Marcus 8
8
Caibidil VIII
Mirḃuilte na 7 naráin, 27 agus adṁail Iósa gur bé féin an Criosd úd ḃi ré teaċd, 38 um naċ cóir náire do ġaḃail.
1Ann sna láeṫiḃ sin ar gcruinniuġaḋ do ṗobal roṁór, agus gan ní aca do íosaidis, ar ngairm a ḋeisciobal Díosa ċuige, a duḃairt sé ríu, 2A tá trúaiġe roṁór agam don ṗobal: do ḃríġ gur ḟanadar a nois trí lá am ḟoċair, agus naċ ḃfuil ni ar biṫ ré a iṫe aca. 3Agus dá léige mé na dtrosgaḋ dá dtiġiḃ féin íad, raċaid síad a nanḃfainne ar sliġe: óir ṫáinic cuid aca a ḃfad. 4Agus do ḟreagradar a ḋeisciobuil é, Ga háit as a ḃféadfaḋ duine íad so do ṡásaḋ lé harán ann so ar an ḃfásaċ? 5Agus do ḟíafruiġ seisean díoḃ, Ga ṁéud arán a tá agaiḃ? Agus a duḃradarsan, A seaċd. 6Agus do aíṫin seision don tslúaġ suiḋe síos ar an dtalaṁ: agus ar nglacaḋ na seaċd narán dó, tar éis ḃuiḋeaċuis do ṫaḃairt, do ḃris sé, agus tug sé dá ḋeisciobluiḃ íad do ċum a gcur ann a ḃfíaḋnuisi; agus do ċuireadarsan a ḃfíaḋnuisi an tslúaiġ íad. 7Agus do ḃádar beagán díasgaiḃ beaga aca: agus an tan tug sé buiḋeaċus, a duḃairt sé íad sin fós do ċur na ḃfíaḋnuisi. 8Agus do iṫeadar, agus do sásaḋ íad: agus do ṫógḃadar seaċd gcléiḃ do ḃiaḋ ḃrisde do ḃí dfuiġleaċ aca. 9Agus do ḃí an luċd do ċaiṫ an biaḋ a dtimċeall ċeiṫre míle: agus do léig sé úaḋ íad.
10Agus ar an mball ar ndul a luing ḋó maille ré na ḋeisciobluiḃ, táinic sé go rann Dalmanúta: 11Agus tangadar na Ṗairisíniġ a maċ, agus do ṫionnsgnadar connspóid do ċur air, ag íarruiġ coṁarṫa ó neaṁ air, ḋa ṫeasduġaḋ. 12Agus ar ndéunaṁ osna ḋósan an a spioraid, a duḃairt sé, Créd fá níarrann an cineaḋ so coṁarṫa? a deirim ríḃ go fírinneaċ, Naċ dtioḃarṫar coṁarṫa don ċineaḋ so. 13Agus ar na ḃfagḃáil dó, ar ndul a luing a rís do ċúaiḋ sé don táoiḃ eile.
14Agus do ḋearnadar na deisciobuil arán do ḃreiṫ leó, agus ní raiḃ aca aċd áon arán aṁáin ann sa luing. 15Agus do aiṫin sé ḋíoḃ, ag ráḋ, Féuċaiḋ, coiṁeadaiġ siḃ ó laiḃín na Ḃṗairisíneaċ, agus ó laiḃin Iorúaiṫ. 16Agus do ṫagradarsan eatorra féin, ag ráḋ, Is tré naċ ḃfuilid aráin aguinn a tá sé. 17Agus ar ná áiṫne sin Díosa, a duḃairt sé ríu, Créd do ḃeir ag diosbóireaċd siḃ, ar son naċ ḃfuilid aráin aguiḃ? a né naċ fios díḃ fós, agus naċ dtuigṫí? an ḃfuilid croiḋeaḋ crúaiḋe aguiḃ fos? 18O a táid súile aguiḃ, Créd fá naċ ḃfaicṫí? agus ó táid clúasa aguiḃ, Créd fá naċ ccluintí, agus naċ ccuiṁniġṫí? 19An tan do ḃrís me na cúig aráin ar na cúig ṁíle, ga ṁéud clíaḃ lán do ḃíaḋ brisde do ṫógaḃair? A deiridsean ris, Ḋá ċlíaḃ ḋéug. 20Agus a núair do ḃris mé na seaċd naráin ar na ceiṫre ṁílefear, gá ṁéud clíaḃ lán do ḃíaḋ brisde do ṫógaḃair? Agus a duḃradarsan, A seaċd. 21Agus a duḃairt seisean ríu, Cionnas náċ dtuigṫí na neiṫesi?
22Agus táinic sé go Betsaida; agus tugadar dall ċuige, agus do íarradar air búain ris. 23Agus ar mbreiṫ ar láiṁ an doill dó, do ṫreóruiġ sé as an mbaile a maċ é: agus ar gcur a ṡeile ar a ṡúiliḃ, agus ar gcur a láṁ air, do ḟíafruiġ sé ḋe an ḃfacuiḋ sé én ní. 24Agus ar dtógḃail a ṡúl súas dósan, a duḃairt sé, Do ċím dáoine ag sioḃal, mar ċranna. 25Na ḋíaiġ sin, do ċuir sé a láṁa a rís ar a ṡúiliḃ, agus tug sé fá deara ḋó a ṡúile do ṫógḃail súas: agus do haiseagaḋ a raḋarc ḋó, agus do ċonnairc sé cáċ uile go soilléir. 26Agus do ċuir sé ḋá ṫiġ féin é, ag ráḋ, Na himṫiġ don ḃaile úd a sdeaċ, agus ná hinnis so déanduine sa ḃaile.
27Agus do ċúaiḋ Iósa, agus a ḋeiscionail a maċ, go bailtiḃ Sesáréa Ṗilippi: agus do ċuir sé ceisd ar a ḋeisciobluiḃ ar a tsliġe, ag ráḋ ríu, Cred a deirid na ndáoine cía misí? 28Aċd do ḟreagradarsan, Eóin Baisde: agus cuid eile, Elias; agus cuid eile, Aon do na fáiḋiḃ? 29Agus a duḃairt seisean ríu, Aċd créd a deirṫísi cía mé? Ar ḃfreagra do Ṗeadar, a duḃairt sé ris, As tú Críosd. 30Agus do ḃagair sé orrṫa gan innse deinneaċ dá ṫáoḃ féín.
31Agus do ṫionnsgain sé a dteagasg, gur ab éigin do Ṁac an duine morán dḟulang, agus a ḋíultaḋ ó na sinnsearuiḃ, agus ó úaċdaránuiḃ na sagart, agus ó na sgríobuiḋiḃ, agus a ṁarḃaḋ, agus éirġe a rís a gcionn trí lá. 32Agus do laḃair sé an glórsa ós áird. Agus ar mbreiṫ do Ṗeadar air, do ṫionnsgain sé aċṁusán do ṫaḃairt dó. 33Aċd ar gcasaḋ ḋósan agus ar ḃḟéaċain ar a ḋeisciobluiḃ, do imḋearg se Peadar, ag ráḋ, Imṫiġ am ḋíaiġ, a Ṡatáin: óir ní ṫuigeann tú na neiṫe ḃeanas ré Día, aċd na neiṫe ḃeanas ré dáoiniḃ.
34Agus ar ngairm an tslúaiġ agus a ḋeisciobail ċuige ḋó, a duḃairt sé ríu, Giḋ bé lé nab aill misi do leanṁuin, díultaḋ sé ḋó féin, agus tógḃaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé misi. 35Oír giḋ bé neaċ lé nab áill anam féin do ċoiṁéd caillfiḋ sé é; agus giḋ bé neaċ ċaillfeas anam féin ar mo ṡonsa, agus ar son an tsoisgéil, coiṁéudfaiḋ sé é. 36Oír créd é an tarḃa do neaċ ar biṫ, dá ngnoḋuiġe sé an doṁan uile, agus anam féin do ċáill? 37Nó créd í maluirt do ḃéuraḋ éinneaċ ar son anma féin? 38Oir giḋ bé neaċ lér náir misi, agus mo ḃríaṫra ann sa ċineaḋ aḋaltrannaċ agus ṗeacṫaḋ so; buḋ náir lé Mac an duine eisean mar an gceadna, an tan ṫiocfas sé a nglóir Aṫar féin maille ré na aingliḃ náoṁṫa.
Currently Selected:
Marcus 8: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.