Exodus 7
7
Caibidil VII.
Céud ṗláġ na Hegipte.
1Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóisi, Féuċ, do rinne mé Día ḋíot do Ṗárao: agus biáiḋ do ḋearḃraṫair Aáron na ḟáiḋ agad.
2Laiḃeóra tú gaċ uile ní aiṫeónuis misi ḋíot; agus laḃeóruiḋ Aáron do ḋearḃraṫair ré Ṗárao, clann Israel do ċur as a ḋuṫaiġ.
3Agus cruáiḋeóċuiḋ misi croiḋe Ṗárao, agus diomadeoċúiġ mé mo ċoṁarṫuiġe, agus mo ṁíorḃuileaḋ a gcríċ na Hégipte.
4Aċ ní éisdfiḋ Ṗárao riḃsi, ar ċor go leagfa misi mo láṁ ar a Négipt, agus go ttiuḃra mé mó ṡlúaġ, agus mo ṗobal clann Israel, amaċ as críċ na Hégipte, le breiṫeaṁnusuiḃ móra.
5Agus aiṫeónuid na Hégiptiġ gur mé an TIĠEARNA, a nuáir ṡínfeas mé amaċ mo láṁ ar a Négipt, agus ḃéurus mé clann Israel ó ḃeiġ na measg.
6Agus do rinne Maóisi, agus Aáron mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋíoḃ, is mar sin do rinneadar.
7Agus do ḃí Maóise ceiṫre fiċid blíaḋan dáois, agus Aáron trí blíaḋna agus ceiṫre fiċid, a nuáir do laḃradur ré Ṗárao.
8Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóisi, agus ré Háaron, ag raḋ,
9A nuáir laiḃeórus Ṗárao riḃ, ag ráḋ, Taisbeanuiḋ míorḃuile ar ḃur son fein: ann sin déara tusa ré Háaron, Glac do ṡlat agus teilg a ḃfiaġnuisi Ṗárao í, agus do ḋéantar naṫair niṁe ḋi.
10Agus do ċuáiḋ Maóisi agus Aaron a steaċ go Ṗárao, agus do rinneadar mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋíoḃ: agus do ṫeilg Aáron a ṡlat sios a laṫair Ṗárao, agus a laṫair a ṁuinntire, agus do rinneaḋ naṫair niṁe ḋi.
11Ann sin do ġoir Ṗárao mar an gcéadna na dáoine glíoca, agus na bpiséogáiḃ: a nois dráoiṫe na Hégipte, do rinneadursan fós ar an moḋ céadna le na ndroiġeaċduiḃ.
12Oír do ṫeilgeadar síos gaċ áonduine aca a ṡlat, agus do rinneaḋ naiṫreaċa niṁe ḋíoḃ: aċ do ṡluig slat Aaron súas a slatasan.
13Agus do ċruáiḋiġ sé croiḋe Ṗárao, go nár éisd sé ríu; fá mar a duḃairt an TIĠEARNA.
14Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Do cruáiḋeaḋ croiḋe Ṗárao, do ḋíult sé léigion don ṗobal imṫeaċd.
15Eiriġ a ccionn Ṗárao ar maidin; féuċ, raċuiḋ sé amaċ ċum a nuisge; agus seasfa tusa ar ḃrúaċ na haḃanna ag fuireaċ ré na ṫeaċd; agus an tslat dá ndéarnaḋ a naiṫir niṁe, glacfá tú ad laiṁ í.
16Agus déara tú ris, Do ċuir an TIĠEARNA Día na Neaḃruiḋeaċ misi ċugad, dá ráḋ, Léig dom ṗobal imṫeaċd, do ḋéanaṁ serḃíse ḋaṁsa san ḃfásaċ: agus, féuċ, go nuige so níor áil leaċd méisdeaċd.
17Mar so a deir an TIĠEARNA, Ann so aiṫeónus tú gur misi an TIĠEARNA: féuċ, buáilfe mé leis an tslait atá am láiṁ, ar na huisgiḋiḃ atá sa naḃuinn, agus iompóċṫar íad a ḃfuil.
18Agus do ġeaḃuiḋ an tíasg atá sa naḃuinn bás, agus bréanfuiḋ a naḃann; agus buḋ glonṁaraċ leis na Hégiptiḃ uisge na haḃanna dól.
19Agus do ráiḋ an TIĠEARNA re Maóisi, Abair ré Háaron, glac do ṡlat, agus sín amaċ do láṁ ar uisgiḋiḃ na Hégipte, ar a sroṫuiḃ, ar a naiḃniḃ, ar a loċánuiḃ, agus ar a nuile ċoṁċruinniuġaḋ uisge, go ndéarntar fuil díoḃ; agus go mbía fuil ar feaḋ ċríċe na Hegipte uile, aráon a soiṫiġiḃ Aḋmuid, agus a soiṫiġiḃ cloiċe.
20Agus do rinne Maóisi agus Aaron mar sin, mar do aiṫin an TIĠEARNA, agus do ṫóg sé suas an tslat, agus do ḃuáil na huisgiḋe, do ḃí sa naḃuinn a raḋarc Ṗárao, agus a raḋarc a ṡerḃíseaċ: agus do hiompóiġeaḋ a raiḃ duisge sa naḃuinn a ḃfuil.
21Agus do fúair an tíasg do ḃi sa naḃuinn bás, agus do ḃréun a naḃann, agus níor ḟéadadar na Hégiptiġ uisge na haḃanna dól: agus do ḃí fuíl ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile.
22Agus do rinneadar dráoiṫe na Hégipte sin lé na ndroiġeaċduiḃ; agus do cruáiḋeaḋ croiḋe Ṗárao, agus níor uṁluiġ sé ḋóiḃ; fá mar a duḃairt an TIĠEARNA.
23Agus do ḟill Ṗárao, agus do ċuáiḋ ḋá ṫiġ, ní mó do ċuir se a ċroiḋe leis sin mar an ccéadna.
24Agus do ṫoċladar na Hégiptiġ uile fá gcuáirt na haḃanna, dfaġail uisge rén ól; óir níor ḟéadadar uisge na haḃanna dól.
25Agus do coiṁlíonaḋ seaċd lá, tar éis an TIĠEARNA do ḃúalaḋ na haḃanna.
Currently Selected:
Exodus 7: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.