Ṁaṫa 16
16
Caibidil XVI
Droċ ṫeagasc na Bparisineaċ, inṡeaċanta; 16 adṁail ġlórṁar Ṗeadair; 24 agus gu bfuil dḟiaċaiḃar luċt leanṁuin Ċríosd an nainṁain do ċrosaḋ.
1Agus ag teaċd do na Ṗarisineaċaiḃ agus do na Sadduiċíneaċuiḃ, a cur caṫuiġṫe air do iárradar air coṁarṫa do ṫaisbéanaḋ ó neaṁ ḋóiḃ. 2Agus ar ḃfreaga ḋósan a duḃairt sé ríu, An tráṫ ṫig deireaḋ an láoi, a dearṫáoi, Bíaiḋ sé na ṡoininn: óir a tá an taiér dearg. 3Agus ar maidin, bíaiḋ droċaimsear ann a níu: oír a tá an taier ag deargaḋ agus ag dorċuġaḋ. A luċd an ḟúarċráḃaiġ, is éol dáoiḃ gnúis a naier do ḃreaṫnuġaḋ; aċd a né naċ édir liḃ coṁarṫuiḋe na naimsearaċ do ṫuigsin? 4Iárraiḋ an droiċċineaḋ aḋaltrannaċ coṁarṫa; agus ní tioḃarṫar coṁarṫa ḋó, aċd coṁarṫa Iónás an fáiḋ, agus ar ndealuġaḋ ríu, do imṫiġ sé. 5Agus an tráṫ ṫangadar a ḋeisciobail a dtir ann sa ṗort ṫall, do ḋearmadar arán do ḃreiṫ léo.
6Agus a duḃairt Iosa ríu, Taḃruiḋ dá ḃur naire agus coiṁheaduiġ siḃ ó laiḃín na Ḃṗairisíneaċ agus na Saduiċineaċ. 7Agus do ṫagradarsin eatorra féin, ag ráḋ, Is ar son naċ dtugamar arán linn. 8Agus ar an ṫuigsin sin Diósa, a duḃairt sé ríu, O luċd an ċreidiṁ ḃig, créd fá a dtagarṫáoi eadraiḃ féin, gur ab ar son naċ dtugaḃair arán liḃ? 9A né naċ dtuígṫí fós, no naċ ccuiṁniġṫí na cúig aráin na gcúig ṁíle fear, agus ga ṁéd clíaḃ do ṫógaḃair? 10Nó na seaċd naráin na gceiṫre ṁíle fear, agus ga ṁéd clíaḃ do ṫógaḃair? 11Cionnas naċ ttuigṫí naċ a dtimċeall aráin a duḃairt mé riḃ, ḃur naire do ṫaḃairt ḋáoiḃ ar laiḃin na Ḃṗairisíneaċ, agus na Saduiċineaċ? 12Ann sin do ṫuigiodar cionnas naċ díarraḋ orra aire do ṫaḃairt dóiḃ ar loiḃín an aráin, aċd ar ṫeagasc na Ḃṗairisineaċ, agus na Saduiċineaċ.
13Agus ar dteaċd Diósa go críoċaiḃ Ṡesárea Ṗilippí, do ḟíafruiḋ sé dá ḋeisciobluiḃ, ag ráḋ, Créd a deir na dáoine, cía misi Mac an duine? 14Agus a duḃradarsan, A deirid cuid ḋíoḃ gur ab tú Eóin Baisde: agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, Ieremias, nó áon do na faiḋiḃ. 15A deir seisean ríu, Aċd créd a deir siḃsi cía mé?
16Agus ar ḃfreagra do Ṡímón Peadar a duḃairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé ḃí. 17Agus ar ḃfreagra Diósa an tráṫsin a duḃairt sé ris: As beannuiġṫe ṫú, a Ṡímoin ṁic Ióna: óir ní féoil ná fuil do ḟoillsiġ sin duit, aċd Maṫairsi a tá air neaṁ. 18Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi ṫóigeaḃus misi méagluis féin; agus naċ béaruid geatuiḋe ifeirn búaiḋ uirrṫe. 19Agus do ḃéara me ḋuit eoċraċa na ríoġaċda neaṁḋa: agus gioḋ bé ní ċeingéolus tú ar talaṁ biáiḋ sé ceanguilte ar neaṁ: agus gioḋ bé ní sgáoilfeas tú ar talaṁ, biáiḋ sé sgáoilte ar neaṁ. 20Ann sin do aiṫin sé dá ḋeisciobluiḃ gan innisin déin neaċ gur ḃé féin Iósa Criosd.
21O a núairsin amaċ do ṫionnsgain Iosa a ḟoillseaġaḋ ḋá ḋeisciobluiḃ, gur ab éigin dó ḋul go Híarusaleim, agus mórán dfulang ó na seinnsearuiḃ agus ó úaċdaránaiḃ na sagart agus ó na sgriobuiḋiḃ, agus bás dfulang, agus eiséirġe an treas lá. 22Aċd do ġaḃ Peadar é, agus do ṫionnsgain sé aċṁusan do ṫaḃairt dó, ag ráḋ, A ḃfad uaidse sin, a Ṫiġearna: ní ṫeigeoṁa so ḋuitse. 23Aċd ar gcasaḋ ḋósan, a duḃairt sé ré Peadar, Imṫiġ am ḋiaiġ, a Ṡátain: is scannail ḋaṁ ṫú: oir ní ṫuigeann tú na neiṫe ḃeanas ré Diá, aċd na neiṫe ḃeanas ré dáoiniḃ.
24A duḃairt Iósa an tansin ré na ḋeisciobluiḃ, Más áill le neaċ teaċd am ḋiaġsi, díultaḋ sé ḋó fein, agus tóġaḋ sé a ċros, agus leanaḋ se misi. 25Oír giḋ bé neaċ lé nab mían a anam féin do ċuṁdaċ caillfiḋ sé é: agus giḋ bé neaċ ċaillfeas a anam arm o ṡonsa do ġeaḃa sé é. 26Oír créd é a ṫarḃa do ḋuine, da ngnoḋuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus a anam féin do leígean a muġa? No créd í an ṁalairt do ḃeuraḋ duine ar son anma féin. 27Oír tiocfuiḋ Mac an duine a nglóir a Aṫar féin maille lé na aingliḃ; agus do ḃéara sé an tráṫsin dá gaċ neaċ do réir a ġnioṁarṫa. 28Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil cuid do luċd a tá na seasaṁ ann so, naċ blaisfiḋ bás, no go ḃfaicid Mac an duine ag teaċd ann a rioġaċd féin.
Currently Selected:
Ṁaṫa 16: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.