Agus ṫáinig go h‐obann torann ó neaṁ mar ḃéaḋ cuaifeaċ gaoiṫe aintréine ann, agus do líon sé an teaċ ’n‐a raḃadar ’n‐a suiḋe. Agus do noċtaḋ ḋóiḃ mar ḃéaḋ teangṫaċa teineaḋ scoilte ó ċéile, do ṡuiḋ ar gaċ duine aca. Agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do ṫionnscnadar laḃairt as teangṫaċaiḃ éagsaṁla, de réir mar ṫug an Spiorad dóiḃ laḃairt.