Agus an ḟaid do ḃíodar ag féacain go géar ar spéir neiṁe, agus é ag imṫeaċt, féaċ, do ḃí beirt ḟear agus éadaċ geal orṫa ’n‐a seasaṁ ’n‐a n‐aice; agus aduḃradar. A ḟeara Galiléanaċa, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ’n‐ḃúr seasaṁ ag aṁarc ar spéir neiṁe? an t‐Íosa so, atá tógṫa suas uaiḃ isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ, tiocfaiḋ sé ar an gcuma ċéadna agus ċonnaic siḃ é ag dul suas ar neaṁ.