Ann sin a duḃairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do ċróiḋe do ḋéunaṁ bréige leis an Spiorad Náoṁ, agus do ċungḃáil coda éigin do lúaċ an ḟearuinn go foluiḋṫeaċ? A né nár leaċd féin é dá gcongaḃṫa é, agus an é naċ raiḃ sé ad ċúṁaċdaiḃ féin, íar na reic? créd far smúain tú a ní so ad ċróiḋe? ní lé dáoiniḃ do rinne tú brég, aċd ré Día. Agus ar gcloinsin na mbríaṫarsa Dananías, do ṫuit sé síos, agus do ċúaiḋ a anam as: agus do ḃí eagla ṁór ar gaċ duine ḋá ccúaluiḋ na neiṫe so.