Agus d’ḟanaidís do ṫoil a ċéile sa teampul gaċ la, agus ag brise aráin ó ṫiġ go ṫiġ, do ċaiṫidís a gcuid bíḋ i n-áṫas agus i n-aoine croiḋe, Agus iad ag molaḋ Dé agus báiḋ ag na daoine go léir leó. Agus ḃí an Tiġearna, i n-aġaiḋ an lae, ag méadú na ḃuiḋne a ḃí le sáḃáil.