Eoin 16
16
Caibidil XVI
Críochnughadh na cainnte deireannaighe a rinne Críost le n-a dheisciobail.
1Dubhairt mé na neithe sin lib, chun nach nglacadh sibh scainneal.
2Cuirfidh siad amach as na sineagóga sib: seadh, tá an uair ag teacht, agus sílfidh cibé a chuirfeas chun báis sibh, go mbíonn sé ag déanamh seirbhíse do Dhia.
3Agus dhéanfaidh siad na neithe sin libh, de bhrígh nach raibh aithne acu ar an Athair, ná orm-sa.
4Acht d’innis mé na neithe sin díbh: chun go gcuimhnigheadh sibh, nuair a thiocfas a n-uair, gur innis mé díbh.
5Acht níor innis mé na neithe sin díbh ó thús, de bhrígh go raibh mé féin agaibh. Agus anois téighim chuig an té a chuir uaidh mé, agus ní fhiafruigheann aoinneach agaibh díom: Cá dtéigheann tú?
6Acht de bhrígh gur dhubhairt mé na neithe sin libh, líonadh bhur gcroidhe le brón.
7Acht tá mé ag innse na fírinne díbh: is é bhur leas mise imtheacht: óir muna dtéighim, ní thiocfaidh an Cómhfhurtuightheoir chugaibh: acht má théighim, cuirfidh mé chugaibh é.
8Agus nuair a thiocfas seisean, bhéarfaidh sé dearbhadh do’n tsaoghal ar pheacadh#16, 8 Bhéarfaidh sé dearbhadh do’n tsaoghal ar pheacadh, &c. Nuair a tháinic an Spiorad Naomh, thug sé le tuigsin do na mílte gur ró-mhór an peacadh a bhí ortha tré dhiúltadh do chreidbheáil i gCríost: chuir sé ina luighe ortha ceart Chríost, atá anois ina shuidhe ar dheis an Athar: agus thug sé le fios dóibh cad é an breitheamhnas a bhéarfaidhe ar an dream a leanfadh Satan, a bhfuil breith-eámhnas a dhaortha tugtha air cheana féin., ar chóir, agus ar bhreitheamhnas.
9Ar pheacadh, de bhrígh nár chreid siad ionnam-sa:
10Agus ar chóir, de bhrígh go dtéighim chuig an Athair, agus ní fheicfidh sibh feasta mé:
11Agus ar bhreitheamhnas, de bhrígh go bhfuil bhreitheamhnas tugtha cheana féin ar phrionnsa an tsaoghail seo.
12Tá mórán neithe le rádh agam libh go fóill: acht ní thig libh iad d’fhuilstin anois.
13Acht nuair a thiocfas Spiorad úd na fírinne, bhéarfaidh sé teagasc na h-uile fírinne#16, 13 Teagasc na h-uile fírinne. Féach, an nóta ar 14, 26. díbh: óir ní labharfaidh sé uaidh féin: acht cibé ar bith neithe a chluinfeas sé, déarfaidh sé, agus nochtfaidh sé díbh na neithe atá le theacht.
14Bhéarfaidh sé glóir damh-sa: de bhrígh go bhfuighidh sé de mo chuid-se, agus dhéanfaidh sé a nochtadh díbh-se.
15Is liom-sa gach uile nídh dá bhfuil ag an Athair. Ar an adhbhar sin, dubhairt mé: Go bhfuighidh sé de mo chuid-se, agus go ndéanfaidh sé a nochtadh díbh-se.
16Tamall beag, agus annsin ní fheicfidh sibh mé: agus arís, tamall beag, agus tchífidh sibh mé: de bhrígh go dtéighim chuig an Athair.
17Dá bhrígh sin dubhairt cuid dá dheisciobail le n-a chéile: Cad é seo a deir sé linn: Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé: agus arís, tamall beag, agus tchífidh sibh mé, agus de bhrígh go dtéighim chuig an Athair?
18Ar an adhbhar sin, dubhairt siad: Cad é seo a deir sé: Tamall beag? Ní fhuil a fhios againn cad é tá dá rádh aige.
19Agus bhí a fhios ag Íosa gurbh áil leo ceist a chur air, agus dubhairt sé leo: Is fá seo atá sibh ag ceistiughadh a chéile, de bhrígh gur dhubhairt mé: Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé: agus arís, tamall beag, agus tchífidh sibh mé.
20Amén, amén adeirim libh: go ndéanfaidh sibh éagcaoin agus gol, agus béidh lúthgháir ar an tsaoghal: agus dhéanfar brónach sibh, acht athróchar bhur mbrón chun áthais.
21Bíonn brón ar mhnaoi, nuair a bhíos tinneas cloinne uirthí, de bhrígh go dtáinic a h-uair: acht i ndiaidh an leanbh a thabhairt ar an tsaoghal dí, ní chuimhnigheann sí níos fuide ar an dólás, de áthas go rugadh duine chun an tsaoghail.
22Agus mar an gcéadna, tá brón oraibh-se anois, acht tchífidh mise arís sibh, agus béidh lúthgháir ar bhur gcroidhe: agus ní bhainfidh aoinneach bhur lúthgháir díbh.
23Agus an lá sin ní fhiafróchaidh sibh aon nídh díom. Amén, amén adeirim libh: má iarrann sibh#Mait. 7, 7, agus 21, 22; Marc. 11, 24; Lúc. 11, 9; Séamus 1, 5. aon rud ar an Athair i m’ainm-se, bhéarfaidh sé díbh é.
24Go dtí seo níor iarr sibh rud ar bit i m’ainm-se: Iarraigidh, agus gheobhaidh sibh, chun go raibh bhur lúthgháir iomlán.
25Dubhairt mé na neithe seo libh i samhlaoidí. Tá an uair ag teacht nuair nach labharfaidh mé libh níos fuide i samhlaoidí, acht foillseochaidh mé díbh go soiléir fá’n Athair.
26An lá sin iarrfaidh sibh i m’ainm-se: agus ní abraim libh go nguidhfidh mé an t-Athair ar bhur son:
27Óir tá grádh ag an Athair é féin oraibh, de bhrígh gur ghrádhuigh sibh-se mise, agus gur chreid sibh gur ó Dhia a tháinic mé.
28Chuaidh mé amach ó’n Athair, agus tháinic mé ar an tsaoghal; fágaim an saoghal arís, agus téighim chuig an Athair.
29Deir a deisciobail leis: Féach, anois labhrann tú go soiléir, agus ní abrann tú samhlaoid ar bith.
30Tá a fhios againn anois go bhfuil fios agat ar na h-uile neithe, agus nach bhfuil feidhm duit go gcuirfeadh aóinneach ceist ort: as seo a chreidimíd gur ó Dhia a tháinic tú.
31D’fhreagair Íosa iad: An gcreideann sibh anois?
32Féach, tá an uair ag teacht, agus tháinic sí cheana féin, nuair a scaipfear sibh,#Mait. 26, 31; Marc. 14, 27. gach aoinneach chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m’aonar: acht ní fuil mé i m’aonar, de bhrígh go bhfuil an t-Athair liom.
33Dubhairt mé na neithe seo libh, chun go mbéadh síothcháin agaibh ionnam. Gheobhaidh sibh trioblóid ar an tsaoghal: acht bíodh misneach agaibh, tá buaidhte agam-sa ar an tsaoghal.
Currently Selected:
Eoin 16: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: