Lúcás 8
8
CAIBIDIOL VIII.
Parabal an tsíl. An stoirm d’á ciúnú ag Críost. An legion deaṁan d’á gcur amaċ aige. An ġluaiseaċt fola d’á leiġeas, agus inġean Iaíruis d’á tógaint ón mbás aige.
1Agus do ṫárla, ’n-a ḋiaiḋ san, é féin a ḃeiṫ ag gaḃail tré ċaṫaraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ, ag seanmóin agus ag craoḃsgaoileaḋ ríġeaċta Dé agus an dáréag i n-aonḟeaċt leis. 2Agus raint ban a saoraḋ ó annspridíḃ agus ó ġalaraiḃ: Máire, ár a dtugtar Magdalén, n-ar imṫiġ; na seaċt ndeaṁain aisti, 3Agus Ióanna, bean Ċúsa, stíoḃard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag frioṫálaṁ air as a ngustal féin.
4Agus tráṫ d’á raiḃ sluaġ ana-ṁór cruinniġṫe, agus iad ag ruiṫ amaċ ag na caṫaraċaiḃ ag triall air, duḃairt sé, i ḃfuirm soluíde:
5Ċuaiḋ curadóir amaċ ag cur a ċod’ síl; agus nuair a ḃí sé ag cur an tsíl do ṫuit cuid de i n-aice an ḃóṫair; agus do gaḃaḋ do ċosaiḃ ann, agus d’iṫeadar éanlaiṫe an aeir é. 6Agus do ṫuit tuille ḋe ar an gcaraig; agus d’ḟeóċ sé sa ḃfás, mar ní raiḃ an úrṁaireaċt aige. 7Agus do ṫuit tuille ḋe ameasg na sgeaċ; agus d’ḟás na sgeaċa i n-aonḟeaċt leis, agus ṁúċadar é. 8Agus do ṫuit tuille de sa talaṁ fóġanta agus d’ḟás sé, agus ṫug sé toraḋ fó ċéad. Nuair a duḃairt sé an méid sin do laḃair sé árd: An t-é go ḃfuil cluasa le h-éisteaċt air cloiseaḋ sé.
9Agus d’ḟiafraiġ a ḋeisgiobuil de cad í an tsolúid í sin. 10Agus duḃairt sé leó: Do tugaḋ daoiḃ-se rúndiaṁar ríġeaċta Dé a ḋ’aiṫint; do’n ċuid eile, áṁṫaċ, i ḃfuirm soluídí, #Isáias 6:9; Gníoṁ. 28:26.i dtreó go ḃfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís.#8:10 Ver 10. go ḃfeicfidís agus ná feicfidís, (Feic an nóta, Marc. 4:12.) 11Sidí an tsoluíd. Isé briaṫar Dé an síol. 12An ċuid a ṫuiteann i n-aice an ḃóṫair, siniad na daoíne a ċloiseann, agus tagann an diaḃal ’n-a ḋiaiḋ san agus tógann sé an focal as a gcroiḋe, i dtreó ná creidfidís agus ná saorfaí iad. 13Agus an ċuid a ṫuiteann ar an gcaraig, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal le h-áṫas nuair airiġid siad é; aċ ní ḃíd na préaċa acu san; creidid siad ar feaḋ tamaill agus i n-am an ċaṫa téiġid siad ar gcúl. 14An ċuid áṁṫaċ, a ṫuit ameasg na sgeaċ, siniad an ṁuintir a d’airiġ an focal, aċ ag dul dóiḃ i ndiaiḋ cúraim agus saiḋḃris agus pléisiúir an tsaoġail múċtar iad agus ní ṫugaid siad toraḋ. 15Aċ an ċuid a ṫuiteann ar an dtalaṁ fóġanta, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal leis an ndeaġ-ċroiḋe is fearr nuair a ċloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toraḋ uaṫa le fadḟulang.
16Ní ḋeineann aoinne coinneal do lasaḋ agus í ċur fé ḃéal árṫaiġ nó fé leabaiḋ, aċ curtar ar ċoinnleóir í, i dtreó go ḃfeicfeaḋ na daoine a ṫagann isteaċ an solus. 17#Mait. 10:26; Marc. 4:22.Óir ní’l rud i ḃfolaċ ná noċtfar, ná rud fé ċeilt ná h-aiṫneófar agus ná tiocfaiḋ amaċ go h-osgailte. 18Féaċaiḋ, d’á ḃriġ sin, conus a ċloiseann siḃ. Óir an t-é go ḃfuil aige taḃarfar dó; agus an t-e ná fuil aige, tógfar uaiḋ gaċ a measann sé atá aige.
19Agus ṫáinig ċuige a ṁáṫair agus a ḃráiṫre, agus níor ḟéadadar teaċt ag triall air mar ġeall ar an sluaġ. 20Agus do h-innseaḋ dó: Tá do ṁáṫair agus do ḃráiṫre ’n-a seasaṁ amuiġ, agus ba ṁaiṫ leó ṫu d’ḟeisgint. 21Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt leó: An ṁuintir a ḋ’éisteann le briaṫar Dé agus a ḋeineann beart d’á réir, siniad mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre.
22Agus do ṫarla, lá de sna laeṫiḃ sin, go ndeaġaiḋ sé féin agus a ḋeisgiobuil ar bórd luinge, agus duḃairt sé leó: Téiġmís treasna an loċa. Agus ċuadar ar aġaiḋ. 23Agus an ḟaid a ḃíodar-san ag cur na slíġe ḋioḃ do ċuaiḋ seisean a ċodla. Agus ṫáinig stoirm gaoiṫe ar an loċ, agus ḃiodar d’á líonaḋ agus ḃíodar i gcontaḃairt. 24Agus ṫánadar ċuige agus ḋúisiġeadar é agus duḃradar: A Ṁáiġistir, tá an dár againn. Agus d’eiriġ sé agus do laḃair sé leis an ngaoiṫ agus leis na tonnaiḃ uisge, agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas. 25Agus duḃairt sé leó-san: Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Mar ḃí eagal orṫa agus iongna, agus iad ’ġá rád le n-a ċéile, Cad é mar ḋuine é seo, go smaċtuiġeann sé gaoṫ agus faraige agus go ndeinid siad rud air?
26Agus do ṡeóladar an long go tír na nGerasénaċ atá ar aġaiḋ Ġaililí anonn. 27Agus ċóṁ luaṫ agus ṫánadar i dtír do riṫ ċuige fear n-a raiḃ deaṁan ann ar feaḋ mórán aimsire, agus ní raiḃ éadaċ uime, ná ní ḟanaḋ sé i dtiġ, aċ ins na tuamaíḃ. 28Agus nuair a ċonaic sé Íosa do ċaiṫ sé é féin ar an dtalaṁ ’n-a láṫair agus do laḃair sé do ġuṫ árd: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic an Árd-Ḋia? Iarraim ort gan mé ṗianaḋ. 29Óir ḃí sé ’ġá órdú do’n annsprid teaċt amaċ as an nduine. Óir do ḃeireaḋ sé air go minic; agus do ceangailtí é le slaḃraiḃ agus le geiṁliḃ, agus do ḃriseaḋ sé na slaḃraí agus ċomáineaḋ an deaṁan amaċ fé’n ḃfásaċ é. 30Agus do ċeistiġ Íosa é agus duḃairt: Cad é an ainim atá ort? Agus duḃairt seisean: Leigión; mar ḃí mórán deaṁan tar éis dul isteaċ ann. 31Agus ḃíodar ’ġá iarraiḋ air gan a ḋ’órdú ḋóiḃ dul síos sa n-aiḃéis. 32Agus ḃí tréad mór muc sa n-áit agus iad ag inníor ar an sliaḃ, agus d’iarradar air leigint dóiḃ dul isteaċ ionta. Agus do leig. 33Ansan d’imṫiġ na deaṁain as an nduine agus ċuadar isteaċ ins na mucaiḃ, agus do ġluais an tréad, le buile, ar ṁullaċ a gcinn isteaċ sa loċ agus do báṫaḋ iad. 34Agus nuair ċonaic an luċt fosaiḋeaċta an níḋ a ṫárla, do riṫeadar agus d’innseadar, sa ċaṫair é agus ins na bailtiḃ. 35Agus ṫáinig ná daoine amaċ go ḃfeicfidís cad a ḃí tuitiṫe amaċ, agus ṫánadar ag triall ar Íosa; agus fuaradar, ’n-a ṡuiḋe ag cosaiḃ Íosa, ’n-a ġlan-ṁeaḃair agus éadaċ uime, an duine as ar imṫiġ na deaṁain, agus ḃí eagal orṫa. 36Agus an ṁuintir a ċonaic é d’innseadar dóiḃ conus a slánuiġeaḋ é ó’n leigión; 37Agus d’iarr pobul na nGerasénaċ go léir air imṫeaċt uaṫa, mar ḃí eagla ana-ṁór orṫa. Agus ċuaiḋ sé an bórd na luinge agus ṫáinig sé ṫar n-ais. 38Agus an fear gur imṫiġ na deaṁain ar d’iarr sé air leigint dó dul leis. Aċ do ċuir Íosa uaiḋ é, agus duḃairt sé leis: 39Imṫiġ ċun do ṫiġe féin agus innis na neiṫe móra atá déanta ag Dia ḋuit. Agus d’imṫiġ sé agus d’ḟógair sé tríd an gcaṫair go léir na neiṫe móra a ḋein Íosa ḋó.
40Agus do ṫárla, ar a ṫeaċt ṫar n-air d’Íosa, gur ġlac sluaġ ṁór é, mar ḃíodar go léir ag feiṫeaṁ leis. 41#Mait. 9:18; Marc. 5:22.Agus féaċ, ṫáinig ċuige fear dár ḃ’ ainim Iaírus, agus dob’ é uaċtarán na sinagóige é; agus do ċaiṫ sé é féin ag cosaiḃ Íosa ’ġa iarraiḋ air dul ċun a ṫiġe, 42Mar go raiḃ aon inġean aṁáin aige agus í tímpal ḋá ḃliain déag, agus go raiḃ sí ag dul ċun báis. Agus, ag dul ann dó, do ṫarla go raiḃ an tsluaġ ag brúṫ air.
43Agus ḃí bean áiriṫe a ḃí ag cailleaṁaint a cod’ fola ar feaḋ ḋá ḃliain déag roimis sin, agus go raiḃ a maoin saoġalta caillte aici le doċtúiríḃ agus é teipiṫe orṫa í leiġeas; 44Agus ṫainig sí ċuige, lastiar dé, agus ċuir sí a láṁ ar ḟaḃra a ḃrait, agus do stad an ḟuil láiṫreaċ bonn aici. 45Agus duḃairt Íosa: Cé h-é a ṫeangḃaiḋ liom? Agus do ṡéan gaċ aoinne, agus duḃairt Peadar agus an ṁuintir a ḃí i n’ḟoċair: A Máiġistir, tá an tsluaġ ag brúṫ ort agus at’ ċiapaḋ, agus a’ ndeirir, Cé h-é a ṫeangḃaiḋ liom? 46Agus duḃairt Íosa: Do ṫeangḃaiḋ duine éigin liom; óir is eól dóṁ-sa go ndeaġaiḋ cóṁaċt amaċ uaim. 47Agus nuair a ṫuig an ḃean nár ċuaiḋ sí gan aiṫint, ṫáinig sí agus ċaiṫ sí í féin agá ċosaiḃ agus í ag criṫ, agus d’innis sí os cóṁair na ndaoine go léir cad é an ċúis n-ar ṫeangḃaiḋ sí leis, agus conus mar a leiġiseaḋ í láiṫreaċ. 48Agus duḃairt seisean léi: Do leiġis do ċreideaṁ ṫú, a ’nġean ó; imṫiġ leat i síoṫċáin.
49Agus é ag ráḋ na cainte sin ṫáinig duine ċun uaċtarain na sinagóige agus duḃairt sé leis: Tá t’inġean ṫar éis ḃáis, ná bí ’ġá ċur ċun trioblóide. 50Agus d’airiġ Íosa an focal agus duḃairt sé le h-aṫair an ċailín: Ná bíoḋ eagal ort: creid aṁáin, agus beiḋ sí slán. 51Agus nuair a ṡrois sé an tiġ níor leig sé aoinne isteaċ i n-aonḟeaċt leir aċ Peadar agus Séamus agus Eóin, agus aṫair agus máṫair an ċailín. 52Agus ḃí na daoine go léir ag gol agus ag caoi ’n-a diaiḋ. Agus duḃairt sé leó: Ná bíḋiḋ ag gol; ní marḃ atá an cailín, aċ ’n-a codla. 53Agus ḃíodar ag gáirí uime, mar ḃí ḟios acu í ḃeiṫ marḃ. 54Aċ do rug sé féin an láiṁ uirṫi, agus do laḃair sé do ġuṫ árd agus duḃairt: A ċailín, eiriġ. 55Agus ṫáinig a h-anam ṫar n-ais, agus d’eiriġ sí láiṫreaċ. Agus duḃairt sé rud le n-iṫe ṫaḃairt di. 56Águs ḃí sgárd ar a h-aṫair agus ar a máṫair; aċ duḃairt sé leó gan a ḋ’innsint d’aoinne cad a ḃí tuitiṫe amaċ.
Currently Selected:
Lúcás 8: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.