Agus nuair a ṫuig an ḃean nár ċuaiḋ sí gan aiṫint, ṫáinig sí agus ċaiṫ sí í féin agá ċosaiḃ agus í ag criṫ, agus d’innis sí os cóṁair na ndaoine go léir cad é an ċúis n-ar ṫeangḃaiḋ sí leis, agus conus mar a leiġiseaḋ í láiṫreaċ. Agus duḃairt seisean léi: Do leiġis do ċreideaṁ ṫú, a ’nġean ó; imṫiġ leat i síoṫċáin.