Lúcas 11
11
Caibidil XI
Múineann Críost urnaighe dá dheisciobail. Teilgeann sé amach deamhan balbh. Sáruigheann sé na Fairisínigh; agus fógrann sé mairgeacha ortha mar gheall ar a mbréagchráibhtheacht.
1Agus thárla, ag déanamh urnaighe i n-áit áirithe dó, nuair a stad sé, dubhairt duine dá dheisciobail leis: A Thighearna, múin dúinne urnaighe a dhéanamh, amhail mar mhúin Eoin fosta dá dheisciobail féin.
2Agus dubhairt sé leo: Nuair a ghní sibh urnaighe, abraigidh#Mait. 6, 9.: A Athair, go naomhthar d’ainm. Go dtigidh do ríoghacht.
3Ár n-arán laetheamhail tabhair dúinn indiu.
4Agus maith dúinn ár bpeacaidhe, mar a mhaithimíd-ne do gach aon ar a bhfuil fiacha againn, agus ná leig sinn i gcathughadh.
5Agus dubhairt sé leo: Cé agaibh a mbéadh caraid aige, agus go rachadh sé chuige i lár na h-oidhche agus a rádh leis: A charaid, tabhair iasacht thrí n-arán damh,
6Óir tháinic caraid liom chugam as a bhealach, agus ní fhuil dadamh agam le cur ós a chómhair,
7Agus go n-abróchadh seisean ó’n taoibh istigh, ghá fhreagairt: Ná bí mo bhodhradh, óir tá an doras druidthe anois agus tá mo chlann san leabaidh i mo theannta: ní thig liom éirghe agus tabhairt duit.
8Agus dá leanadh seisean de bhualadh, deirim libh, bíodh nach n-éireochadh sé le rud a thabhairt dó, as siocair gurab é a charaid é, éireochaidh sé, mar gheall ar a shíor-iarraidh, agus bhéarfaidh sé dó a oiread agus bhéas do dhíth air.
9Agus deirim libh:#Mait. 7, 7, agus 21, 22; Marc. 11, 24; Eoin 14, 13; Séamus 1, 5. Iarraigidh, agus bhéarfar díbh; cuartuighigidh, agus gheobhaidh sibh; buailigidh, agus fosclóchar díbh.
10Óir gach aoinneach a iarras, glacann sé; agus an té a chuartuigheas, gheibh sé; agus fosclóchar do’n té a bhuaileas.
11Agus cé agaibh a iarras arán ar a athair, agus gur cloch a bhéarfas sé dó?#Mait. 7, 9. Nó iasc, an dtabharfaidh sé nathair nimhe dó i n-áit an éisc?
12Nó má iarrann sé uibh, an sínfidh sé scorpion chuige?
13Dá bhrígh sin, má tá tuigse agaibh-se, atá olc, tabhartaisí maithe a thabhairt do bhur gcloinn: nach mó go mór a bhéarfas bhur n-Athair ó neamh an Spiorad maith dóbhtha sin a iarras air.
14Agus bhí sé ag teilgean amach#Mait. 9, 32, agus 12, 22. deamhain, agus bhí sé sin balbh. Agus nuair a bhí an deamhan curtha amach aige, labhair an balbhán, agus bhí iongantas ar na sluaighte.
15Acht dubhairt cuid acu: Teilgeann sé amach na deamhain tré Bheelsebub, prionnsa na ndeamhan.#Mait. 9, 34; Marc. 3, 22.
16Agus ag cur féachála air, d’iarr dream eile cómhartha ó neamh uaidh.
17Acht ar fheiceáil a smaointe dó-san, dubhairt sé leo: Gach ríoghacht a bhíos roinnte ina h-aghaidh féin, dhéanfar fásach dí, agus tuitfidh teach ar mhullach tighe.
18Agus mar an gcéadna, má bhíonn Satan roinnte ina aghaidh féin, cad é mar sheasóchas a ríoghacht? Óir deir sibh-se gur tré Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain.
19Agus má theilgim-se amach na deamhain tré Bheelsebub: cé leis a dteilgeann bhur gclann-sa amach iad? Dá bhrígh sin, béidh siad-san ina mbreithimh oraibh.
20Acht má theilgim amach na deamhain le méir Dé, tháinic ríoghacht Dé gan amhras chugaibh.
21Nuair a chongbhuigheas fear láidir armtha a chúirt, bhíonn a bhfuil ina sheilbh fá shíothcháin.
22Acht má thig fear níos treise ná é féin air, agus buaidh d’fhagháil air, tógfaidh sé leis an armáil uilig as a raibh a mhuinighin agus roinnfidh sé a chreach.
23An té nach mbíonn liom, bíonn sé i m’aghaidh: agus an té nach gcruinnigheann liom, scaipeann sé.
24Nuair a imthigheas an spiorad neamhghlan amach as duine, siubhlann sé fríd áiteacha tirime ar lorg suaimhnis: agus nuair nach bhfaghann sé sin, deir sé: Pillfidh mé chun mo thighe as a dtáinic mé amach.
25Agus nuair a thig sé, gheibh sé scuabtha agus cóirighthe é.
26Annsin téid sé agus bheir sé leis seacht spioraid eile níos measa ná é féin, agus ag dul isteach dóibh, ghní siad cómhnaidhe ann. Agus is measa stad deireannach an duine sin ná a chéad stad.
27Agus thárla, ag rádh na neithe sin dó, gur dhubhairt bean áirithe san tsluagh de ghuth árd leis: Is beannuighthe an bhroinn a d’iomchar thú, agus na cíocha a thug dúil duit.
28Acht dubhairt seisean: Acht abair gur beannuighthe iad-san a éisteas le briathar Dé, agus a chongbhuigheas é.
29Agus nuair a bhí na sluaighte ina rith chuige, thoisigh sé a rádh: Is glúin mhalluighthe an ghlúin seo;#Mait. 12, 39. iarrann sí cómhartha, acht ní thabharfar cómhartha dí, acht cómhartha Iónais, fáidh.
30Óir mar bhí Iónas ina chómhártha do mhuinntir Ninibhe,#Ión. 2, 1. is amhlaidh a bhéas Mac an Duine do’n ghlúin seo.
31Éireochaidh bainríoghan an deiscirt#3 Rígh. 10, 1; 2 Par. 9, 1. san bhreitheamhnas le muinntir na glúine seo, agus daorfaidh sí iad, óir tháinic sise ó imillchríocha an domhain d’éisteacht le h-eagna Shalomoin; agus féach, neach is mó ná Salomon annseo.
32Éireochaidh muinntir Ninibhe san bhreitheamhnas leis an ghlúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad-san aithrighe as ucht seanmóireacht Iónais;#Ión. 3, 5. agus féach, neach is mó ná Iónas annseo.
33Aoinneach a lasas lampa,#Mait. 5, 15; Marc. 4, 21. ní chuireann sé i bhfolach é ná faoi bhocsa an phlúir, acht ar an choinnleoir ionnas go bhfeicidh na daoine a bhíos ag teacht isteach an solus.
34Is í do shúil solus do chuirp.#Mait. 6, 22. Má bhíonn do shúil glan, béidh do chorp uilig soillseach; acht má bhíonn sí olc, béidh do chorp mar an gcéadna dorcha.
35Tabhair aire, mar sin, nach raibh an solus a bhíos ionnat ina dhorchadas.
36Ar an adhbhar sin, má bhíonn do chorp uilig soillseach, agus gan aon chuid de dorcha, béidh an t-iomlán soillseach, agus soillseochaidh sé thú mar dhéanfadh lampa soluis.
37Agus nuair a bhí sé ag cainnt, d’iarr Fairisíneach áirithe air dinnéar a ghlacadh ina fhochair. Agus ar dhul isteach dó, shuidh sé chun bídh.
38Agus thoisigh an Fairisíneach a mheabhrughadh agus a rádh leis féin, cad chuige nár nigh sé é féin roimh an dinnéar.
39Agus dubhairt an Tighearna leis:#Mait. 23, 25. Anois glanann sibh-se, a Fhairisíneacha, an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; acht tá bhur dtaobh istigh lán de chreachadóireacht agus d’urchóid.
40A dhaoine gan chéill, an té a rinne an taobh amuigh, nach ndearna sé an taobh istigh fosta?
41Acht tabhairigidh déirc as an méid a bhíos fágtha, agus féach, bíonn gach nídh glan díbh.
42Acht is mairg díbh-se, a Fhairisíneacha, óir díolann sibh deachmhadh an mhiontais agus na ruibhe agus gach uile luibhe, agus fágann sibh cóir agus carthannacht Dé gan chóimhlíonadh. Ba chóir díbh iad seo a dhéanamh, agus gan iad siúd d’fhágáil gan déanamh.
43Is mairg díbh, a Fhairisíneacha,#Mait. 23, 6; Marc. 12, 39. óir is maith libh na cathaoireacha tosaigh ins na sineagóga, agus fáiltiughadh d’fhagháil i n-áit an mhargaidh.
44Is mairg díbh, óir tá sibh mar thuambaí nach bhfeicthear, agus nach eol do na daoine a shiubhlas ortha.
45Agus deir duine de na dlightheoirí leis, ghá fhreagairt: A Mháighistir, ag rádh na neithe sin duit, bheir tú masla dúinne fosta.
46Agus dubhairt seisean:#Mait. 23, 4. Is mairg díbh-se fosta, a dhlightheoirí#11, 46 Is mairg díbh-se fosta, a dhlightheoirí. Labhrann sé ar dhoctúirí dlighe Mhaoise, dá ngoirtí na Scríobhaidhthe de ghnáth., óir leagann sibh ar na daoine ualaighe, nach féidir leo a n-iomchar, agus le h-oiread agus méar libh, ní bhaineann sibh féin leis na h-ualaighe.
47Is mairg díbh-se, a thógas#11, 47 Is mairg díbh-se, a thógas, &c. Níonbh ioncháinte ann féin leachta a tógáil ós cionn na bhfáidh, acht cáintear an intinn a bhí ag na daoine dona seo. Chuir siad an cómhartha creidimh agus cráibhtheachta seo i n-úsáid chun go bhféadadh siad a ndroch-rún d’imirt an Rígh na bhfáidh. tuambaí na bhfáidh; agus mharbh bhur n-aithreacha iad.
48Go deimhin bheir sibh fiadhnaise go n-aontuigheann sibh le gníomhartha bhur n-aithreach, óir mharbh siad-san iad, agus tógann sibh-se a dtuambaí.
49Is dá bhrígh sin a dubhairt eagna Dé: Cuirfidh mé fáidhe agus abstail chuca, agus dhéanfaidh siad cuid acu a mharbhadh agus a ghéirleanamhaint,
50Chun go n-éilighthear ar an ghlúin seo fuil na bhfáidh uilig a doirteadh ó thús an tsaoghail,
51Ó fhuil Abeil#Gein. 4, 8. go fuil Shacaríais,#2 Par. 24, 22. a marbhadh eadar an altóir agus an teampall. Mar sin, deirim libh, éileochar é ar an ghlúin seo.
52Is mairg díbh, a dhlightheoirí, óir rug sibh libh eochair na h-eagna: ní dheachaidh sibh féin isteach, agus thoirmisc sibh iad sin a bhí ag dul isteach.
53Agus nuair a bhí na neithe sin dá rádh aige leo, thoisigh na Fairisínigh agus na dlightheoirí a dhíospóireacht go dian leis, agus a chur tuirse ar a bhéal fá mhórán neithe,
54Ag déanamh ceilge air, agus ag dréim le breith ar rud éigin as a bhéal, le cur ina leith.
Currently Selected:
Lúcas 11: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: