1
Marcus 8:35
An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
BedellG
Oír giḋ bé neaċ lé nab áill anam féin do ċoiṁéd caillfiḋ sé é; agus giḋ bé neaċ ċaillfeas anam féin ar mo ṡonsa, agus ar son an tsoisgéil, coiṁéudfaiḋ sé é.
Compare
Explore Marcus 8:35
2
Marcus 8:36
Oír créd é an tarḃa do neaċ ar biṫ, dá ngnoḋuiġe sé an doṁan uile, agus anam féin do ċáill?
Explore Marcus 8:36
3
Marcus 8:34
Agus ar ngairm an tslúaiġ agus a ḋeisciobail ċuige ḋó, a duḃairt sé ríu, Giḋ bé lé nab aill misi do leanṁuin, díultaḋ sé ḋó féin, agus tógḃaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé misi.
Explore Marcus 8:34
4
Marcus 8:37-38
Nó créd í maluirt do ḃéuraḋ éinneaċ ar son anma féin? Oir giḋ bé neaċ lér náir misi, agus mo ḃríaṫra ann sa ċineaḋ aḋaltrannaċ agus ṗeacṫaḋ so; buḋ náir lé Mac an duine eisean mar an gceadna, an tan ṫiocfas sé a nglóir Aṫar féin maille ré na aingliḃ náoṁṫa.
Explore Marcus 8:37-38
5
Marcus 8:29
Agus a duḃairt seisean ríu, Aċd créd a deirṫísi cía mé? Ar ḃfreagra do Ṗeadar, a duḃairt sé ris, As tú Críosd.
Explore Marcus 8:29