Marcus 7
7
Caibidil VII
Gan áiṫne Dé ċur ar gcúl, le fúarġnáṫuiġṫiḃ na sean.
1Agus do cruinniġeadar na Ṗairisíniġ ċuige, agus cuid do na sgríobuiḋiḃ ṫáinic ó Iarusaléim. 2Agus ar ḃfaicsin dóiḃ go ndiṫadar cuid dá ḋeisciobluiḃsion arán lé laṁuiḃ coitċionna, (eaḋón, gan ionnlaḋ,) do rinneadar gearán. 3(Oír ni iṫid na Ṗairisíniġ, agus na Iúduiġe uile bíaḋ, muna nionnlaid síad a láṁa go minic, ag coiṁéd órduiġṫe na sinnsior. 4Agus ar dteaċd ón ṁargaḋ, muna nionnlaid, ni iṫid siád. Agus a táid móran do neiṫiḃ eile, do ġaḃadar orra do ċoiṁéud, már a tá níġe na gcopan, agus na bpotaḋ, agus na soiġṫeaċ práis, agus na leabṫaṫ.)
5Do ḟíafruiġeadar na Ṗairisiniġ agus na sgríobuiḋe ḋe tar éis sin, Créd fá náċ siuḃluid do ḋeisciobluilsi do réir órduiġṫe na sinnsior, aċd iṫid arán lé laṁuiḃ gan ionnlaḋ? 6Agus do ḟreagair seision agus a duḃairt sé ríu, Go fírinneaċ is maiṫ do rinne Isaías fáiḋeadóireaċd ḃar dtimċeall a luċd an ḟúarċraḃuiḋ, mar a tá sgríoḃṫa, Onóruiġid an pobal so mé le na bpusuiḃ, aċd a tá a gcroiḋe a ḃfad úaim. 7Aċd is díoṁáoineaċ do níd seirḃís daṁsa, ag teagasg aiṫeantaḋ na ndaoine mar ṫeagasg. 8Oír air dtréigean áiṫne Dé, gaḃuiḋ siḃ órduġaḋ na ndáoine mar a tá niġe na bpotaḋ agus na gcupan: agus do níṫí mórán dó neiṫiḃ eile is cosṁail ríu so. 9Agus a duḃairt sé ríu, Is maiṫ ċurṫáoi ar gcúl aiṫne Dé, ionnas go gcoiṁéudfaḋ siḃ ḃur ngnáṫuġaḋ féin. 10Oír a duḃairt Máoisi, Onóruiġ haṫair agus do ṁáṫair féin; agus, Giḋ bé a déara olc ré na aṫair nó ré na ṁáṫair, cuirṫear ċum báis é: 11Aċd a deirṫísi, Dá nabraḋ éin neaċ ré na aṫair ní ré na ṁáṫair, Corbán (éaḋón, an tioḋlacaḋ,) do ḃeirimsi úaim; raċaiḋ sé a dtarḃa ḋuitsi. 12Agus ní léigṫí ḋó as sin a maċ ní sa ṁó do ḋéunaṁ dá aṫair no ḋá ṁáṫair féin; 13Ag cur ḃréiṫre Dé ar gcúl leis an ngnáṫuġaḋ do órduiġeaḃair féin, agus is mór dá leiṫeidiḃ so do níṫí.
14Agus ar ngairm an tslúaiġ uile ċuige, a duḃairt sé ríu, Eisdiġ riumsa uile, agus tuigiḋ: 15Ní ḃfuil ní ar biṫ ar an dtáoḃ a muiġ don duine, ṫéid a sdeaċ ann lé nab éidir a ṡalċaḋ: aċd na neiṫe ṫig as a maċ, as íad sin na neiṫe ṡalċas an duine. 16Giḋ bé agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé. 17Agus an tan do ċúaiḋ sé a sdeaċ a dtiġ ón tslúaġ, do ċuireadar a ṡeisciobuil ceisd air a dtimċeall na cosaṁlaċda. 18Agus a duḃairt sé ríu, An ḃfuiltisi leis mar an gceudna gan tuisge? AN ne naċ dtuigṫí, giḋ bé ní don táoḃ a muiġ ṫéid a sdeaċ sa duine, naċ éidir leis eisean do ṡalċaḋ? 19Oír ní ṫéid sé a sdeaċ ann a ċroiḋe, aċd ann a ḃolg, agus téid sé a maċ sa ċamra, ġlanus a nuile ḃíaḋ? 20Aċd a duḃairt sé, An ní ṫéid amaċ as an duine, as é sin ṡalċus an duine. 21Oir is ón táoḃ a sdiġ, ó ċroiḋe na ndáoine, ṫigid na droċsmúaintiġe, aḋaltrannas, sdríopaċus, dúnṁarḃṫa, 22Goid, sainnt, aingíḋeaċd, mealltóireaċd, míonáire, droċṡúil, blaisṗéime, úaḃar, amadanaċd: 23Tigid na huilesi uile ón táoḃ a sdiġ, agus salċuid an duine.
24Agus ar néirġe ḋó as sin, do ċúaiḋ sé go críoċaiḃ Ṫírus agus Ṡídon, agus ar ndul a sdeaċ a dtiġ ḋó, nír ḃáill leis duine ar biṫ dfaġáil a ḟeasa: giḋeaḋ nír ḃéidir leis ḃeiṫ a ḃfolaċ. 25Oír an tan do ċúalaiḋ bean da ṫáoiḃ, agá raiḃ spiorad neaṁġlan an a hinġin óg, táinic sí agus do léig sí í féin síos agá ċosaiḃ: 26(Do buḋ Gréugaċ an ḃean, Siroṗenissa do ċinéul;) agus do ġuiḋ sí é an deaṁan do ṫeilgean a maċ as a hinġin. 27Aċd a duḃairt Iósa ría, Fulaing ar tús an clann do ṡáiṫiuġaḋ: oír ní hiomċuḃuiġ arán na cloinne do ġlacaḋ, agus a ṫeilgean ċum na gcoiléun. 28Aċd do ḟreagair sisi, agus a duḃairt sí ris, Is fíor sin, a Ṫiġearna: giḋeaḋ iṫid na cuiléin fáoi an mbórd ní do sbrúileaċ na leanaḃ. 29Agus a duḃairt seisean ríasi, Ar son na cainnti so imṫiġ roṁad; do ċúaiḋ an deaṁan a maċ as hinġin. 30Agus do ċúaiḋ sí ḋá tiġ, agus fúair sí an deaṁan a nimṫeaċd, agus a hinġean na luiġe ar a leabuiḋ.
31Agus do ḟill sé a ris ó ṫeórannuiḃ Ṫíruis agus Ṡídon, agus táinic sé go fairrge na Galilé, tré lár ċríoċaiḃ Ḋecapolis. 32Agus tugadar duine boḋar balḃ ċuige; agus do íarradar air a láṁ do ċur air. 33Agus ar na ḃreiṫ leis fó leiṫ ón ṗobal, do ċuir sé a ṁéir ann a ċlúasaiḃ, agus ag seileaġ ḋó, do ḃean sé ré na ṫeanguiḋ; 34Agus ar ḃféaċain súas ar neaṁ, do léig sé osnaḋ, agus a duḃairt sé ris, Eṗṗaṫa, éaḋon, Bí osgailte. 35Agus ar an mball do hosglaḋ a ċlúasa, agus do sgáoileaḋ cuiḃreaċ a ṫeangaḋ, agus do laḃair sé go ceart. 36Agus do aiṫin sé ḋíoḃ gan sin dinnisin déainneaċ: aċd ni ḃfuil dá ṁéud dá dtoirmíosgaḋ seisean, naċ móide go mor dfoillsiġidsion é; 37Agus do ġaḃ iongantus roṁór íad, agus a duḃradar, Do rinne sé gaċ uile ní go maiṫ: do ḃeir sé fá deara go gcluinid na boḋair, agus go laḃruid na bailḃ.
Currently Selected:
Marcus 7: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.