YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 9

9
Caibidil IX
Aṫruġaḋ cruṫ Iósa, 33 ré a ṫeagasc ar úṁla, 38 agus ar seirce.
1Agus a duḃairt sé ríu, Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil cuid dá ḃfuil na seasaṁ ann so do laṫair, naċ blaisdi bás, no go ḃfaicid síad ríoġaċd Dé ag teaċd maille ré cuṁaċduiḃ.
2Agus a gcionn sé lá na ḋíaiġsin, rug Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin leis, agus do ṫréoruiġ sé íad na náonar fá leiṫ go slíaḃ ro árd: agus do háṫruiġeaḋ a ċrúṫ na ḃfíaḋnuisi: 3Agus do ḃádar a éaduiġe dealruiġaċ, róġeal mar an sneaċta; a gcrúṫ náċ éidir lé háon ġlanadóir éaduiġe ar taluṁ a ngealaḋ. 4Agus do taiḋḃreaḋ ḋóiḃ Elías maille ré Máoisi: agus do ḃádar ag coṁráḋ ré Híosa. 5Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar a duḃairt sé ré Híosa, A Ṁaiġisdir, is maiṫ sinne do ḃeiṫ ann so: ar a naḋḃarsin déunam trí boṫa; boṫ ḋuitsi, agus boṫ do Ṁáoisi, agus boṫ Délías. 6Oír ní raiḃ a ḟios aige créd do laiḃéoraḋ sé; óir do ḃádar ar criṫ ré heagla. 7Agus do éiriġ néull do ċur sgáile na dtimċeall: agus táinic gúṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac graḋaċsa: éisdiġ ris. 8Agus ar bféaċain na dtimċeall, go hobann dóiḃ, ní ḟacadar éin neaċ as sin súas, aċd Iósa na áonar na ḃfoċair.
9Agus ag teaċd dóiḃ a nuas on tslíaḃ, do áiṫin sé ḋíoḃ gan na neiṫe do ċonncadar dinnisin déin neáċ, no go neiséirġeaḋ Mac an duine ó ṁarḃuiḃ. 10Agus do ċongṁadar an glór sin aca féin, dá ḟiafruiġe ḋá ċeile Créad is ciall dó súd eiseirġe ó ṁarḃaiḃ.
11Agus do ḟíafruiġeadar ḋeisean, ag ráḋ, Créd fá nabruid na sgriobuiḋe gur ab éigean Elías do ṫeaċd ar tús? 12Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Tig Elías go deiṁin ar tús, agus aiséoċaiḋ sé gaċ uile ní; agus mar a tá sgríoḃṫa a dtimċeall Ṁic an duine, Go gcaiṫfeaḋ sé mórán dfulang, agus ḃeiṫ fá neiṁċion. 13Aċd a derimsi riḃ, Go dtáinic Elías go deiṁin, agus go ndearnadar ris giḋ bé ní do ṫogradar, mar a tá sgríoḃṫa air.
14Agus ar dteaċd dó ċum a ḋeisciobal, do ċonnairc sé slúaġ mór ná dtimċeall, agus ná sgríobuiḋe ag diosbóireaċd ríu. 15Agus ar an mball, a ḃfacaiḋ an slúaġ uile é, do ġaḃ úaṫḃás íad, agus ag riṫ ċuige do ċuireadar failte roiṁe. 16Agus do ḟíafruiġ sé do na sgríobuiḋiḃ, Créd é an ní so ṫagarṫáoi eadruiḃ féin?
17Agus ar ḃfreagra do neaċ don tslúaġ a duḃairt sé, A Ṁaiġisdir, tug mé mo ṁac ċugad, an a ḃfuil spiorad balḃ; 18Agus gaċ uile ḃall a mbeireann sé air, tairngiḋ sé as a ċéile é: agus cuiriḋ sé cuḃar ṫar a ḃéul, agus dó ní sé gíosgarnaċ lé na ḟlacluiḃ, agus téid sé a seirgṫeaċd: agus a duḃairt mé réd ḋeisciobluiḃsi a ċur a maċ as; aċd ċeann níor ḟéudadar. 19Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, A ċíneaḋ gan ċreideaṁ, gá fad ḃias mé eadruiḃ? agus gá fad fós ḟuiléongus mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa é. 20Agus tugadar ċuige é: agus an tan do ċonnairc sé é, do ṫarraing an spiorad as a ċéile é ar ball; agus ar dtuitim ar an dtalaṁ ḋó, do ḃí sé ḋá únfairt ag cur ċuḃair as a ḃéul. 21Agus do ḟiafruiġ Iósa ḋá aṫair, Gá fad daimsir ó ṫárla so ḋó? Aċd a duḃairt seision, O ḃí sé na leanaḃ. 22Agus is minic do ṫeilg sé a dteiniḋ, agus a nuisge é, do ċúm go millfeaḋ sé é: aċd má a tá cuṁaċd ar biṫ agadsa, bíoḋ trúaiġe agad ḋúinn, agus fóir oruinn. 23Aċd a duḃairt Iósa ris, Más eidir leaċd so do ċreideaṁuin, a tá gaċ én ní soiḋéanta don té ċreidios. 24Agus ar néiġeaṁ daṫair na buaċalla ar an mball, maille ré deóruiḃ a duḃairt sé, Creidim, a Ṫiġearna; fóir mo ṁíċreideaṁ. 25Agus an tan do ċonnairc Iósa an slúaġ uile ag coiṁriṫ ċuige, do imḋearg sé an spiorad neaṁġlan, ag ráḋ ris, A spiorad ḃailḃ agus ḃoḋair, aiṫnimsi ḋíot, imṫiġ a maċ as, agus na héiriġ a sdeaċ ann ní so ṁó. 26Agus ar néiġeaṁ ḋó, agus ar na ṫarrang as a ċéile go ro úaṫḃásaċ, do ċúaiḋ sé a maċ as: agus do ḃí sé a rioċd ṁairḃ; ionnas go nduḃradar mórán, Go ḃfúair sé bás. 27Aċd ar mbreiṫ Díosa ar a láiṁ, do ṫógaiḃ sé súas é; agus déiriġ seision. 28Agus an tan do ċúaiḋ sé a sdeaċ a dtiġ, do ḟíafruiġeadar a ḋeisciobail de go seicréideaċ, Créd fá nár ḟéadamairne an spiorad úd do ṫeilgean a maċ? 29Agus a duḃairt seisean ríu, Ní héidir an ġné ḋeaṁan so ḋul a maċ lé ní ar biṫ, aċd tré úrnuiġṫe agus tré ṫrosgaḋ.
30Agus ar nimṫeaċd dóiḃ as sin, do ċúadar ṫríd an Ngalilé; agus níor ḃáil leis a ḟios do ḃeiṫ ag éinneaċ. 31Oír do ṫeagaisg sé a ḋeisciobail féin, agus a duḃairt sé ríu, Do ḃéurṫar Mac an duine a láṁuiḃ na ndáoine, agus cuirfid ċum báis é; agus tar éis a ṁarḃaḋ, éiréoċuiḋ sé an treas lá. 32Aċd níor ṫuigeadar an coṁráḋsa, agus do ḃí eagla orrṫa a ḟíafruiġe ḋeisean.
33Agus táinic sé go Capernáum: agus air mbeiṫ a dtiġ ḋó do ḟíafruiġ sé ḋíoḃ, Créd do ḃí aguiḃ ḋá ṫagra eadruiḃ féin air a tsliġe? 34Aċd do ṫoċdadarsan: óir do ḃádar ag tagra a naġaiḋ a ċéile air a tsliġe, Cía aca buḋ ṁó. 35Agus ar suiḋe ḋó, do ġoir sé an dá ḟear ḋéug ċuige, agus a duḃairt sé ríu, Giḋ bé neaċ lé nab mían ḃeiṫ a dtosaċ, búḋ é ḃus déiġionuiġ do ċáċ uile, agus ḃus seirḃíseaċ ḋóiḃ uile. 36Agus ar mbreiṫ ar leanaḃ ḋó, do ċuir sé ann a lár é: agus ar na ġaḃáil ann a uċd, a duḃairt sé ríu, 37Giḋ bé neaċ ġéuḃus ċuige áon dá leiṫeidiḃ so do leanbuiḃ am mainmsi, gaḃuiḋ sé misi ċuige: agus giḋ bé neaċ ġéuḃus misi ċuige, ni misi ġaḃus sé ċuige, aċd an té do ċuir úaḋ mé.
38Aċd do ḟreagair Eóin é, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, do ċonncamair neaċ ag cur deaṁan a maċ ad ainmsi, neaċ leanann sinne: agus do ċuireamar toirmeasg air, ar son náċ leanann se sinn. 39Agus a duḃairt Iósa, Ná toirmeasguiḋ é: óir ní ḃfuil éinneaċ do ḋéana míorḃuile tré mainmsi, agus ḟéadus olc do ráḋ rium ar an mball. 40Oír giḋ bé neaċ naċ ḃfuile ar naġuiḋ a tá sé air ar son. 41Oír giḋ bé neaċ do ḃéura cupán uisge ré na ól dáoiḃsi am ainmsi, tré gur ab lé Críosd siḃ, a deirim riḃ go fírinneaċ, naċ léigfi sé a lúaiḋeaċd a muġa. 42Agus giḋ bé ḃéuras aḋḃar oílḃéime dáóin neaċ do na dáóiniḃ beaga so ċréideas ionnamsa, do bfearr ḋó go mór go gcuirṫí cloċ ṁuilinn fá na ḃráġuid, agus go dteilgṫí é ann sa ḃfairrge. 43Agus más ciontaċ do láṁ ré hoilḃeim dfaġáil ḋuit, gearr ḋíot í: is fearr ḋuit dul ar leaṫláiṁ don ḃeaṫaiḋ, ná ḋá láiṁ do ḃeiṫ agad agus dul go hifearnn, a dtéiniḋ naċ éidir do ṁúċaḋ. 44A náit naċ éugann a bpéisd, agus náċ múċtar a dteine. 45Agus más ciontaċ do ċos ré hoilḃeim dfaġáil ḋuit, gearr ḋíot í: is fearr ḋuit dul don ḃeaṫuiḋ ṁarṫanuiġ ar leaṫċois, ná ḋá ċois do ḃeiṫ agad agus do ṫeilgean do hifearnn, ann sa teiniḋ náċ éidir do ṁúċaḋ: 46A náit naċ éugann a bpéisd, agus náċ múċtar a dteine. 47Agus más ciontaċ do ṡúil ré hoilḃéim do ṫaḃairt ḋuit, teilg asad í: is fearr ḋuit dul a sdeaċ go rioġaċd Dé ar éunsúil, ná ḋá ṡúil do ḃeiṫ agad agus do ṫeilgean go teiniḋ iféirn: 48A náit naċ éugann a bpéisd, agus náċ múċtar a dteine. 49Oír saillfiṫear gaċ áoin neaċ le teiniḋ: agus saillfiṫear gaċ áoin ioḋbairt lé salann. 50Is maiṫ an salann: aċd ċeana má ḃíonn an salann gan ḃlas, Créd lé a ndéuntáoi deaġḃlasda é? Bíoḋ salann agaiḃ ionnaiḃ féin, agus bíoḋ síoḋċáin aguiḃ ré ċéile.

Currently Selected:

Marcus 9: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in