Agus an ḟaid a ḃíodar ag féaċaint air agus é ag imṫeaċt suas an neaṁ, féaċ, ḃí beirt ḟear ’n-a seasaṁ ’n-a n-aice agus éadaċ geal orṫa, Agur duḃradar: A ḟeara Ġaililiaċa, cad ad áil liḃ i nḃúr seasaṁ ag féaċaint suas ċun neiṁe? Íosa so atá tógta suas ar neaṁ uaiḃ, tiocfaiḋ sé ar an gcuma gcéadna, fé mar a ċonacaḃair ag dul suas ar neaṁ é.