YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 24

24
Caibidil XXIV
Eiséirghe Chríost; taisbeánann sé é féin dá dheisciobail.
1Agus an chéad lá de’n tseachtmhain, go fíor-luath ar maidin, tháinic siad go dtí an tuamba,#Mait. 28, 1; Marc. 16, 2; Eoin 20, 1. ag tabhairt leo na spíosraí a d’ullmhuigh siad,
2Agus fuair siad an chloch tionntuighthe siar ó’n tuamba.
3Agus ag dul isteach dóibh, ní fhuair siad corp an Tighearna Íosa.
4Agus thárla, nuair a bhí uathbhás ortha ina n-aigne fá sin, féach, bhí beirt fhear ina seasamh ag a dtaoibh agus éadach lonnrach ortha.
5Agus mar go raibh eagla ortha agus chrom siad a n-aghaidh chun an talaimh, dubhairt siad-san leo: Cad chuige a gcuartuigheann sibh an beo i dteannta na marbh?
6Ní fhuil sé annseo, acht d’éirigh sé; cuimhnighigidh mar a labhair sé libh, nuair a bhí sé go fóill san Ghailile,
7Ag rádh:#Mait. 16, 21, agus 17, 21; Marc. 8, 31, agus 9, 30. Is éigean do Mhac an Duine a thabhairt i lámha dhaoine peacthach, agus a chéasadh, agus éirghe arís an treas lá.
8Agus thug siad a bhriathra i gcuimhne.
9Agus ar philleadh ó’n tuamba dóibh, d’innis siad na neithe sin uilig do’n aon fhear déag agus do’n chuid eile go léir.
10Agus b’iad Máire Magdailéin, agus Ioanna, agus Máire, máthair Shéamuis, agus na mná eile a bhí i n-aoinfheacht leo, a d’innis na neithe sin do na h-Abstail.
11Agus chonnacthas dóbhtha-san gur dhíth céille an chainnt sin, agus níor chreid siad í.
12Agus ar éirghe do Pheadar, rith sé go dtí an tuamba, agus nuair a chrom sé, chonnaic sé an línéadach ina luighe leis féin, agus d’imthigh sé leis agus iongantas air fá’n nídh a thárla.
13Agus féach, chuaidh beirt acu an lá sin go dtí baile,#Marc. 16, 12. dá ngoirtear Emmaus, a bhí trí fichid stáid ó Ierusalem.
14Agus bhí siad ag cómhrádh le chéile fá na neithe seo uilig a thárla.
15Agus thárla, nuair a bhí siad ag scéalaidheacht agus ag ceistiughadh a chéile, go dtáinic Íosa é féin chuca agus go ndeachaidh sé leo;
16Acht congbhuigheadh a súla chun nach n-aithnigheadh siad é.
17Agus dubhairt sé leo: Cad é an chainnt seo atá eadraibh ag siubhal díbh, agus sibh fá bhrón?
18Agus d’fhreagair duine acu, arbh ainm dó Cleophas, agus dubhairt leis: An tusa an t-aon choimhightheach amháin atá i n-Ierusalem, agus nárbh eol duit na neithe a thárla inntí na laethe seo?
19Agus dubhairt sé leo: Cá h-iad na neithe? Agus dubhairt siad: Fá Íosa as Nasair, fear a bhí ina fháidh chumhachtach i ngníomh agus i mbriathar ós cómhair Dé agus na ndaoine go léir,
20Mar a thug ár n-árdshagairt agus ár n-uachtaráin suas chun a dhaortha chun báis é, agus chéas siad é.
21Agus bhí súil againne gurbh eisean a bhí le h-Israél d’fhuascladh, agus le n-a chois sin uilig, is é seo an treas lá ó thárla na neithe sin.
22Agus mar an gcéadna, mná áirithe linn, a chuaidh chun an tuamba roimh sholus lae, chuir siad scannrughadh orainn,
23Agus mar nach bhfuair siad a chorp, tháinic siad a rádh go bhfaca siad féin fosta radharc aingeal, a deir go bhfuil sé beo.
24Agus chuaidh cuid againn go dtí an tuamba, agus is amhlaidh fuair siad, mar a dubhairt na mná, acht ní fhuair siad eisean.
25Agus dubhairt seisean leo: A dhaoine gan chéill agus a lucht ar mall an croidhe ionnaibh chun creidbheáil i ngach nídh dár labhair na fáidhe.
26Nárbh éigean do’n Chríost na neithe sin d’fhuilstin, agus dul isteach ar an chuma sin ina ghlóir?
27Agus ag toiseacht le Maoise agus leis na fáidhe go léir, mhínigh sé dóibh na neithe a bhain leis féin ins na scrioptúirí uilig.
28Agus tháinic siad i ngaobhar do’n bhaile a raibh siad ag dul ann, agus leig seisean air féin go raibh sé ag dul níos fuide.
29Acht d’éignigh siad-san é, ag rádh: Fan againne, óir tá an tráthnóna ag tuitim, agus tá an lá caithte cheana féin. Agus chuaidh sé isteach leo.
30Agus thárla, nuair a bhí sé ina shuidhe chun bídh ina gcuideachta, gur ghlac sé arán, agus bheannuigh, agus bhris agus thug dóibh é.
31Agus foscladh a súla, agus d’aithin siad é, agus d’imthigh sé as a n-amharc.
32Agus dubhairt siad le n-a chéile: Nach raibh ár gcróidhe ar lasadh ionainn, nuair a bhí sé ag cainnt ar an bhealach, agus ag nochtadh na scrioptúirí dúinn?
33Agus ag éirghe dóibh an uair chéadna sin, phill siad go h-Ierusalem, agus fuair siad an t-aon fhear déag, agus an mhuinntir a bhí ina gcuideachta, cruinnighthe le chéile,
34Ag rádh: D’éirigh an Tighearna go fíor, agus thaisbeán sé é féin do Shíomon.
35Agus d’innis siad-san na neithe a thárla ar an bhealach, agus mar d’aithin siad é i mbriseadh an aráin.
36Agus le linn dóibh a bheith ghá rádh sin, sheasuigh Íosa ina measc,#Marc. 16, 14; Eoin 20, 19. agus deir leo: Síothcháin go raibh agaibh; is mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.
37Acht bhí siad fríd a chéile agus eagla ortha, agus shíl siad gur spiorad a chonnaic siad.
38Agus dubhairt seisean leo: Cad chuige a bhfuil sibh fríd a chéile, agus cad chuige a n-éirigheann smaointe i bhur gcróidhe?
39Feicigidh mo lámha agus mo chosa, gur mise féin atá ann; mothuighigidh agus feicigidh, óir ní bhíonn feoil agus cnámha ag spiorad, mar atchí sibh agam-sa.
40Agus nuair a dubhairt sé sin, thaisbeán sé a lámha agus a chosa dóibh.
41Agus nuair nár chreid siad go fóill, agus iad ag déanamh iongantais tré lúthgháir, dubhairt sé: An bhfuil dadamh annseo agaibh le h-ithe?
42Agus thairg siad giota de iasc rósta, agus cíor mheala dó.
43Agus nuair a d’ith sé ós a gcómhair, thóg sé an fuighleach agus thug dóibh é.
44Agus dubhairt sé leo: Is iad seo na briathra a labhair mé libh nuair a bhí mé go fóill i bhur measc, gurab éigean gach nídh a chóimhlíonadh, dá bhfuil scríobhtha fá dtaoibh díom-sa i ndlighe Mhaoise, agus ins na fáidhe, agus ins na sailmeacha.
45Annsin d’fhoscail sé a dtuigse chun go dtuigeadh siad na scrioptúirí,
46Agus dubhairt sé leo: Sin mar atá scríobhtha,#Sailm 15, 10. agus sin mar b’éigean do’n Chríost fuilstin, agus éirghe arís ó na mairbh ar an treas lá:
47Agus aithrighe agus maitheamhnas peacaidhe a sheanmóir ina ainm-sean do na cinidheacha go léir, ag toiseacht ó Ierusalem.
48Agus is fiadhnaisigh#Gníomh. 1, 8. sibh-se ar na neithe sin.
49Agus cuirim geallamhaint m’Athar#24, 49 Geallamhaint m’Athar. An Spiorad Naomh a gheall Críost go gcuirfeadh sé féin agus a Athair. (Eoin 14, 26 agus 17, 7.) chugaibh; acht fanaigidh san chathair go dtí go gcuirtear cumhacht oraibh ó neamh.
50Agus thug sé amach leis go Betánia iad, agus ag tógáil a lámh dó, thug sé a bheannacht dóibh.
51Agus thárla, le linn dó a bheith ghá mbeannughadh, gur imthigh sé uatha, agus gur tógadh suas ar neamh é.#Marc. 16, 19; Gníomh. 1, 9.
52Agus ar thabhairt adhartha dóibh, phill siad go h-Ierusalem fá lúthgháir mhóir:
53Agus bhíodh siad de shíor san teampall, ag moladh agus ag beannughadh Dé. Amén.

Currently Selected:

Lúcas 24: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in