A nuáir laiḃeórus Ṗárao riḃ, ag ráḋ, Taisbeanuiḋ míorḃuile ar ḃur son fein: ann sin déara tusa ré Háaron, Glac do ṡlat agus teilg a ḃfiaġnuisi Ṗárao í, agus do ḋéantar naṫair niṁe ḋi.
Agus do ċuáiḋ Maóisi agus Aaron a steaċ go Ṗárao, agus do rinneadar mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋíoḃ: agus do ṫeilg Aáron a ṡlat sios a laṫair Ṗárao, agus a laṫair a ṁuinntire, agus do rinneaḋ naṫair niṁe ḋi.