Eoin 17
17
Caibidil XVII.
Guidhe Chríost ar son a dheisciobal.
1Labhair Íosa na neithe sin: agus ag tógáil a shúl suas go neamh dó, dubhairt sé: A Athair, tháinic an uair, tabhair glóir do do Mhac, chun go dtugaidh do Mhac glóir duit-se:
2Amhail mar thug tú cumhacht dó ar gach uile fheoil,#Mait. 28, 18. chun go dtabharadh sé beatha shíorraidhe do gach aoinneach dá dtug tú dó.
3Agus is í seo an bheatha shíorraidhe: aithne a bheith acu ort-sa, an t-aon Dia fíor, agus ar Íosa Críost a chuir tú uait.
4Thug mise glóir duit ar an talamh: chríochnuigh mé an obair a thug tú damh le déanamh:
5Agus anois, a Athair, tabhair tusa glóir damh-sa i d’fhochair féin, leis an ghlóir a bhí agam i d’fhochair sul a raibh an domhan ann.
6D’fhoillsigh mé d’ainm do na daoine a thug tú damh as an tsaoghal. Ba leat-sa iad, agus thug tú damh-sa iad: agus chongbhuigh siad do bhriathar.
7Is eol dóibh anois gurab uait-se gach nídh dá dtug tú damh:
8Óir na briathra a thug tusa damh; thug mé dóibh: agus ghlac siad iad, agus thuig siad go fíor gur uait-se a tháinic mé, agus chreid siad gur tusa a chuir uait mé.
9Is ar a son atá mé ag guidhe. Ní ghuidhim ar son an tsaoghail, acht ar son na ndaoine a thug tú damh: óir is leat-sa iad:
10Agus is leat-sa gach nídh is liom-sa: agus is liom-sa na neithe is leat-sa: agus tá glóir fáighte agam ionnta.
11Agus ní fhuil mé ar an tsaoghal feasta, acht tá siad seo ar an tsaoghal, agus tá mise ag teacht chugat-sa. A Athair naomhtha, congbhuigh i d’ainm iad seo a thug tú damh: chun go mba aon iad, amhail agus sinne.
12Nuair a bhí mé ina gcuideachta, chongbhuigh mé i d’ainm-se iad. Choimhéad mé iad sin a thug tú damh: agus níor cailleadh aoinneach acu, acht an mac mallachtan, chun go gcóimhlíontaí an Scrioptúir.#Sailm 108, 8.
13Agus anois tá mé ag teacht chugat-sa: agus tá mé ag rádh na neithe seo ar an tsaoghal, chun go raibh mo lúthgháir-se iomlán ionnta-san.
14Thug mise dóibh do bhriathar, agus thug an saoghal fuath dóibh, de bhrígh nach de’n tsaoghal iad, amhail agus nach de’n tsaoghal mise.
15Ní fuil mé ag guidhe go dhtógthá amach as an tsaoghal iad, acht go gcongbhóchthá iad ó’n olc.
16Ní de’n tsaoghal iad, amhail agus nach de’n tsaoghal mise.
17Naomhuigh san fhírinne iad. Is é do bhriathar-sa an fhírinne.
18Amhail mar chuir tusa mise isteach san tsaoghal, chuir mise iad-san isteach san tsaoghal.
19Agus naomhuighim-se mé féin ar a son, chun go raibh siad-san fosta naomhuighthe san fhírinne.
20Agus ní ar a son-san amháin a ghuidhim, acht fosta ar son na ndaoine a chreidfeas ionnam tré n-a mbriathar-san:
21Chun go mba aon iad uilig, mar atá tusa, a Athair, ionnam-sa, agus mise ionnat-sa, go mba aon iad-san ionnain-ne fosta: chun go gcreididh an saoghal gur tusa a chuir uait mé.
22Agus an ghlóir a thug tusa damh-sa, thug mise dóbhtha-san: chun go mba aon iad, amhail agus is aon sinne.
23Mise ionnta-san, agus tusa ionnam-sa: chun go raibh siad ina n-aon i gceart: agus chun go raibh a fhios ag an tsaoghal gur tusa a chuir uait mé, agus go dtug tú grádh dóbhtha-san, amhail mar thug tú grádh damh-sa fosta.
24A Athair, is mian liom iad seo a thug tú damh a bheith i m’fhochair mar a mbím féin: chun go bhfeicidh siad mo ghlóir, a thug tú damh: de bhrígh gur ghrádhuigh tú mé roimh chruthughadh an domhain.
25A Athair chóir, níor aithin an saoghal thú, acht d’aithin mise thú agus bhí a fhios acu seo gur tú a chuir uait mise.
26Agus chuir mé d’ainm i n-iúl dóibh, agus cuirfidh mé i n-iúl é: chun go raibh an grádh, le n-ar ghrádhuigh tusa mé, ionnta, agus mise ionnta.
Currently Selected:
Eoin 17: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland