Maitiú 12
12
Caibidil XII
Cáineann Críost daille na bhFairisíneach, agus bréagnuigheann sé iad nuair a deir siad gur tré chumhacht Shatain a ghní sé míorbhailte.
1San am sin chuaidh Íosa fríd na guirt arbhair ar an tsabóid: agus mar go raibh ocras ar a dheisciobail, thoisigh siad a phiocadh na ndias, agus á n-ithe.#Marc. 2, 23; Lúc. 6, 1.
2Acht chonnaic na Fairisínigh iad, agus dubhairt leis: Féach, tá do dheisciobail ag déanamh ruda nach dlisteannach a dhéanamh ar an tsabóid.
3Acht dubhairt Íosa leo:#1 Rígh. 21, 6. Nó nár léigh sibh cad é rinne Dáibhidh nuair a bhí ocras air féin, agus ar a raibh i n-aoinfheacht leis?
4Mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé gur ith aráin na fiadhnaise#12, 4 Aráin na fiadhnaise. B’é sin an t-ainm a bí ar an dá arán déag a chuirtí san Áit Naomhta, ós cómhair na h-áite Ró-Naomhtha amach, i dteampall Dé., nár cheadmhach dó féin ná dá raibh i n-aoinfheacht leis a n-ithe, acht amháin do na ságairt.#Leibh. 24, 9.
5Nó nár léigh sibh san dlighe#Uimh. 28, 9. go mbriseann na sagairt san teampall an tsabóid ar na sabóidí, agus go mbíonn siad neimh-chionntach?
6Agus deirim libh go bhfuil neach is mhó ná an teampall annseo.
7Agus dá mbéadh a fhios agaibh cad é is ciall le seo: #1 Rígh. 15, 22; Eccl. 4, 17; Osee 6, 6.Ní íodhbairt acht trócaire is toil liom: ní dhaorfadh sibh na neamhchoirthigh a choidhche.
8Óir tá Mac an Duine ina thighearna fiú ar an tsabóid.
9Agus ar fhágáil na h-áite sin dó, tháinic sé isteach ina sineagóig.
10Agus féach, bhí fear ann a raibh lámh sheargtha#Marc. 3, 1; Lúc. 6, 6. air, agus d’fhiafruigh siad de, ag rádh: An dlisteannach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid? Chun go gcionntuigheadh siad é.
11Acht dubhairt seisean leo:#Deut. 22, 4. Cé an duine agaibh, dá mbéadh aon chaora amháin aige, agus í tuitim isteach i bpoll ar an tsabóid, nach bhfuigheadh greim uirthí agus nach dtógfadh í?
12Nach feárr i bhfad duine ná caora? Ar an adhbhar sin is ceadmhach maith a dhéanamh ar an tsabóid.
13Annsin deir sé leis an fhear: Sín amach do lámh. Agus sin sé amach í, agus d’éirigh sí slán mar an cionn eile.
14Ar dhul amach do na Fairisínigh, chuaidh siad i gcómhairle ina aghaidh, fá’n chaoi ina gcuirfeadh siad chun báis é.
15Acht bhí a fhios sin ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin: agus lean mórán é, agus leigheas sé iad uilig.
16Agus d’órduigh sé dóibh gan é chur i n-aithne.
17Ionnas go gcóimhlíontaí an nídh a dubhradh tríd an fháidh, Isaias, a deir:#Isaias 42, 1.
18Féach, mo sheirbhíseach a thogh mé, mo ghrádh i n-ar chuir m’anam mór-thaitneamh. Cuirfidh mé mo Spiorad air, agus fógróchaidh sé breitheamhnas do na cinidheacha.
19Ní dhéanfaidh sé achrann, ná callán, agus ní chluinfidh aoinneach a ghuth ar na sráideacha.
20Ní bhrisfidh sé an giolcach brúighte, agus an líon a mbéidh toit as ní mhúchfaidh sé, go dtí go dtugaidh sé an breitheamhnas chun buaidhe.
21Agus is as a ainm a bhéas a muinighin ag na cinidheacha.
22Annsin tugadh chuige balbhán dall, a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, ionnas gur labhair sé agus go bhfaca sé.
23Agus ghabh iongantas na sluaighte go léir, agus dubhairt siad: Nach é seo Mac Dháibhidh?
24Acht nuair a chuala na Fairisínigh sin,#Marc. 3, 22; Lúc. 11, 15. dubhairt siad: Ní theilgeann sé seo amach na deamhain acht tré Bheelsebub, prionnsa na ndeamhan.
25Acht b’eol do Íosa a smaointe, agus dubhairt sé leo: Gach ríoghacht#Lúc. 11, 17. a bhíos roinnte ina h-éadan féin, bánóchar í, agus gach cathair nó teach a bhíos roinnte ina éadan féin, ní sheasóchaidh sé.
26Agus má teilgeann Satan amach Satan, bíonn sé roinnte ina éadan féin, agus cad é, dá bhrígh sin, mar sheasóchas a ríoghacht?
27Agus má theiligim-se amach na deamham tré Beelsebub, cé tríd a dteilgeann bhur gclann-sa amach iad? Ar an adhbhar sin, béidh siad-san ina, mbreitheamhain oraibh.
28Acht má theilgim-se amach na deamhain i Spiorad Dé, tháinic ríoghacht Dé, dá bhrígh sin, i bhur measc.
29Nó cad é mar thig le h-aoinneach dul isteach i dtigh an fhir láidir, agus a threalamh d’fhuadach, muna gceanglaidh sé an fear láidhir ar dtús? Agus annsin sladfaidh sé a theach.
30An té nach bhfuil liom, tá sé i m’aghaidh: agus an té nach gcruinnigheann liom, scaipeann sé.
31Ar an adhbhar sin, deirim libh: Maithfear do na daoine gach peacadh agus diamhasla,#Marc. 3, 28; Lúc. 12, 10. acht ní mhaithfear diamhasla i n-aghaidh an Spioraid#12, 31 Diamhasla i n-aghaidh an Spioraid. Is é an peacadh atá i gceist annseo an diamhasla le n-ar chuir na Fairisínigh síos do Bheelsebub, prionnsa na ndeamhan, na míorbhailte a rinne Críost tré Spiorad Dé. An méid a bhíos cionntach ina leithéro sin de pheacadh, bíonn siad ceanndána, agus cuireann siad go coilteannach agus d’aonturas i n-aghaidh Spiorad Dé agus na fírinne a bhíos soiléir, san chruth nach dtionntuigheann siad a choidhche, nó go fíor-annamh, ar a leas. Ar an adhbhar sin, ní mhaithfear dóibh a choidhche, mar nach ndéanfaidh siad aithrighe. Taobh amuigh de sin ní fhuil peacadh ar bith nach dtig le Dia a mhaitheamh, agus nach mian leis a mhaitheamh, do’n té a mbíonn aithreachas fíor air, agus a théigheas le saoradh d’fhagháil ó eochracha na h-Eaglaise..
32Agus cibé a labharfas focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfear dó é: acht an té a labharfas i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní mhaithfear dó é ar an tsaoghal seo, ná ar an tsaoghal atá le theacht#12, 32 Ar an tsaoghal atá le theacht. Is iontuigthe, deir N. Aghuistín (De Civit. L. 12, c. 13) agus N. Greagóir (Dialog. 4, c. 39) go maithtear peacaidhe áirithe ar an tsaoghal eile: agus, mar sin de, go bhfuil áit mheadhónach nó purgadóir ann..
33Déanaigidh an crann maith, agus a thoradh maith; sin nó déanaigidh an crann lobhtha, agus a thoradh lobhtha: óir is ó n-a thoradh a aithnightear an crann.
34A shliocht naithreach nimhe, cad é mar thig libh neithe maithe a labhairt, agus sibh féin olc? óir labhrann an béal an nídh a mbíonn an croidhe lán de.#Lúc. 6, 45.
35Tairgeann an déag-dhuine deigh-neithe as a dhéagh-stór, agus tairgeann an droch-dhuine droch-neithe as a dhroch-stór.
36Acht deirim libh, gach briathar díomhaoin#12, 36 Briathar díomhaoin. Léirigheann seo go bhfuil áit ann ina gcuirfear pionós sealadach ar daoine i ndiaidh a mbáis mar shásamh ins na peacaidhe agus na lochta éadtroma a rinne siad. dá labharfaidh na daoine, go dtabharfaidh siad cunntas ann ar lá an bhreitheamhnais.
37Óir is as do bhriathra a shaorfar thú, agus is as do bhriathra a dhaórfar thú.
38Annsin d’fhreagair dream áirithe de na Scríobhaidhthe agus de na Fairisínigh é, agus dubhairt: A Mháighistir, is mian linn cómhartha#12, 38 Cómhartha. Is é sin le rádh, míorbhail ó neamh. (N. Lúc. 11, 16.) d’fheiceáil uait.
39 #
Lúc. 11, 29; 1 Cor. 1, 22. Acht dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: Iarrann droch-ghlúin adhaltrannach cómhartha, agus ní thabharfar cómhartha dí, acht cómhartha Iónais,#Ión. 2, 1. fáidh.
40Óir mar bhí Iónas i mbolg an mhíl mhóir trí lá#12, 40. Trí lá&c. Ní trí lá agus trí oidhche go h-iomlán atá san áireamh, acht cuid de thrí lá agus de thrí oidhche. D’airmhigheadh na h-lúdaigh an lá iomlán, is é sin le rádh, an lá agus an oidhche, ó luighe gréine go luighe gréine. Ag áireamh laethe dóibh, bheireadh siad lá ar chuid de’n lá: dá réir sin, ba thrí lá ó thráthnóna Dia h-Aoine go maidin Dia Domhnaigh. agus trí oidhche, is amhlaidh a bhéas Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe an talaimh.
41Éireochaidh muinntir Ninibhe#Ión. 3, 5. san bhreitheamhnas leis an ghlúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad-san aithrighe le linn sheanmóireacht Iónais: agus féach, neach is mó ná Iónas annseo.
42Éireochaidh bainríoghan an deiscirt san bhreitheamhnas leis an ghlúin seo, agus daorfaidh sí í, óir tháinic sise ó imillchríocha an domhain d’éisteacht le h-eagna Shalomoin.#3 Rígh. 10, 1; 2 Par. 9, 1. Agus féach, neach is mó ná Salomon annseo.
43I ndiaidh dul amach as duine do’n Spiorad neamhghlan, siubhlann sé#Lúc. 11, 24. fríd áiteacha tirime ar lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é.
44Annsin deir sé: Pillfidh mé chun mo thighe as a dtáinic mé amach. Agus ar theacht dó, gheibh sé folamh, scuabtha, agus cóirighthe é.
45Annsin téid sé, agus bheir sé leis seacht spioraid eile níos measa ná é féin, agus ar dhul isteach dóibh, ghní siad cómhnaidhe annsin: agus éirigheann stad deireannach an duine sin níos measa ná a chéad stad.#2 Pead. 2, 20. Is mar sin a thárlóchas fosta do’n droch-ghlúin seo.
46Agus ar bheith dó go fóill ag labhairt leis na sluaighte, féach, sheasuigh a mháthair agus a bhráithre amuigh,#Marc. 3, 31; Lúc. 8, 19. ag iarraidh labhairt leis.
47Agus dubhairt duine éigin leis: Féach, tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh do chuartughadh.
48Agus d’fhreagair seisean an té a d’innis dó, agus dubhairt: Cé h-í mo mháthair#12, 48 Cé h-í mo mháthairNí chun a bheag a dhéanamh dá mháthair a dubhairt Íosa sin, acht chun a thaisbeáint dúinn nár cheart dúinn leigin do ghrádh ainmheasardha saoghalta dár n-aithreacha agus máithreacha teacht eadrainn agus seirbís Dé. Ghníodh Muire toil Dé i gcómhnaidhe, agus ba mar gheall an sin, níos mó ná mar gheall ar an cheangal fola, a thuill sí grádh uaidh. Is dóigh go bhfuil tagairt annseo fosta do thoghadh na gcinidheach i n-ionad na n-lúdach, a ghaolta féin, a cuireadh ar gcúl., agus cé h-iad mo bhráithre?
49Agus ag síneadh a láimhe chun a dheisciobal dó, dubhairt sé: Féach, mo mháthair agus mo bhráithre.
50Óir cibé ar bith a dhéanfas toil m’Athar atá ar neamh, is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.
Currently Selected:
Maitiú 12: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: