Is uime sin nár ṫuigeas gur ḃ’ḟiú mé mé féin do ḋul ag triall ort; aċ abair i ḃfocal é agus beiḋ mo ṡeirḃiseaċ slán. Óir is duine mise atá socair fé smaċt, agus tá fir fé smaċt agam; agus deirim le fear, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m’ṡeirḃíseaċ, Dein so, agus deineann sé é. Agus nuair a d’airiġ Íosa an méiḋ sin ḋein sé iongna ḋe, agus d’iompuiġ sé ċun na ndaoine a ḃí ’ġá leanṁaint, agus duḃairt sé leó: Go deiṁin a deirim liḃ, ní’l a leiṫéid sin de ċreideaṁ fáġalta agam i n-Israél féin.