Gníoṁarṫa 6
6
Caibidil VI
Seaċt deaċanna ar na ndtoġa, 5 dar díoḃ Steṗanus.
1Agus an sna laéṫiḃsin, ag méuduġaḋ úiḃir na deisciobluiḃ, déiriġ monṁur na Ngréugaċ a naġaiḋ na Neaḃruiġeaċ, do ḃríġ go ttugṫáoi neíṁċion air a mbaintraḃaċuiḃ sa miniosdrálaċd laéṫeaṁuil. 2Uime sin ar ngairm iomuid do na deisciobluiḃ a gceann a ċéile don dá ḟear ḋéug, a duḃradar, Ní hiomċuḃuiġe ḋúinne briaṫar Dé gfágḃáil do ċum na mbórd do ḟrioṫólaṁ. 3Ar a naḋḃarsín, a ḋeartḃraiṫreaċa, féuċaiḋ amaċ ḃur measg féin mórṡeisear do ḋáoiniḃ deaġṫeasda, lán don Spioruid Náoṁ agus deagna, noċ do ċuirfeam a dtimċeal na hóibreise. 4Agus bíaḋmaidne go cóṁnuiġṫeaċ a nurnuiġe, agus a miniosdrálaċd na bréiṫre. 5Agus dáontuiġeadar an coṁlúadar uile don ráḋ so: agus do ṫóġadar Steaṗán, fear lán do ċreideaṁ agus don Spíoruid Naoṁ, agus Ṗilip, agus Procórus, agus Nícánor, agus Tímon, agus Parménas, agus Nicolás neaċ ó Aintióċia do ċeanguil é féin don neagluis: 6Do ċuireadar íad so a ḃfíaḋnuise na nabsdal: agus ar ndéunaṁ urnuiġe ḋóiḃsean, do ċuireadar a láṁa orrṫa. 7Agus dfás bríaṫar Dé; agus do ṁéudaiġ úiḃir na ndeisciobal go roṁór a Niarusalém; agus dúṁluiḋ cuid ṁór do na ságartaiḃ don ċreideaṁ. 8Aċd Steaṗán, lan do ċreideaṁ agus do ċúṁaċdaiḃ, do rinne sé miorḃuile agus cóṁarṫaḋa móra a measg an ṗobail.
9Agus déirġeadar súas dream áiriġe don tsinagóig, dar ab ainm Sionagóg na libertiniġ, agus na Cirenianaċ, agus luċd Alecsandria, agus Cilícia agus na Hásia, ag diosbóraċd lé Steaṗán. 10Aċd níor ḃféidir leó cur a naġaiḋ na heagna agus na spioraide tré ar laḃair sé. 11An sin tugadar a steaċ dream airiġe, noċ a duḃairt, do ċúalamar féin é ag laḃairt ḃríaṫra masluiġeaċa a naġaiḋ Ṁáoise, agus Dé. 12Agus do ḃogadar an pobal, agus na sinnsir, agus na sgriobuiḋe, agus ag cur ċuige, rugadar air, agus tugadar leó ċum na coṁairle é, 13Agus do ċuireadar amaċ fiaḋnuiseaḋa bréugaċa, noċ a duḃairt, Ní sguireann an fearso dá ḃeiṫ ag laḃairt ḃríaṫra masluiġeaċa a naġaiḋ na háite náoṁṫasa, agus an reaċda: 14Oír do ċúalamar é ag ráḋ, Go sgriosfaiḋ Iósa Násarrḋaso a naitse, agus go niompoċaiḋ sé na hórduiġṫe tug Máoise ḋúinne. 15Agus gaċ a raíḃ na suíḋe sa ccóṁairle, ag féuċuinn go frioċnaṁaċ airsion, do ċunncadar a aġaiḋ mar aġaiḋ aingil.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 6: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.