YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 5

5
Caibidil V
Bás úaṫḃasaċ Ananías agus Ṡaṗírah arson ċealgoireaċt, 33 agus na heasbuil, a mbuóġul báis ar son na firinne, do ṡáoraḋ iad tre ċoṁairle Ġamaliel.
1Agus do reac fear áiriġe dar ḃainm Ananías, maille ré na ṁnáoi Saṗira, fearann do ḃí ann a ṡeilḃ, 2Agus do ċonnaiṁ aige go folaiġṫeaċ cuid dá lúaċ, go ḃfios da ṁnáoi, agus ar dtaḃairt ċoda éigin ris, do ċuir sé ag cosaḋ na nabsdal é, 3Ann sin a duḃairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do ċróiḋe do ḋéunaṁ bréige leis an Spiorad Náoṁ, agus do ċungḃáil coda éigin do lúaċ an ḟearuinn go foluiḋṫeaċ? 4A né nár leaċd féin é dá gcongaḃṫa é, agus an é naċ raiḃ sé ad ċúṁaċdaiḃ féin, íar na reic? créd far smúain tú a ní so ad ċróiḋe? ní lé dáoiniḃ do rinne tú brég, aċd ré Día. 5Agus ar gcloinsin na mbríaṫarsa Dananías, do ṫuit sé síos, agus do ċúaiḋ a anam as: agus do ḃí eagla ṁór ar gaċ duine ḋá ccúaluiḋ na neiṫe so. 6Agus ar éirġe do na hóganaiḃ, rugadar air, agus ar ná iomċor ḋóiḃ daḋlacadar é.
7Agus tárla a dtimċeall ṫrí núair na ḋiáiġ sin, go dtáinig a ḃean a steaċ, gan fios an neiṫe do rinneaḋ aice. 8Agus a duḃairt Peadar ría, Innis daṁ an ar a noiread so do reacaḃair an fearánn? agus a duḃairt sise, Seaḋ, air a noiread sin. 9Ann sin a duḃairt Peadar ría, Créud fár ċoṁáontuiġ siḃ caṫuġaḋ do ċur ar Spioruid an Tiġearna? féuċ, atáid cosa na muinntire daḋluic ṫfear ag an doras, agus béuruid síad ṫúsa ríu. 10Agus ar a núairsin féin do ṫuit sise agá ċosaiḃ, agus do ċúaiġ a spiorad aisde: agus ar dteaċd a steaċ do na hogánuiḃ, fúaradar marḃ í, agus ar na breiṫ leó, daḋluiceadar í a naice a fir. 11Agus do ḃí eagla ṁór air a neagluis uile, agus ar na huile ḋáoiniḃ do ċúalaḋ na neiṫe so.
12Agus do niṫí mórán do ċoṁarṫaḋaiḃ agus do ṁíorḃailiḃ, tré láṁuiḃ na nabsdal a measg an ṗobail; agus do ḃídis uile déantoil a bpóirse Ṡolaiṁ. 13Aċd don druing eile níor laṁ éainneaċ aca greamuġaḋ léo: giḋeaḋ do ḃí meas mór ag an ṗobal orrṫa. 14Aċd is móide do ṁéidaiġ an úiṁir ḟear agus ḃan, do ċreid don Tiġearna. 15Ionnus go nioṁċraidís amaċ fá na sráidiḃ na daoine éugcruáiḋe, agus go gcuirdís ar peapaċuiḃ íad, ionnus ag teaċd do Ṗeadar go gcuirfeaḋ a sgáile aṁáin sgáile ar neaċ éigin díoḃ. 16Agus do ṫígdís morán a gceann a ċéile as na caiṫreaċaiḃ timċeall go Hiárusalem, ag taḃairt ḋáoine éagcrúaiḋe, agus búaiḋearṫa ó spioradaiḃ neaṁġlana ríu; noċ do slánuiġṫi uile.
17Aċd ar néirġe súas don nárdṡagart, agus gaċ a raiḃ na ḟoċair, (mar atá airiceaċd na Saducíneaċ,) do líonaḋ do ṫnúḋ íad. 18Agus do ċuíreadar a láṁa sna habsdalaiḃ, agus do ċuireadar sa bpríosún ċoitċeann íad. 19Aċd dfosgail aingeal an Tiġearna sa noíḋċe dóirse an ṗriosúin, agus ar na dtreóruġaḋ amaċ, a duḃairt sé, 20Imṫiġiḋ róṁaiḃ, agus ar seasaṁ sa teampall dáoiḃ laḃruiḋ ris an bpobal na huile ḃríaṫra na beaṫasa. 21Agus ar na ċloinsin ḋóiḃsean, do ċúadar a steaċ don teampall go móċ ar maidin, agus do ṫeaguisgeadar. Aċd ar dteaċd don árdṡagart, agus don druing do ḃí na ḟoċair, do ġoireadar cóṁairle, agus sinnsir ċloinne Israél uile a gceann a ċéile, agus do ċuíreadar teaċda ar a gceannsan ċum an ṗríosúin. 22Agus ar dteaċd do na máoruiḃ, ní ḟúaradar iadsan sa bpríosún, agus ar ḃfilleaḋ ḋóiḃ, dinniseadar sin, 23Ag raḋ, Fúaramar go deiṁin an príosún dúnta go dúṫraċdaċ, agus an luċd coiṁéuda na seasaṁ a muiġ as coṁair na ndoírrseaḋ: aċd ar nosglaḋ ḋúinn, ní ḟúaramar áonduine a stiġ. 24Agus ar gclós na mbríaṫarsa do nárdṡagart agus dúaċdarán an teampuill agus dúaċdaránaiḃ na sagart, do ḃí conntaḃairt aca na dtimpċeallsan créud do ṫiocfaḋ as so.
25Aċd ar dteaċd do neaċ áiriġe dinnis sé ḋoiḃ, ag ráḋ, Féuċ, na fir do ċuireaḃair a bpríosún atáid síad na seasaṁ sa teampall, agus ag teagusg an ṗobail. 26Ann sin ar nimṫeaċd don ċaiptín maille ris na máoruiḃ, tug sé leis íad gan ċoiṁéigneaḋ: oír do ḃí eagla an ṗobail orṫa, go ngéuḃaidís do ċloċaiḃ orrṫa. 27Ar a naḋḃarsin tar éis íad ḋá dtaḃairt leó, do ċuireadar a ḃfiaḋnuise na cóṁairle íad, agus dfiafruiġ an tárdsagart díoḃ, 28Ag ráḋ, A né nar áiṫneamairne go róḋiṫċeallaċ ḋíḃ gan teagusg do ḋéunaṁ sa nainmse? Agus, féuċ, do líonaḃair Ierusalem le ḃur dteasusg, agus as mían liḃ fuil an duinese do ṫairruing oruinne.
29Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar agus do na habsdaluiḃ a duḃradar, Is mó is éigin úṁluġaḋ do Ḋía, ná do ḋáoiniḃ. 30Do ṫóg Día ar naiṫreaċne Iósa súas, noċ do ṁarḃaḃairse ar na ċroċaḋ a gcrann. 31Do ṫóg Día re na láiṁ ḋeis féin é só súas na Ṗríonnsa agus na Ṡlánaiġṫeoir, do ṫaḃairt aiṫriġe, agus maiṫṁeaċais na bpeacaḋ Disraél. 32Agus atámáoidne ar ḃríaḋnuisiḃ ḋó ar na neíṫiḃse a deirmíd; agus maran gcéudna an Spiorad Náoṁ, nóċ ṫug Día dón druing úṁlaiġeas dó. 33Agus ar gclós na neíṫeaḋsa ḋóiḃseab, do ḃádar air a ngearraḋ, agus do rinneadar cóṁairle íadsan do ṁarḃaḋ.
34Aċd ar néirġe súas Dfairisíneaċ áiriġe, sa gcóṁairle, dár ḃainm Gamáliel, doctúr dlíġe, do ḃí fá ċion ag an bpobal uile, daiṫin sé na habsdail ċur amaċ ar feaḋ tamuill; 35Agus a duḃairt sé ríu, A ḟiora Israél, taḃraiḋ ḃur naire riḃ féin créd do ḋéuntáoi a dtáoḃ na muinntirese. 36Oír roiṁe a naimsirse déirġe Teúdas súas, ag ráḋ, Go maḋ neaċ éigin mór é féin; lérċeangail úiḃir ḋáoine, a dtimċeall ċeiṫre gcéud: noċ do marḃaḋ: agus an ṁéid dáontuiġ ḋó, do spréaġaḋ, agus do ċuireaḋ a neimbríġ íad. 37Tar éis an ḟirse déirġe Iúdás an Galileánaċ súas a laéṫiḃ an dáoirċíosa, agus do ṫarruing sé mórán dón ṗóbal ċuige féin: agus do sgriosgaḋ an fearsa fós; agus do spréaġaḋ uile, an ṁéid tug a náonta ḋó. 38Agus a deirim riḃ a nois, Seaċnuiḋ siḃ féin ar an muinntirse, agus léigiḋ ḋóiḃ: oír más ó ḋáoiniḃ ṫig an ċóṁairle nó a nóbairse, cuirfiġṫear a neimbríġ é. 39Aċd mas ó Ḋía ṫig sé, ní héidir liḃ a ċur a neimbríġ; air eagla go ḃfuiġṫí ag troid a naġaiḋ Dé siḃ. 40Agus do áontuiġeadar ḋo: agus ar ngairm na nabsdal dóiḃ, agus ar ngaḃáil orṫa, tugadar fogra ḋóiḃ gan laḃairt a nainm Iósa, agus do léigeadar úaṫa íad.
41Ar a naḋḃarsin do imṫiġeadar san go lúaṫġáireaċ as aṁarc na cóṁairle, do ḃríġ gur measaḋ gur ḃfíu íad easonóir dfulang ar son anma Iósa. 42Agus gaċ lá sa teampall, agus ó ṫiġ go tiġ, níor sguireadar do ḃeiṫ ag teagasg agus ag seanmóruġaḋ Iósa Ċríosd.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 5: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníoṁarṫa 5