YouVersion Logo
Search Icon

Lúcas 6

6
Caibidil VI
Glacann Críost leithscéal a dheisciobal: Leigheasann sé ar an tsabóid: toghann sé an dáréag, agus bheir sé seanmóir dóibh.
1Agus thárla ar an dara chéad sabóid#6, 1 An dara chéad sabóid. Measann daoine áirithe gur Sabóid na Cingcíse atá i gceist:, óir b’í sin an dara ceann a ba mhó i gcéim de na féilte móra. Measann daoine eile go gcialluigheann an t-ainm an tsabóid a thigeadh díreach i ndiaidh féile sollamhanta ar bith., nuair a bhí sé ag dul fríd na guirt arbhair,#Mait. 12, 1; Marc. 2, 23. bhí a dheisciobail ag piocadh na ndias, ghá gcuimilt ina mbosa, agus ghá n-ithe.
2Agus dubhairt cuid de na Fairisínigh leo: Cad chuige a ndéan sibh rud nach bhfuil dlisteannach ar an tsabóid?
3Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfeagairt: An é nár léigh sibh an nídh seo a rinne Dáibhidh, nuair a bhí ocras air féin agus ar an méid a bhí ina chuideachta?
4Mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé,#1 Rígh. 21, 6. gur thóg agus gur ith sé aráin na fiadhnaise, agus thug dóbhtha sin a bhí ina chuideachta, agus ní ceadmhach acht do na sagairt#Ecs. 29, 32; Leibh. 24, 9. amháin a n-ithe?
5Agus dubhairt sé leo: Tá Mac an Duine ina Thighearna fiú ar an tsabóid.
6Agus thárla ar shabóid eile fosta go ndeachaidh sé isteach san tsineagóig agus go raibh sé ag teagasc; agus bhí duine annsin, agus bhí a lámh dheas seargtha.#Mait. 12, 10; Marc. 3, 1.
7Agus bhí na Scríobhaidhtheagus na Fairisínigh ghá choimhéad, féachaint an ndéanfadh sé leigheas ar an tsabóid, chun go bhfaghadh siad adhbhar le cur ina leith.
8Acht bhí fios a smaointe aige-sean, agus dubhairt sé leis an duine a raibh an lámh sheargtha air: Éirigh agus seasuigh i lár báire. Agus d’éirigh seisean agus sheasuigh.
9Agus dubhairt Íosa leo: Fiafruighim díbh, an cóir maith a dhéanamh ar an tsabóid, nó olc; anam a shábháil, nó a mhilleadh?
10Agus nuair a d’amharc sé thart ortha uilig, dubhairt sé leis an duine: Sín amach do lámh. Agus shín, agus fágadh a lámh slán aige.
11Acht líonadh le mí-stuaim iad-san, agus thoisigh siad a chómhradh eatortha féin, cad é dhéanfadh siad le h-Íosa.
12Agus thárla ins na laethe sin, go ndeachaidh sé suas ar an tsliabh a dhéanamh urnaighe, agus thug sé an oidhche ag guidhe Dé.
13Agus nuair a tháinic an lá, ghoir sé chuige a dheisciobail, agus thogh sé dáréag acu,#Mait. 10, 1; Marc. 3, 13. (a dtug sé Abstail ortha).
14Síomon, a dtug sé Peadar mar ainm air, agus Aindrias, a dhearbhráthair, Séamus agus Eoin, Pilip agus Partholán,
15Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alpheuis, agus Síomon, dá ngoirtear Dúthrachtaidhe,
16Agus Iúdas bráthair Shéamuis, agus Iúdas Iscariot, an té a bhraith é.
17Agus ar theacht anuas dó i n-aoinfheacht leo, sheasuigh sé ar mhachaire mhín, agus cóimhthionól a dheisciobal ann, agus sluagh mór daoine as Iudaia go léir agus ó Ierusalem agus ó chladaigh na Tiora agus na Sídoine,
18A tháinic le h-éisteacht leis agus le leigheas a gcuid galar d’fhagháil. Agus an méid a bhíodh dá gcrádhadh ag spioraid neamhghlana, leigheasadh iad.
19Agus bhí an sluagh uilig ag iarraidh cuimilt leis, óir bhí cumhacht ag dul amach uaidh, agus ghá leigheas uilig.
20Agus nuair a thóg sé suas a shúla ar a dheisciobail,#Mait. 5, 2. dubhairt sé: Is beannuighthe sibh-se na bochta, óir is libh ríoghacht Dé.
21Is beannuighthe sibh-se,#Mait. 5, 6. a bhfuil ocras oraibh anois, óir gheobhaidh sibh bhur sáith. Is beannuighthe sibh-se, atá ag gol anois, óir béidh sibh ag gáiridhe.
22Is beannuighthe a bhéas sibh,#Mait. 5, 11. nuair a bhéarfas na daoine fuath díbh, agus a chuirfeas siad as a gcuideachta sibh, agus bhéarfas siad tarcuisne díbh, agus a chaithfeas siad bhur n-ainm uatha amach mar droch-rud, mar gheall ar Mhac an Duine.
23Bíodh áthas oraibh an lá sin agus éirighigidh i n-áirde le lúthgháir: óir féach, is mór bhur luach saothair ar neamh; óir is mar sin a ghníodh a n-aithreacha leis na fáidhe.
24Acht is mairg díbh-se atá saidhbhir,#Eccl. 3, 8; Amos 6, 1. óir tá bhur sólás agaibh.
25Is mairg díbh-se,#Isaias 65, 13. a bhfuil bhur sáith agaibh, óir béidh ocras oraibh. Is mairg díbh-se, atá ag gáiridhe anois, óir béidh sibh ag caoineadh agus ag gol.
26Is mairg díbh nuair a labharfas na daoine go maith oraibh; óir is mar sin a ghníodh a n-aithreacha leis na fáidhe bréige.
27Acht deirim libh-se atá ag éisteacht:#Mait. 5, 44. Grádhuighigidh bhur náimhde; déanaigidh maith dóbhtha sin a thug fuath díbh.
28Iarraigidh beannacht ar na daoine a bhíos ag mallachtaigh oraibh, agus guidhigidh ar son na ndaoine a bhíos ag cur bhréag oraibh.
29Agus an té a bhuaileas thú ar leacain leat,#Mait. 5, 39; 1 Cor. 6, 7. tionntuigh chuige an leacain eile fosta, agus má bheir duine do chlóca leis, ná cosg air do chasóg acht a oiread.
30Tabhair do gach aoinneach a iarras ort, agus ná h-iarr thar ais do chuid féin ar an té a bheir uait é.
31Agus do réir mar is toil libh#Mait. 7, 12; Tob. 4, 16. go ndéanadh na daoine libh déanaigidh leo mar an gcéadna.
32Agus má ghrádhuigheann sibh iad sin a bheir ghrádh díbh, cad é an buidheachas a bhíos oraibh?#Mait. 5, 46. Óir grádhuigheann na peacaigh féin na daoine a ghrádhuigheas iad.
33Agus má ghní sibh maith dóbhtha sin a ghní maith díbh, cad é an buidheachas a bhíos oraibh? Óir ghní na peacaigh féin an nídh sin.
34Agus má bheir sibh iasacht#Deut. 15, 8; Mait. 5, 42. dóbhtha sin ó n-a bhfuil súil agaibh é d’fhagháil thar ais, cad é an buidheachas a bhíos oraibh? Óir bheir peacaigh iasacht do pheacaigh chun a gcothrom d’fhagháil thar ais.
35Acht grádhuighigidh bhur náimhde; déanaigidh maith agus tabhairigidh iasacht, gan a bheith ag súil le dadamh dá bhárr, agus béidh luach saothair mór agaibh, agus béidh sibh bhur gcloinn ag an té is Áirde, óir bíonn seisean go maith do dhaoine a bhíos díombuidheach agus olc,
36Ar an adhbhar sin, bígidh trócaireach, mar atá bhur n-Athair trócaireach fosta.
37Ná tabhairigidh breitheamhnas,#Mait. 7, 1. agus ní thabharfar breitheamhnas oraibh; ná daoraigidh, agus ní dhaorfar sibh; maithigidh, agus maithfear díbh.
38Tabhairigidh uaibh, agus bhéarfar díbh: miosúr maith, brúighte síos, craithte agus ag dul thairis a bhéarfas siad isteach i bhur n-ucht. Óir is leis an mhiosúr#Mait. 7, 2; Marc. 4, 24. chéadna le n-a dtómhaisfidh sibh a thómhaisfear thar ais díbh.
39Agus labhair sé samhlaoid leo fosta: An dtig le dall dall a threorughadh? Nach dtuiteann siad araon isteach san díg?
40Ní fhuil an deisciobal ós cionn a mháighistir;#Mait. 10, 24; Eoin 13, 16. acht béidh gach aoinneach sár-mhaith, má bhíonn sé mar a mháighistir.
41Agus cad chuige a bhfeiceann tú an scealbóg i súil do dhearbhráthar,#Mait. 7, 3. agus nach ndéan tú an tsail atá i do shúil féin a bhreathnughadh?
42Nó cad é mar thig leat a rádh le do dhearbhráthair: A dhearbhráthair, leig damh an scealbóg a tharraingt amach as do shúil, nuair nach bhfeiceann tú an tsail i do shúil féin? A bhréagchráibhthigh, caith amach an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin tcífidh cú go soiléir chun an scealbóg a bhaint as súil do dhearbhráthar.
43Óir ní fhuil crann maith a bheir droch-thoradh uaidh,#Mait. 7, 18, agus 12, 33. ná crann olc a bheir déagh-thoradh uaidh.
44Óir aithnightear gach crann as a thoradh. Óir ní chruinnigheann daoine fígí de chrainn spíona, agus ní bhaineann siad caor fhíneamhna de dhreasóig.
45Tairgeann an déag-dhuine an mhaith as déagh-stór a chroidhe, agus tairgeann an droch-dhuine an t-olc as a dhroch-stór. Óir labhrann an béal an rud a mbíonn an croidhe lán de.
46Agus cad chuige a ngoireann sibh, a Thighearna, a Thighearna, díom, agus nach ndéan sibh na neithe a deirim?#Mait. 7, 21; Rómh. 2, 13; Séamus 1, 22.
47Gach aoinneach dá dtig chugam-sa, agus a éisteas le mo bhriathra, agus a ghní dá réir, taisbeánfaidh mé díbh cé leis ar cosamhail é:
48Is cosamhail é le duine ag tógáil tighe, a thochail go domhain agus a leag an dubhshraith ar an charraig; agus nuair a tháinic an tuile, bhuail an sruth go tréan fá’n tigh sin, agus ní raibh sé i n-innimh é chorrughadh; óir bhí sé bunuighthe ar an charraig.
49Acht an té a chluin agus nach ndéan, is cosamhail é le duine ag tógáil tighe ar an charraig gan dubhshraith, agus tháinic an sruth go tréan air, agus thuit sé láithreach, agus ba mhór tuitim an tighe sin.

Currently Selected:

Lúcas 6: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in