní ar son na sabóide an duine.
28Ar an aḋḃar sin tá Mac an Duine ina ṫiġearna fiú ar an tsabóid.

Currently Selected:

Marcus 2: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Marcus 2