Maitiú 13
13
Caibidil XIII
Fáithscéalta an churadóra, an chogail, an tsíl mhuscáird, &c.
1Chuaidh Íosa amách as an tigh an lá sin, agus shuidh sé cois na mara.
2Agus chruinnigh sluaighte móra#Marc. 4, 1; Lúc. 8, 4. chuige, ionnas go ndeachaidh sé isteach san bhád, agus ghur shuidh ann: agus sheasuigh an sluagh uilig ar an tráigh.
3Agus labhair sé mórán neithe leo i bhfáithscéalta, ag rádh: Féach, chuaidh an curadóir amach a chur síl.
4Agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid acu ar thaoibh an bhóthair agus tháinic éanacha an aeir gur ith siad iad.
5Agus thuit cuid eile acu ar thalamh chlochách, áit nach raibh mórán cré acu, agus d’fhás siad aníos láithreach, de bhrígh nach raibh doimhne chré acu.
6Agus nuair a d’éirigh an ghrian, scalladh iad: agus mar nach raibh fréamh acu, smal siad.
7Agus thuit tuilleadh acu fríd dhreasógaí, agus d’fhás na dreasógaí gur phlúch siad iad.
8Agus thuit tuilleadh acu ar thalamh mhaith, agus thug siad-san toradh uatha, ceann acu fá chéadh, ceann fá thrí fhichid, agus ceann eile fá dheich ar fhichid.
9An té a bhfuil cluasa le h-éisteacht air, éisteadh sé.
10Agus tháinic a dheisciobail chuige, agus dhubhairt leis: Cad chuige a labhrann tú leo i bhfáithscéalta?
11Dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: De bhrígh gur díbh-se a tugadh eolas a bhéith agaibh ar rúindiamhra ríoghacht na bhflaitheas, acht ní tugadh sin dóbhtha-san.
12Óir an té a bhfuil aige, bhéarfar dó, agus béidh Fairsingeach aige: acht an té nach bhfuil aige, bainfear uaidh fiú an rud atá aige.
13Is ar an adhbhar sin a labhraim leo i bhfáithscéalta; óir ar fheiceáil dóibh, ní fheiceann siad, agus ar chluinstin dóibh, ní chluin siad, agus ní thuigeann siad.
14Agus cóimhlíontar ionnta tairngireacht Isaiais,#Isaias 6, 9; Marc. 4, 12; Lúc. 8, 10; Eoin 12, 40; Gníomh. 28, 26; Rómh. 11, 8. a deir: Ar chluinstin díbh, cluinfidh sibh, agus ní thuigfidh sibh: agus ar fheiceáil díbh, tchífidh sibh, agus ní thabharfaidh sibh fá dear.
15Óir tháinic maolughadh ar chroidhe an phobail seo, agus ní mó ná gur chuala siad le n-a gcluasa, agus dhruid siad a súla, ar eagla go bhfeiceadh siad am ar bith le n-a súla, agus go gcluineadh siad le n-a gcluasa, agus go dtuigeadh siad le n-a gcroidhthe, agus go dtionntuigheadh siad, agus go leigheasainn iad.
16Acht is beannuighthe bhur súla-sa, de bhrígh go bhfeiceann siad, agus bhur gcluasa de bhrígh go gcluin siad.
17Óir amén adeirim libh,#Lúc. 10, 24. b’áil le mórán fáidh agus daoine cóir na neithe d’fheiceáil, atchí sibh-se, agus ní fhaca siad iad; agus na neithe a chluinstin, a chluin sibh-se, agus ní chuala siad iad.
18Éistigidh, mar sin, le fáithscéal an churadóra:
19Gach aoinneach a chluineas briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann é, agus tig an droch-rud annsin, agus beireann sé leis an nídh a cuireadh ina chroidhe: is é sin an té i n-ar cuireadh an síol ar thaoibh an bhóthair.
20Agus an té i n-ar cuireadh an síol ar thalamh chlochach, is é sin an té a chluin an briathar, agus a ghlacas é láithreach le lúthgháir.
21Acht ní fhuil fréamh aige ann féin, acht tá sé neambuan: agus nuair a thig trioblóid agus géirleanamhaint, mar gheall ar an bhriathar, glacann sé scainneal ar an bhomaite.
22Agus an té i n-ar cuireadh an síol fríd na dreasógaí, is é sin an té a chluin an briathar, acht plúchann cúram an tsaoghail seo agus mealladh an tsaidhbhris an briathar, agus bíonn sé gan toradh.
23Acht an té i n-ar cuireadh an síol i dtalamh mhaith, is é sin an té a chluin an briathar, a thuigeas é, agus a bheir toradh uaidh, agus bheir ceann toradh fá chéad, ceann eile fá thrí fhichid, agus ceann eile fhá dheich ar fhichid.
24Chuir sé fáithscéal#Marc. 4, 26. eile ós a gcómhair, ag rádh: Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le fear a chuir síol maith ina ghort.
25Acht nuair a bhí na daoine ina gcodladh, tháinic a námha agus chuir sé cogal i lár na cruithneachta, agus bhog leis.
26Agus nuair a d’fhás an geamhar, agus thug sé a thoradh, nocht an cogal é féin fosta.
27Annsin tháinic na seirbhísigh chuig fear an tighe, agus dubhairt siad leis: A Máighistir, nár chuir tú síol maith i do ghort? Cá h-as, mar sin, a dtáinic an cogal ann?
28Agus dubhairt seisean leo: Is námha a rinne seo. Agus dubhairt na seirbhísigh leis: An toil leat sinn a dhul agus é a bhaint?
29Agus dubhairt seisean: Ní toil: ar eagla, ag baint an chogail díbh, go dtarraingeadh sibh an chruithneacht as an talamh, b’fhéidir, i n-aoinfheacht leis.
30Leigigidh dóibh araon fás go dtí an fóghmhar, agus i n-aimsir an fhóghmhair, déarfaidh mise leis na buanaidhthe: Cruinnighigidh an cogal ar dtús, agus déanaigidh é a chéangal ina phunainn le dóghadh, acht cruinnighigidh an chruithneacht isteach i mo scioból.
31Chuir sé fháithscéal eile#Marc. 4, 31; Lúc. 13, 19. ós a gcómair, ag rádh: Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le gráinnín de shíol mustáird a ghlac duine gur chuir ina ghort é.
32Is é is lugha de na síolta uilig é; acht nuair a fhásas sé, is é is mó de na luibheanna go léir, agus éirigheann sé ina chrann, san chruth go dtig éanacha an aeir le cómhnaidhe a dhéanamh ina ghéaga.
33Labhair sé fáithscéal eile#Lúc. 13, 21. leo: Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le deascaidh a ghlac bean gur fholuigh sí é i dtrí pheice mine, go dtí go raibh an t-iomlán ina dheascaidh.
34Labhair Íosa na neithe seo uilig leis na sluaighte i bhfáithscéalta, agus ní labharadh sé leo acht i bhfáithscéalta.
35Ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd an fháidh, a dubhairt:#Sailm 77, 2. Fosclóchaidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta; nochtfaidh mé neithe atá foluighthe ó thús an tsaoghail.
36Annsin nuair a chuir sé na sluaighte ar shiubhal, tháinic sé isteach san tigh;#Marc. 4, 34. agus tháinic a dheisciobail chuige, agus dubhairt: Mínigh dúinn fáithscéal an chogail san ghort.
37D’fhreagair seisean, agus dubhairt leo: An té a chuireas an síol maith, is é Mac an Duine é.
38Agus is é an domhan an gort. Agus is iad clann na ríoghachta an síol maith. Agus is iad clann an droch-ruda an cogal.
39Agus is é an diabhal an námha a chuir é. Is é deireadh an tsaoghail an fóghmhar.#Taidhbh. 14, 15. Agus is iad na h-aingle na buanaidhthe.
40Agus dá bhrígh sin, amhail mar chruinnightear an cogal, agus dóightear le teinidh é, is mar sin a bhéas ag deireadh an tsaoghail.
41Cuirfidh Mac an Duine amach a chuid aingeal, agus baileochaidh siad as aríoghacht an uile scainneal, agus lucht déanta na h-urchóide.
42Agus caithfidh siad isteach i n-áithe na teineadh iad: is annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal.
43Annsin soillseochaidh na fíréin mar an ghréin#Eagna 3, 7; Dan. 12, 3. i ríoghacht a n-Athar. An té a bhfuil cluasa le h-éisteacht aige, éisteadh sé.
44Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le h-óirchiste i bhfolach i ngort; agus nuair a gheibh duine é, congbhuigheann sé ceilte é; agus le tréan áthais ina thaoibh, téid sé agus díolann sé a bhfuil aige, agus ceannuigheann sé an gort sin.
45Arís, is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le ceannaidhe ar lorg phéarlaí maith,
46Agus ar fhagháil phéarla an-luachmhair dó, d’imthigh sé, agus dhíol a raibh aige, agus cheannuigh é.
47Arís is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le saighin a chaitheadh san fhairrge, agus a ghabhas an uile chinéal éisc,
48Agus nuair a bhí sí lán, tharraing siad amach í, agus ina suidhe ar an tráigh dóibh, thogh siad an méid a bhí maith isteach i soithigh, agus chaith uatha an méid a bhí gan mhaith.
49Is mar sin a bhéas ag deireadh an tsaoghail. Rachaidh na h-aingle amach, agus scaithfidh siad na droch-dhaoine amach ó na fíréin.
50Agus caithfidh siad isteach i n-áite na teineadh iad. Is annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal.
51Ar thuig sibh na neithe seo uilig? Deir siad leis: Thuigeamar.
52Dubhairt sé leo: Ar an adhbhar sin, gach scríobhaidhe dár fhoghlaim teagasc ríoghacht na bhflaitheas, is cosamhail é le fear tighe a thairgeas as a stór an nua agus an sean.
53Agus thárla, nuair a chríochnuigh Íosa na fáithscéalta seo, gur fhág sé an áit sin.
54Agus ag teacht chun a thíre féin dó, thug sé teagasc dóibh ina sineagóga,#Marc. 6, 1; Lúc. 4, 16. ionnas gur ghabh iongantas iad, agus gur dhubhairt siad: Cá h-áit a bhfuair an fear seo an eagna, agus na cumhachtaí seo?
55Nach é seo mac an tsaor adhmaid?#Eoin 6, 42. Nach í sin dá ngoirtear Muire a mháthair? Agus nach iad Séamus, agus Ióseph, agus Síomon, agus Iúdas a dhearbhráithre#13, 55 A dhearbhráithre. B’iad seo clann Mháire, bean Chleophais, agus deirbhsiúr na Maighdine Muire. (Mait. 27, 56; Eoin 19, 25.) Do réir nos cainnte an Scrioptúra tugadh dearbhráithre Chríost ortha mar go raibh siad ina ngar-ghaolta aige.?
56Agus a dheirbhsheathracha, nach bhfuil siad uilig annseo againn? Cá h-áit, mar sin, a bhfuair sé na neithe seo uilig?
57Agus fuair siad scainneal ann. Acht dubhairt Íosa leo: Ní bhíonn fáidh gan onóir, acht amháin ina thír féin, agus ina thigh féin.
58Agus ní dhearna sé mórán míorbhailte annsin, mar gheall ar a n-ainchreideamh.
Currently Selected:
Maitiú 13: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: