YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 4

4
Caibidil IV
Troscadh agus cathuighthe Chríost. Cuirtear géirleanamhaint air i Nasair. Ghní sé míorbhailte i gCapharnaum.
1Agus phill Íosa ó’n Iordáin, agus é lán de’n Spiorad Naomh, agus threoruigh an Spiorad isteach san fhásach é,#Mait. 4, 1; Marc. 1, 12.
2Ar feadh dhá fhichid lá, agus chuir an diabhal cathughadh air. Agus níor ith sé dadamh ins na laethe sin, agus nuair a bhí siad caithte, bhí ocras air.
3Agus dubhairt an diabhal leis: Má’s Mac Dé thú, abair leis an chloich seo a bheith ina h-arán.
4Agus d’fhreagair Íosa é: Tá sé scríobhtha:#Deut. 8, 3; Mait. 4, 4. Ní ar arán amháin a mhaireas an duine, acht ar an uile bhriathar Dé.
5Agus threoruigh an diabhal é go sliabh an-árd, agus thaisbeán sé ríoghachtaí an domhain go h-uile dó i mbomaite ama,
6Agus dubhairt sé leis: Bhéarfaidh mé an chumhacht seo uilig duit, agus a nglóir, óir tugadh damh-sa iad, agus bheirim iad do mo rogha duine.
7Ar an adhbhar sin, má ghní tú adhradh ós mo chómhair, is leat iad go léir.
8Agus dubhairt Íosa leis, ghá fhreagairt: Tá sé scríobhtha:#Deut. 6, 13, agus 10, 20. Bhéarfaidh tú adhradh do’n Tighearna, do Dhia, agus is dó-san amháin a dhéanfas tú seirbhís.
9Agus thug sé go h-Ierusalem é, agus chuir sé ar bheinn an teampaill é, agus dubhairt leis: Má’s Mac Dé thú, teilg thú féin síos as seo.
10Óir tá sé scríobhtha:#Sailm 90, 11. Go dtug sé órdughadh dá chuid aingeal i do thaoibh, chun tú chosaint,
11Agus tógfaidh siad ina lámha thú, ar eagla go mbuailtheá do chos i n-éadan cloiche.
12Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sé ráidhte#Deut. 6, 16.: Ní chuirfidh tú féacháil ar an Tighearna, do Dhia.
13Agus nuair a bhí na cathuighthe go léir críochnuighthe, d’fhág an diabhal é ar feadh tamaill.
14Agus phill#Mait. 4, 12; Marc. 1, 14. Íosa i gcumhacht an Spioraid chun na Gailile, agus chuaidh iomrádh air amach fríd an cheanntar go léir.
15Agus bhí sé ag tabhairt teagaisc ina sineagóga, agus gach aoinneach ghá mholadh.
16Agus tháinic sé go Nasair#Mait. 13, 54; Marc. 6, 1; Eoin 4, 45. mar ar tógadh é, agus chuaidh sé isteach san tsineagóig lá na sabóide, mar ba ghnáthach leis, agus d’éirigh sé ina sheasamh le léightheoireacht a dhéanamh.
17Agus tugadh dó leabhar Isaiais, fáidh. Agus nuair a d’fhoscail sé an leabhar, fuair sé an áit ina raibh scríobhtha:
18Tá spiorad an Tighearna orm,#Isaias 61, 1. agus dá bhrígh sin rinne sé mé d’ungadh, agus chuir sé mé chun an soiscéal a sheanmóir do na bochta, lucht an chroidhe bhrúighte a leigheas,
19Fuascladh a fhuagairt do phríosúnaigh, agus amharc do na daill, na daoine cráidhte a shaoradh, bliadhain fhabhair an Tighearna agus lá an tuarastail d’fhuagairt.
20Agus nuair a dhruid sé an leabhar, thug sé thar ais do’n fhreastalaidhe é, agus shuidh sé síos. Agus bhí súla a raibh san tsineagóig sáithte ann.
21Agus thoisigh sé a rádh leo: Indiu tá an scrioptúir seo ar a chóimhlíonadh i bhur gcluasa.
22Agus rinne siad uilig fiadhnaise leis, agus b’iongnadh leo na briathra grásamhla a thigeadh as a bhéal, agus deireadh siad: Nach é seo mac Ióseph?
23Agus dubhairt sé leo: Gan amhras déarfaidh sibh an sean-fhocal seo liom: A liaigh, leigheas thú féin; neithe cómh mór agus chualamar a rinneadh i gCapharnaum, déan iad fosta annseo i do dhúthaigh féin.
24Agus dubhairt sé: Amén adeirim libh, ní ghlactar le fáidh ar bith ina dhúthaigh féin.
25Deirim libh go fírinneach go raibh mórán baintreabhach i n-Israél le linn Elíais,#3 Rígh. 17, 9. nuair a bhí an spéar druidthe trí bliadhna agus sé mhí, agus gorta mhór ar fud na tíre go léir:
26Agus níor cuireadh Elías chuig aoinneach acu, acht chuig baintreabhaigh mná i Sarepta na Sídoine.
27Agus bhí mórán lobhar#4 Rígh. 5, 14. i n-Israél le linn Eliséuis, fáidh, agus níor glanadh aoinneach acu acht Naaman, an Síreach.
28Agus bhí fearg ar á raibh san tsineagóig nuair a chuala siad na neithe sin.
29Agus d’éirigh siad gur theilg siad amach as an chathair é, agus thug siad leo é go bárr an tsléibhe ar a raibh a gcathair suidhte, chun é chaitheamh síos ar mhullach a chinn.
30Acht ghluais seisean leis fríotha agus d’imthigh sé.
31Agus chuaidh sé síos go Capharnaum,#Mait. 4, 13; Marc. 1, 21. cathair san Ghailile, agus bhíodh sé ghá dteagasc annsin ar na sabóidí.
32Agus bhí uathbhás ortha fá n-a, teagasc,#Mait. 7, 28. óir bhí cumhacht ag dul le n-a chainnt.
33Agus bhí san tsineagóig duine ina raibh deamhan neamhghlan,#Marc. 1, 23. agus scairt sé de ghuth árd,
34Ag rádh: leig dúinn, cad é an bhaint atá againne agus agat-sa le chéile, a Íosa as Nasair? An dár milleadh a tháinic tú? Tá a fhios agam cé h-é thú, Neach Naomhtha Dé.
35Agus bhagair Íosa air, ag rádh: Bí do thost, agus gach amach as. Agus nuair a chaith an deamhan i lár báire é, d’imthigh sé amach as, gan díoghbháil ar bith a dhéanamh dó.
36Agus tháinic crith-eagla ortha go léir, agus bhíodh siad ag cómhrádh le n-a chéile, ag rádh: Cad é seo mar bhriathar, óir bheir sé órdughadh do na spioraid neamhghlana le cumhacht agus neart, agus téigheann siad amach?
37Agus leathnuigh a chliú go gach ball de’n cheanntar.
38Agus d’éirigh Íosa ó’n tsineagóig agus chuaidh sé isteach i dtigh Síomoin. Agus bhí máthair chéile Síomoin gaibhte leis an fhiabhras mhór,#Mait. 8, 14; Marc. 1, 31. agus ghuidh siad é ar a son.
39Agus ina sheasamh dó ós a cionn, smacht sé an fiabhras, agus chuir sé ar shiubhal é. Agus ar an bhomaite d’éirigh sise agus rinne sí freastal ortha.
40Agus indiaidh luighe na gréine an méid a raibh daoine acu a bhí tinn le galair de’n uile sheort, thug siad chuige iad. Agus ag cur a lámh dó-san ar gach aoinneach acu leigheas sé iad.
41Agus d’imthigheadh deamhain#Marc. 1, 34. amach as mórán agus iad ag scairtigh agus ag rádh: Is tú Mac Dé; agus bhagradh sé ortha agus ní leigeadh sé dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh eisean an Críost.
42Agus ag dul amach dó, nuair a bhí sé ina lá, chuaidh sé go h-áit uaignigh, agus bhí na sluaighte ghá chuartughadh, agus tháinic siad fhad leis, agus bhí siad ghá chongbháil, ar eagla go n-imthigheadh sé uatha.
43Acht dubhairt seisean leo: Is éigean damh ríoghacht Dé a chraobhscaoileadh ins na cathracha eile fosta, óir is fá n-a choinne sin a cuireadh mé.
44Agus bhí sé ag seanmóir i sineagóga na Gailile.

Currently Selected:

Lúcas 4: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in