Eoin 13
13
Caibidil XIII
Nigheann Críost cosa a dheisciobal. Feall Iúdais. Aithne nua an ghrádha.
1Roimh lá fhéile na Cásca#13, 1 Roimh lá fhéile na Cásca. B’í seo an ceathramhadh Cáisc agus an Cháisc dheireannach le linn bheatha phuiblidhe Chríost. Do réir an chómháirimh is gnáthach, thárla sin nuair a bhí Críost i n-aois a thrí mbliadhan déag ar fhichid agus i mbliadhain a 4036 d’aois an domhain. Deir cuid eile de’n lucht chómháirimh gur fhulaing ár Slánuightheoir bás san tseachtmhadh bliadhain déag ar fhichid dá aois. Acht is cuma cé acu baramhail a bhíos ag duine fá’n cheist sin.,#Mait. 26, 2; Marc. 14, 1; Lúc. 22, 1. ó bhí a fhios ag Íosa go dtáinic a uair chun imtheacht ó’n tsaoghal seo go dtí an t-Athair: ó ghrádhuigh sé a mhuinntir féin a bhí ar an tsaoghal, ghrádhuigh sé go deireadh iad.
2Agus nuair a bhí an suipéar thart (agus go raibh an diabhal i ndiaidh a chur isteach i gcroidhe Iúdais Iscariot, mac Síomoin, go ndéanfadh sé é a bhrath),
3Ó bhí a fhios aige go dtug an t-Athair na h-uile neithe isteach ina lámha dó, agus go dtáinic sé ó Dhia, agus go raibh sé ag dul chuig Dia:
4Éirigheann sé ó’n tsuipéar, agus baineann de a chuid éadaigh: agus ag glacadh línéadaigh dó, chuach sé thart air é.
5Annsin cuireann sé uisce isteach i méis, agus thoisigh sé a nighe cosa na ndeisciobal, agus á dtriomughadh leis an línéadach a bhí fá n-a choim.
6Tig sé, mar sin, go dtí Síomon Peadar. Agus deir Peadar leis: A Thighearna, an bhfuil tusa ag nighe mo chos-sa?
7Dubhairt Íosa leis, ghá fhreagairt: Ní fhuil a fhios agat anois cad é tá dá dhéanamh agam, acht béidh a fhios agat ina dhiaidh seo.
8Deir Peadar leis: Ní nighfidh tú mo chosa-sa a choidhche. D’fhreagair Íosa é: Muna nighidh mé thú, ní béidh páirt agat liom.
9Deir Síomon Peadar leis: A Thighearna, ní amháin mo chosa, acht fosta mo lámha agus mo cheann.
10Deir Íosa leis: An té atá nighte, ní fhuil feidhm dó acht a chosa a nighe, acht bíonn sé glan ar fad. Agus tá sibh-se glan, acht ní fhuil sibh go léir glan.
11Óir bhí a fhios aige cérbh é an té a bhraithfeadh é: ar an adhbhar sin, dubhairt sé: Ní fhuil sibh go léir glan.
12Ar an adhbhar sin, i ndiaidh a gcosa a nighe, agus a chuid éadaigh a chur air, nuair a shuidh sé síos arís, dubhairt sé leo: An bhfuil a fhios agaibh cad é rinne mé díbh?
13Bheir sibh-se Máighistir, agus Tighearna, orm: agus is maith a deir sibh é: óir is amhlaidh sin mé.
14Ar an adhbhar sin, má nigh mise bhur gcosa-sa, agus gur mé an Tighearna agus an Máighistir: is cóir díbh-se mar an gcéadhna cosa a chéile a nighe.
15Óir thug mise sompla díbh, chun go ndéanadh sibh-se, mar a rinne mise libh-se.
16Amén, amén, adeirim libh: ní fhuil an sembhíseach níos mó ná a Thighearna:#Mait. 10, 24; Lúc. 6, 40. ná ní fhuil an t-abstal níos mó ná an té a chuir uaidh é.
17Má tá a fhios agaíbh na neithe sin, is beannuighthe a bhéas síbh, má ghní sibh iad.
18Ní fhuil mé ag labhairt oraibh uilig: tá a fhios agam cé h-iad atá toighte agam: acht chun go gcóimhlíontaí an scrioptúir:#Sailm 40, 10. An té atá ag ithe aráin i mo chuideachta, tógfaidh sé a shál i m’aghaidh.
19Tá mé ghá innse díbh anois, sul a dtárluighidh sé: chun go gcreididh sibh, nuair a thárlóchas sé, gur mise an té is mé.
20Amén, amén adeirim libh: an té a ghabhas chuige cibé a chuirfeas mise uaim, gabhann sé mise chuige: agus an té a ghabhas mise chuige, gabhann sé chuige an té a chuir uaidh mé.#Mait. 10, 40; Lúc. 10, 16.
21Nuair a dubhairt Íosa na neithe sin, tháinic buaidhreamh ina spiorad air: agus dheimhnigh sé, agus dubhairt: Amén, amén adeirim libh, go mbraithfidh duine agaíbh mé.#Mait. 26, 21; Marc. 14, 18; Lúc. 22, 21.
22Ar an adhbhar sin, d’amharc na deisciobail ar a chéile, agus amhras ortha fá cé h-é ar labhair sé air.
23Agus bhí ina luighe ar ucht Íosa duine dá dheisciobail a raibh grádh ag Íosa dó.
24Ar an adhbhar sin, rinne Síomon Peadar cómhartha dó-san, agus dubhairt leis: Cé h-é an té a bhfuil sé ag cainnt air?
25Dá bhrígh sin, ar luighe dó-san ar ucht Íosa, deir sé leis: Cé h-é é, a Thighearna?
26D’fhreagair Íosa: An té a sínfidh mise arán tomtha chuige, is é sin é. Agus nuair a thom sé an t-arán, thug sé do Iúdas Iscariot, mac Síomoin, é.
27Agus i ndiaidh an ghreim aráin, chuaidh Satan isteach ann. Agus dubhairt Íosa leis: An rud atá tú a dhéanamh, déan go tapaidh#13, 27 An rud atá tú a dhéanamh, déan go tapaidh. Ní h-amhlaidh a cheaduigh Críost do Iúdas, agus is cinnte nár órduigh sé dó, an feall a dhéanamh. Acht bhí Críost ghá chur i n-iúl nach gcuirfeadh sé bac ná cosc ar an ghraithe a bhí ina rún ag Iúdas, agus go bhféadfadh sé é a dhéanamh cómh luath agus a ba mhian leis. Ní amháin go raibh sé féin réidh le bás d’fhulang le sinn a shlánughadh, acht bhí fonn air sin a dhéanamh..
28Acht ní raibh a fhios ag aoinneach dá raibh ina suidhe ag an tábla, cad chuige ar dhubhairt sé sin leis.
29Óir shíl cuid acu, ó bhíodh an sparán ag Iúdas, go raibh Íosa ag rádh leis: Ceannuigh na neithe atá do dhíth orainn fá choinne lá na féile: nó rud éigin a thabhairt do na bochta.
30Dá bhrígh sin, nuair a ghlac seisean an greim, chuaidh sé amach láithreach. Agus bhí an oidhche ann.
31Nuair a d’imthigh seisean amach, dubhairt Íosa, ar an adhbhar sin: Anois tá glóir tugtha do Mhac an Duine: agus ann-san tá glóir tugtha do Dhia.
32Má tá glóir tugtha do Dhia ann-san, bhéarfaidh Dia glóir dó ann féin fosta: agus bhéarfaidh sé glóir dó gan mhoill.
33A chlann bheag, ar feadh tamaill bhig go fóill tá mé i bhur measc. Béidh sibh ar mo lorg: agus mar a dubhairt mé leis na h-Iúdaigh: Mar a dtéighim-se, ní féidir díbh-se theacht: agus deirim libh-se anois é.
34Bheirim aithne nua díbh:#Leibh. 19, 18; Mait. 22, 39. Go raibh grádh agaibh dá chéile, mar a ghrádhuigh mise sibh-se, go ngrádhuighidh sibh-se a chéile mar an gcéadna.
35Ar seo a aithneochas gach aoinneach gur deisciobail damh-sa sibh, má bhíonn grádh agaibh dá chéile.
36Deir Síomon Peádar leis: A Thighearna, cá bhfuil tú ag dul? D’fhreagair Íosa: Mar a dtéighim-se, ní féidir duit-se; mé a leanamhaint anois: acht leanfardh tú mé ina dhiaidh seo.
37Deir Peadar leis: Cad chuige nach féidir damh thú a leanamhaint anois? Bhéarfaidh mé mo bheatha ar do shon.#Mait. 26, 35; Marc. 14, 29; Lúc. 22, 33.
38D’fhreagair Íosa é: An dtabharfaidh tú do bheatha ar mo shon? Amén, amén adeirim leat: Ní scairtfidh an coíleach, sul a séanaidh tú trí h-uaire mé.
Currently Selected:
Eoin 13: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: