Lúcas 10
10
Caibidil X
Cuireann Críost an dá dheisciobal déag agus trí fichid amach fríd an tír, agus bheir sé teagasc dóibh. An Samáiriteánach maith.
1Agus ina dhiaidh seo thogh an Tighearna dháréag agus trí fichid eile, agus chuir sé amach roimhe iad, ina mbeirt agus ina mbeirt, go gach cathair agus áit ina raibh sé féin le theacht.
2Agus dubhairt sé leo:#Mait. 9, 37. Tá an fóghmhar mór go dearbhtha, acht tá na h-oibridhthe gann. Ar an adhbhar sin, guidhigidh Tighearna an fhóghmhair chun go gcuiridh sé oibridhthe amach chuig a fhóghmhar.
3Imthighigidh: féach, cuirim sibh amhail uain imeasc mac tíré.#Mait. 10, 16.
4Ná h-iomcharaigidh sparán,#Mait. 10, 10; Marc. 6, 8. ná mála, ná bróga, agus ná beannuighigidh#4 Rígh. 4, 29. do dhuine ar bith ar an bhealach.
5Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigidh ar dtús: Go raibh síothcháin ag an tigh seo.
6Agus má bhíonn mac na síothchána annsin, cómhnóchaidh bhur síothcháin air; acht muna raibh, tiocfaidh sí thar ais chugaibh.
7Agus fanaigidh san tigh chéadna, ag ithe agus ag ól na neithe a bhíos acu: óir is fiú a thuarastal an t-oibridhe.#Deut. 24, 14; Mait. 10, 10; 1 Tim. 5, 18. Ná bígidh ag imtheacht ó thigh go tigh.
8Agus cibé cathair ina rachaidh sibh isteach agus go bhfáilteochaidh siad rómhaibh, ithigidh na neithe a chuirtear ós bhur gcómhair,
9Agus leigheasaigidh na daoine breoidhte a bhíos inntí, agus abraigidh leo: Tá ríoghacht Dé i ngaobhar díbh.
10Agus cibé cathair ina rachaidh sibh isteach agus nach bhfáilteochaidh siad rómhaibh, ag dul amach ar a sráideacha díbh, abraigidh:
11Fiú an dusta ó bhur gcathair a ghreamuigh dínn, glanamuid dínn é i bhur n-aghaidh;#Gníomh. 13, 51. acht bíodh a fhios seo agaibh, go bhfuil ríoghacht Dé i ngaobhar díbh.
12Deirim libh go mbéidh sócamhal ag Sodom an lá sin thar mar bhéas ag an chathair sin.
13Is mairg duit, a Chorosáin, is mairg duit, a Bhethsaida,#Mait. 11, 21. óir dá ndéantaí i dTior agus i Sídoin na míorbhailte a rinneadh ionnaibh-se, bhéadh aithrighe déanta i bhfad ó shoin acu, agus iad ina suidhe i n-éadach róin agus i luaith.
14Acht béidh sócamhal ag Tior agus ag Sídoin san bhreitheamhnas thar mar bhéas agaibh-se.
15Agus tusa, a Chapharnaum, atá tógtha suas go neamh, taomfar síos go h-ifreann thú.
16An té a éisteas libh-se, is liom-sa a éisteas sé, agus an té a bheir tarcuisne díbh-se, bheir sé tarcuisne damh-sa.#Mait. 10, 40; Eoin 13, 20. Agus an té a bheir tarcuisne damh-sa, bheir sé tarcuisne do’n té a chuir uaidh mé.
17Agus phill an dáréag agus trí fichid fá lúthgháir, ag rádh: A Thighearna, tá na deamhain féin faoi n-ár smacht i d’ainm-se.
18Agus dubhairt sé leo: Chonnaic mé Satan ag tuitim mar splainnc ó neamh.
19Féach, thug mé cumhacht díbh saltairt ar naithreacha nimhe agus scorpioin, agus ar neart an námhad go h-iomlán, agus ní ghortóchaidh aon nídh sibh.
20Acht ná bíodh lúthgháir oraibh san mhéid seo, go bhfuil na spioraid faoi bhur smacht; acht bíodh lúthgháir oraibh, de bhrígh go bhfuil bhur n-ainmneacha scríobhtha ins na flaithis.
21San uair chéadna sin tháinic lúthgháir air san Spiorad Naomh#10, 21 Tháinic lúthgháir air san Spiorad Naomh. Is é sin le rádh, do réir a dhaonnachta tháinic lúthgháir air san Spiorad Naomh, agus thug sé buidhechas dá Athair Shíorraidhe., agus dubhairt:#Mait. 11, 25. Bheirim buidheachas duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talaimh, de bhrígh gur fholuigh tú na neithe seo ar lucht eagna agus críonnachta, agus gur fhoillsigh tú iad do leanbháin. Seadh, a Athair, de bhrígh gurbh í sin do dhéagh-thoil.
22Tá na h-uile neithe tugtha damh-sa ag m’Athair, agus ní fhuil a fhios ag aoinneach cé h-é an Mac, acht an t-Athair, ná cé h-é an t-Athair, acht an Mac agus an té ar thoil leis an Mhac a nochtadh dó.
23Agus ag tionntódh chuig a dheisciobail dó, dubhairt sé:#Mait. 13, 16. Is beannuighthe na súla atchí na neithe atchí sibh-se.
24Óir deirim libh, gurbh áil le mórán fáidh agus ríghthe na neithe d’fheiceáil, atchí sibh-se, agus ní fhaca siad iad; agus na neithe a chluinstin, a chluin sibh-se, agus ní chuala siad iad.
25Agus féach, d’éirigh dlightheoir áirithe ina sheasamh, ag cur féachála air, agus ag rádh:#Mait. 22, 35; Marc. 12, 28. A Mháighistir, cad é is éigean damh a dhéanamh leis an bheatha shíorraidhe a ghnóthughadh?
26Agus dubhairt seisean leis: Cad é atá scríobhtha san dlighe? Cad é mar léigheas tú?
27D’fhreagair sé agus dubhairt:#Deut. 6, 5. Grádhóchaidh tú an Tighearna, do Dhia, le do chroidhe go h-iomlán, agus le d’anam go h-iomlán, agus le do neart go h-iomlán, agus le d’intinn go h-iomlán; agus do chómharsa mar thú féin.
28Agus dubhairt seisean leis: D’fhreagair tú go ceart: déan seo, agus mairfidh tú.
29Acht d’fhonn é féin a chur san cheart, dubhairt sé le h-Íosa: Agus cé h-é mo chómharsa?
30D’fhreagair Íosa agus dubhairt: Chuaidh duine áirithe síos ó Ierusalem go h-Ierico, agus casadh air sladairí a chreach é; agus i ndiaidh é a lot, d’imthigh siad leo, ghá fhágáil leath-mharbh.
31Agus thárla go ndeachaidh sagart áirithe síos an bealach céadna, agus gidh go bhfaca sé é, chuaidh sé thart thairis.
32Agus mar an gcéadna, nuair a bhí leibhíteach i ngaobhar do’n áit, agus chonnaic sé é, chuaidh sé thairis.
33Acht bhí Samáiriteánach áirithe ag cur an bhóthair de, agus tháinic sé i ndeas dó; agus ar a fheiceáil dó, bogadh le truaighe é.
34Tháinic sé chuige agus cheangail sé suas a chréachta, ag dortadh ola agus fíona ionnta: agus ghá chur ar a bheithidheach féin dó, sheól sé go teach ósta é, agus thug aire dó.
35Agus lá ar n-a bhárach, tharraing sé amach dhá phighinn, agus thug do’n óstóir iad, ag rádh: Tabhair aire dó, agus cibé a chaithfeas tú ós a chionn seo, díolfaidh mise leat é nuair a phillfeas mé.
36Cé acu de’n triúr seo, dar leat, a bhí ina chómharsain ag an té ar casadh na sladairí air?
37Acht dubhairt seisean: An té a rinne trócaire air. Agus dubhairt Íosa leis: Gabh, agus déan thusa mar an gcéadna.
38Agus thárla, ag imtheacht dóibh, go ndeachaidh seisean isteach i mbaile áirithe, agus ghlac bean áirithe, arbh ainm dí Marta, isteach chun a tighe é.
39Agus bhí deirbhshiúr aice, darbh ainm Máire, agus shuidh sise ag cosa an Tighearna fosta ag éisteacht le n-a bhriathar.
40Acht bhí Marta graitheach ag déanamh mórán freastail: agus sheasuigh sí, agus dubhairt: A Thighearna, an é nach misde leat gur fhág mo dheirbhshiúr mise le freastal a dhéanamh i m’aonar? Abair léi, mar sin, cuidiughadh liom.
41Agus d’fhreagair an Tighearna í, agus dubhairt: A Mharta, a Mharta, tá cúram ort, agus buaidhreamh ort fá mhórán neithe.
42Acht is aon nídh amháin atá riachtanach. Rinne Máire an rogha is feárr, agus ní bhainfear uaithe é.
Currently Selected:
Lúcas 10: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: