YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 9

9
Caibidil IX
Cuireann Críost a Abstail amach fríd an tír: cothuigheann sé cúig mhíle le cúig h-aráin: tig athrughadh crotha air: agus teilgeann sé amach deamhan.
1Annsin nuair a ghoir sé chuige an dáréag Abstal, thug sé cumhacht agus ughdarás dóibh ar na deamhain go h-uile, agus galair a leigheas.#Mait. 10, 1; Marc. 3, 15.
2Agus chuir sé iad a sheanmóir ríoghacht Dé, agus a leigheas na ndaoine breoidhte.
3Agus dubhairt sé leo:#Mait. 10, 9; Marc. 6, 8. Ná tabhairigidh dadamh libh le h-aghaidh bhur n-aistir, bata, ná mála, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta agaibh.
4Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cómhnuighigidh annsin, agus ná h-imthighigidh as.
5Agus muna bhfáiltighidh daoine rómhaibh, cibé ar bith iad, ag dul amach as an chathair sin díbh, craithigidh fiú an dusta de bur gcosa mar fhiadhnaise ina n-aghaidh.#Gníomh. 13, 51.
6Agus ar imtheacht dóibh thaisteal siad na bailte, ag seanmóireacht an tsoiscéil agus ag leigheas i ngach áit.
7Acht chuala Ioruadh, an teatrarc,#Mait. 14, 1; Marc. 6, 14. fá na neithe uilig a bhí dá ndéanamh aige, agus bhí amhras air de bhrígh go n-abradh
8Cuid de na daoine, gur éirigh Eoin ó na mairbh; acht deireadh cuid eile, gur thaisbeán Elías é féin; acht deireadh tuilleadh, gurbh é duine de na sean-fháidhe a d’éirigh.
9Agus dubhairt Ioruadh: Bhain mise an ceann de Eoin; acht cé h-é seo fá n-a gcluinim a leithéidí? Agus bhí sé ag iarraidh é d’fheiceáil.
10Agus ar philleadh do na h-Abstail, d’innis siad dó gach nídh dá ndearna siad, agus thug sé leis i leith iad agus bhain amach áit uaigneach ar de Bhethsaida í.
11Agus nuair a bhí a fhios sin ag na sluaighte, lean siad é; agus ghabh sé chuige iad, agus labhair sé leo ar ríoghacht Dé, agus leigheas sé iad sin a raibh leigheas do dhíth ortha.
12Acht thoisigh an lá a theacht chun deiridh. Agus tháinic an dáréag chuige gur dhubhairt leis:#Mait. 14, 15; Marc. 6, 36. Cuir ar shiubhal na sluaighte, go dtéighidh siad isteach ins na bailte agus na feirmeacha, atá thart timcheall, chun lóistín agus biadh d’fhagháil, óir is fásach an áit seo ina bhfuilmíd.
13Acht dubhairt seisean leo: Tabhairigidh sibh-se rud éigin le h-ithe dóibh. Agus dubhairt siad-san leis:#Eoin 6, 9. Ní fhuil níos mó ná cúig h-aráin agus dhá iasc againn, sin muna dtéighimíd agus biadh a cheannach do’n tsluagh seo uilig.
14Agus bhí tuairim ar chúig mhíle fear ann. Agus dubhairt sé le n-a dheisciobail: Cuirigidh ina suidhe iad i mbuidheanta, leith-chéad an bhuidhean.
15Agus rinne siad amhlaidh, agus chuir siad ina suidhe iad uilig.
16Agus ag glacadh na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, d’amharc sé suas ar neamh agus bheannuigh, agus bhris, agus thug dá dheisciobail, go gcuireadh siad ós cómhair na sluagh iad.
17Agus d’ith siad uilig agus fuair siad a sáith, agus tógadh a raibh fágtha i bhfuighleach acu, dhá bháscáid dhéag de chonamair.
18Agus thárla, nuair a bhí sé ag guidhe ina aonar, go raibh a dheisciobail fosta ina chuideachta,#Mait. 16, 13; Marc. 8, 27. agus cheistigh sé iad, ag rádh: Cé deir na sluaighte is mise?
19Agus dubhairt siad-san leis, ghá fhreagairt: Eoin Baiste, acht cuid eile, Elías, agus tuilleadh, gur duine de na sean-fháidhe a d’éirigh.
20Agus dubhairt sé leo: Acht cé deir sibh-se is mé? D’fhreagair Síomon Peadar agus dubhairt: Críost Dé.
21Agus bhagair sé ortha agus d’aithin dóibh gan seo d’innse do dhuine ar bith,
22Ag rádh:#Mait. 16, 21, agus 17, 21; Marc. 8, 31, agus 9, 30. Is éigean do Mhac an Duine mórán neithe d’fhuilstin, go séanadh na seanóirí agus uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe é, go gcuirthí chun báis é, agus go n-éirigheadh sé arís ar an treas lá.
23Agus dubhairt sé leo uilig:#Mait. 10, 38, agus 16, 24; Marc. 8, 34. Má’s áil le h-aoinneach teacht mo dhiaidh-se, diúltadh sé é féin, agus tógadh sé a chros gach lá, agus leanadh sé mé.
24Óir cibé ar mian leis a anam a shábháil, caillfidh sé é#Eoin 12, 25.: óir an té a chaillfeas a anam ar mo shon-sa, sábhlóchaidh sé é.
25Óir cad é is feárrde duine, má ghnóthuigheann sé an domhan uilig, agus é féin a chailleamhaint agus a aimhleas féin a dhéanamh?
26Óir an té a mbéidh náire air fúm-sa agus faoi mo bhriathra,#Mait. 10, 33; Marc. 8, 38; 2 Tim. 2, 12. béidh náire ar Mhac an Duine faoi-sean, nuair a thiocfas sé ina ghlóir agus i nglóir a Athar agus na naomh-aingeal.
27Agus deirim libh go fírinneach:#Mait. 16, 28; Marc. 8, 39. Tá cuid dá bhfuil ina seasamh annseo nach mblaisfidh bás go dtí go bhfeicidh siad ríoghacht Dé.
28Agus thárla tuairim agus ocht lá i ndiaidh na mbriathar sin, gur ghabh sé chuige Peadar agus Séamus agus Eoin, agus chuaidh sé suas ar an tsliabh a dhéanamh urnaighe.#Mait. 17, 1; Marc. 9, 1.
29Agus le linn dó a bheith ag guidhe, d’athruigh gné a aghaidhe, agus d’éirigh a chuid éadaigh geal agus lonnardha.
30Agus féach, bhí dhá fhear ag cómhrádh leis. Agus b’iad sin Maoise agus Elías,
31Dá léiriughadh i nglóir, agus bhí siad ag cainnt ar a bhás, a bhí le críochnughadh aige i n-Ierusalem.
32Acht bhí codladh trom ar Pheadar, agus ortha sin a bhí leis. Agus ar mhuscladh dóibh, chonnaic siad a ghlóir, agus an dá fhear a bhí ina seasamh ina fhochair.
33Agus thárla, nuair a bhí siad ag imtheacht uaidh, dubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith dúinn a bheith annseo; déanamaois trí botha, ceann duit-se, agus ceann do Mhaoise, agus ceann do Elías, óir ní raibh a fhios aige cad é bhí dá rádh aige.
34Agus le linn dó a bheith ag rádh na neithe sin, tháinic néall, agus chuir a scáile ortha, agus ghlac siad eagla ag dul isteach san néall dóibh.
35Agus tháinic guth as an néall, ag rádh: Is é seo mo Mhac múirneach;#2 Pead. 1, 17. éistigidh leis.
36Agus le linn a theacht do’n ghuth, fuarthas Íosa ina aonar. Agus d’fhan siad-san ina dtost, agus níor innis siad do dhuine ar bith ins na laethe sin aon nídh dá bhfaca siad.
37Agus thárla lá ar n-a bhárach, ag teacht anuas de’n tsliabh dóibh, gur casadh sluagh mór ortha.
38Agus féach, scairt fear as an tsluagh,#Mait. 17, 14; Marc. 9, 16. ag rádh: A Mháighistir, guidhim thú, dearc ar mo mhac, óir ní fhuil agam acht é;
39Agus féach, beireann spiorad air, agus, screadann sé go tobann, agus leagann agus tarraingeann sé as a chéile é agus cubhar leis, agus ní mó ná go scarann sé leis, acht é ghá strócadh.
40Agus d’iarr mé ar do dheisciobail é theilgean amach, acht ní tháinic leo.
41Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: A ghlúin mhíchreidmheach, chlaon, cá fhad a bhéas mé i bhur measc agus a chuirfeas mé suas libh? Tabhair do mhac annseo chugam.
42Agus nuair a bhí sé ag teacht chuige, leag an deamhan é agus tharraing sé as a chéile é.
43Agus bhagair Íosa ar an spiorad neamhghlan, agus leigheas sé an gasúr, agus thug sé thar ais dá athair é.
44Agus ghabh uathbhás iad uilig fá mhór-chumhacht Dé, agus nuair a bhí siad uilig ag déanamh iongantais de gach nídh dá ndearna sé, dubhairt sé le n-a dheisciobail: Cuirigidh na briathra seo i bhur gcroidhthe; óir tá Mac an Duine le tabhairt i lámha daoine.
45Acht níor thuig siad-san an chainnt sin, agus bhí sí ceilte ortha, ionnas nár airigh siad í, agus bhí eagla ortha é cheistiughadh fá’n chainnt sin.
46Agus tháinic an smaoineadh chuca, cé acu a ba mhó.#Mait. 18, 1; Marc. 9, 33.
47Acht ar fheiceáil smaointe a gcroidhe do Íosa, ghabh sé leanbh chuige, agus chuir sé ina aice féin é,
48Agus dubhairt leo: Cibé a ghlacfas an leanbh seo i m’ainm-se, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfas mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé; óir an té ar lugha é eadraibh uilig, is é is mó.
49Agus d’fhreagair Eoin, agus dubhairt: A Mháighistir, chonnacamar duine áirithe ag teilgean amach deamhan i d’ainm-se, agus choscamar é, de bhrígh nach leanann sé i n-ár gcuideachta.
50Agus dubhairt Íosa leis: Ná coscaigidh; óir an té nach mbíonn i bhur n-aghaidh, bíonn sé ar bhur leith.
51Agus thárla, nuair a bhí laethe a dheasgabhála dá gcríochnughadh, gur chuir sé a aghaidh go daingean ar dhul go h-Ierusalem.
52Agus chuir sé teachtairí roimhe, agus ar imtheacht dóibh, chuaidh siad isteach i mbaile de chuid na Samáiriteánach, le déanamh réidh dó.
53Agus níor fháiltigh siad roimhe, de bhrígh go raibh a aghaidh mar aghaidh duine ag dul go h-Ierusalem.
54Agus nuair a chonnaic a dheisciobail, Séamus agus Eoin, sin, dubhairt siad: A Thighearna, an áil leat go n-abramaois teine a theacht ó neamh chun iad sin a loscadh?
55Agus ag tionntódh thart dó, thug sé achmhusán dóibh, ag rádh: Ní fhuil a fhios agaibh cé’n spiorad ar de sibh.
56Ní tháinic Mac an Duine le h-anmanna a scrios, acht a shábháil.#Eoin 3, 17, agus 12, 47. Agus d’imthigh siad go baile eile.
57Agus thárla, nuair a bhí siad ag siubhal san tslighe, gur dhubhairt duine áirithe leis: Leanfaidh mé thú cibé ar bith áit a rachas tú.
58Dubhairt Íosa leis: Tá plothógaí ag na sionnaigh, agus tá neadracha ag éanacha an aeir,#Mait. 8, 20. acht ag Mac an Duine ní fhuil áit ar a leagfadh sé a cheann.
59Agus dubhairt sé le duine eile: Lean mise; acht dubhairt seisean: A Thighearna, leig damh dul a chéadradh agus m’athair a chur.
60Agus dubhairt Íosa leis: Leig do na mairbh a gcuid marbh a chur; acht téigh thusa agus foillsigh ríoghacht Dé.
61Agus dubhairt duine eile: Leanfaidh mé thú, a Thighearna, acht leig damh é d’innse a chéadradh do’n mhuinntir atá san bhaile.
62Dubhairt Íosa leis: Aoinneach a chuireas a lámh leis an tseisrigh agus a bhíos ag amharc siar ina dhiaidh, ní fhóireann sé do ríoghacht Dé.

Currently Selected:

Lúcas 9: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in