Ṁaṫa 17
17
Caibidil XVII
Aṫruġaḋ agus deallruġaḋ cruṫ Ċríosd. 22 A ṫairrgir um a ċeasaḋ. 24 Agus iocaḋ an ċanucais.
1Agus a gcionn sé lá beiriḋ Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin a ḋearḃráṫair, agus tréoruiġiḋ sé íad ar leiṫ go slíaḃ árd, 2Agus do háṫruiġeaḋ a ċruṫ an a ḃfiadnuisi: agus do ḋeallruiġ a aġuiḋ mar an ngréin, agus do rinneaḋ a éuduiġe geal mar an solas. 3Agus, féuċ, do taiḋḃriġeaḋ ḋóiḃ Máoise, agus Elías, a ccoṁráḋ ris. 4Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar, a duḃairt sé ré Híosa, A Ṫiġearna, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ ann so: mas áil leaċd, déanam trí boṫa ann so; boṫ ḋuitsi, boṫ so Ṁáoisi, agus boṫ Delías. 5Suil do sguir seisean do laḃairt, féuċ, do ṫeilg néull soillseaċ sgáile orrṫa: agus feuċ táinic guṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so an Mac gráḋaċ úd agamsa, an a ḃfuil mo ṫoil ṁaiṫe; Eisdiġ ris. 6Agus an tráṫ do ċúaladar na deisgiobuil so, do ṫuiteadar air a naġuiḋ, agus do ġaḃ eagla roṁór íad. 7Agus ar dteaċd Diósa do ḃean sé ríu, agus a duḃairt sé, Eirġiḋ, agus na bíoḋ eagla oruiḃ. 8Agus ar dtogḃáil a súl dóiḃ, ni ḟacadar éin neaċ, aċd Iósa na áonar.
9Agus an tráṫ ṫangadar a núas do tslíaḃ, do aiṫin Iósa ḋióḃ, ag raḋ, Na hinnisiḋ déinneaċ an ní do taiḋḃriḋeaḋ ḋáoiḃ, no go néirġe Man an duine ó ṁarḃaiḃ. 10Agus do ḟiafruiġeadar a ḋeisciobail ḋeisean, ag ráḋ, Maseaḋ cred fa a nabruid na sgrioḃuiḋe gur ab éigin Elías do ṫeaċd air tús? 11Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt se ríu, Tiocfuiḋ Elías go fírrinneaċ ar tús, agus aiseoguiḋ sé gaċ éin ní. 12Aċd a deirimsi riḃ, go dtáinic Elías ċeana, agus naċ ar aiṫniġeadar é, aċd go ndearnadar a dtoil féin ris. Is mar sin ḟuiléongas Mac an duine mar an gcéadna úaṫa. 13Do ṫuigeadar na deisciobuil ann sin gur ab a dtimċeall Eóin Baisde do laḃair sé riú.
14Agus an tan tangadar a gceann an ċoimṫionóil, do ċuáiḋ neaċ airiġe ċuige, ag slénċduin ar a ġlúiniḃ ḋó, agus ag ráḋ, 15A Ṫiġearna, déana trocaire ar mo ṁac: oi ḃíḋ sé tinn lé goin an ré agus is mor dolc ḟuilngeas sé: óir tuitiḋ sé a dteiniḋ go minic, agus a nuisge go minic. 16Agus do ṫairg mé dod ḋeisciobluiḃsi é, agus níor ḟéadadar a leiġeas. 17Agus ar ḃfreagra Diosa a duḃairt sé, A ċineaḋ dóṫeaguisg gan ċreideaṁ, gá fad fós ḃías mé ḃur ḃfoċair? gá fad fos ḟuiléongas mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa ann so é. 18Agus do spreag Iósa an deaṁan; agus do imṫiġ sé as: agus do ḃí an leanaḃ slán ó núairsin a maċ.
19Ar dteaċd do na deisciobluiḃ ċum Iósa an tráṫsin fa leiṫ, a duḃradar, Créd é an fáṫ naċ ar ḟéadamáirne súd do ṫeilgean a máċ? 20Agus a duḃairt Iósa riú, Ar son ḃur míċreidiṁ: oir a deirim riḃ go fírinneaċ, Dá mbeiṫ oiread re gráinne musdaird do ċreideaṁ agaiḃ, a déarṫáoi ris an slíaḃ so, Aṫruiġ as so ann súd a nunn; agus aṫrroċuiḋ sé; agus ní ḃía ní ar biṫ naċ buḋ éidir liḃ. 21Aċd ċeana ni ṫéid an sort deaṁanso a maċ aċd lé hurnuiġṫe agus le trosgaḋ.
22Agus ar ndéanaṁ coṁnuiġe ann sa Ġalilé ḋóiḃ, a duḃairt Iósa ríu, Do ḃéarṫar Mac an duine a láiṁaiḃ na ndáoine: 23Agus muirfid síad é, aċd an treas lá eíroċaiḋ sé arís. Agus do ġaḃ doḃrón roṁór íadsan.
24Agus ar dteaċd ḋóiḃ go Capernáum, tangadar luċd na ciósċána do ġlacaḋ go Peadar, agus a duḃradar, Naċ íocann ḃur maiġisdirsi an ciósċáin? 25A deir seisean, Iócuiḋ. Agus an tráṫ do ċúaiḋ sé a sdeaċ don tiġ, do laḃair Iósa risean ar tús, ag ráḋ, Créd í do ḃaraṁuilsi, a Ṡímóin? cía ar a dtógḃuid ríġṫe na talman cios nó cánáċas? an ó ná gcloinn féin, nó ó ċoiṁṫiġe? 26A deir Peadar ris, O ċoiṁṫiġe. A duḃairt Iósa ris, Ar a naḋḃarsin atáid an ċlann sáor. 27Aċd ionnas, naċ dtioḃramáois oilḃéim ḋóiḃ, imṫiġsi ċum na fáirge, agus teilg innte duḃán, agus tóg an cédiasg ṫiocfas a nios; agus ar nosglaḋ a ḃéuil, do ġeaḃa tú piósa airgid: glac sin, agus taḃair ḋóiḃ é ar mo ṡonsa agus ar do ṡon féin.
Currently Selected:
Ṁaṫa 17: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.