1
Ṁaṫa 16:24
An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
BedellG
A duḃairt Iósa an tansin ré na ḋeisciobluiḃ, Más áill le neaċ teaċd am ḋiaġsi, díultaḋ sé ḋó fein, agus tóġaḋ sé a ċros, agus leanaḋ se misi.
Compare
Explore Ṁaṫa 16:24
2
Ṁaṫa 16:18
Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi ṫóigeaḃus misi méagluis féin; agus naċ béaruid geatuiḋe ifeirn búaiḋ uirrṫe.
Explore Ṁaṫa 16:18
3
Ṁaṫa 16:19
Agus do ḃéara me ḋuit eoċraċa na ríoġaċda neaṁḋa: agus gioḋ bé ní ċeingéolus tú ar talaṁ biáiḋ sé ceanguilte ar neaṁ: agus gioḋ bé ní sgáoilfeas tú ar talaṁ, biáiḋ sé sgáoilte ar neaṁ.
Explore Ṁaṫa 16:19
4
Ṁaṫa 16:25
Oír giḋ bé neaċ lé nab mían a anam féin do ċuṁdaċ caillfiḋ sé é: agus giḋ bé neaċ ċaillfeas a anam arm o ṡonsa do ġeaḃa sé é.
Explore Ṁaṫa 16:25
5
Ṁaṫa 16:26
Oír créd é a ṫarḃa do ḋuine, da ngnoḋuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus a anam féin do leígean a muġa? No créd í an ṁalairt do ḃeuraḋ duine ar son anma féin.
Explore Ṁaṫa 16:26
6
Ṁaṫa 16:15-16
A deir seisean ríu, Aċd créd a deir siḃsi cía mé? Agus ar ḃfreagra do Ṡímón Peadar a duḃairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé ḃí.
Explore Ṁaṫa 16:15-16
7
Ṁaṫa 16:17
Agus ar ḃfreagra Diósa an tráṫsin a duḃairt sé ris: As beannuiġṫe ṫú, a Ṡímoin ṁic Ióna: óir ní féoil ná fuil do ḟoillsiġ sin duit, aċd Maṫairsi a tá air neaṁ.
Explore Ṁaṫa 16:17