Maitiú 14
14
Caibidil XIV
Cuireann Ioruadh Eoin chun báis. Cothuigheann Críost cúig mhíle san fhásach. Suibhlann sé ar mhullach na fhairrge, agus leigheasann sé na daoine breoidhte a bhaineas le feaithim a éididh.
1San am sin chuala Ioruadh,#Marc. 6, 14; Lúc. 9, 7. Teatrarc#14, 1 Teatrarc. Tig an focal sin ó’n Ghréigis, agus cialluigheann sé duine a riaghlas an ceathramhadh cuid de ríoghacht. Bhí Ioruadh san am sin ag riaghladh na Gailile, an ceathramhadh cuid de ríoghacht a athar., cliú Íosa,
2Agus dubhairt sé le n-a lucht freastail: Is é seo Eoin Baiste: d’éirigh sé ó na mairbh; agus, ar an adhbhar sin, tá míorbhailte dá n-oibriughadh ann.
3Óir ghabh Ioruadh Eoin, agus cheangail é,#Marc. 6, 17; Lúc. 3, 19. agus chuir isteach i bhpríosún é, mar gheall ar Herodias, bean a dhearbhráthar.
4Óir dubhairt Eoin leis: Ní dlisteannach duit í a bheith agat.
5Ba mhian leis é chur chun báis, acht bhí eagla roimh na daoine air, mar gur mheas siad é bheith ina fháidh.#Marc. 6, 19.
6Nuair a tháinic cothrom an lae ina rugadh Ioruadh, rinne inghean Herodiaise damhsa ós a gcómhair, agus thaitin sí le h-Ioruadh.
7Ionnas gur gheall sé le mionna go dtabharfadh sé dí cibé ar bith dá n-iarrfadh sí air.
8Acht ó fuair sise a h-órdughadh roimh ré ó n-a máthair, dubhairt sí: Tabhair damh annseo ar méis ceann Eoin Baiste.
9Agus tháinic aithreachas ar an rígh; acht mar gheall ar a mhionna, agus ar an mhuinntir a bhí ag caitheamh bídh leis, d’órduigh sé é a thabhairt dí.
10Agus chuir sé duine uaidh, agus bhain sé an ceann de Eoin san phríosún.
11Agus tugadh a cheann ar méis, agus tugadh do’n chailín é, agus thug sise dá máthair é.
12Agus tháinic a dheisciobail, agus thóg leo an corp, agus d’adhlaic siad é, agus tháinic siad gur innis do Íosa é.
13Agus nuair a chuala Íosa é, d’imthigh sé as sin i mbád go h-áit uaignigh ar leith;#Marc. 6, 31; Lúc. 9, 10; Eoin 6, 3. agus nuair a chuala na sluaighte sin, lean siad é de shuibhal cos amach as na cathracha.
14Agus ag dul amach dó-san, chonnaic sé sluagh mór, agus ghlac sé truaighe dóibh, agus leigheas sé a n-easláin.
15Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna, tháinic a dheisciobail chuige, agus dubhairt; Is fásach an áit seo, agus chuaidh an t-am thart: cuir na sluaighte ar shiubhal, chun go dtéighidh siad isteach ins na bailte a cheannach bídh dóibh féin.
16Acht dubhairt Íosa leo: Ní fhuil feidhm acu dul; tabhairigidh, sibh-se rud éigin le h-ithe dóibh.
17D’fhreagair siad-san é; Ní fhuil ágainn annseo acht cúig h-aráin agus dhá iasc.#Eoin 6, 9.
18Dubhairt seisean leo: Tabhairigidh annseo chugam iad.
19Agus nuair a d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an fhéar, ghlac sé na cúig h-aráin agus an dá iasc, d’amharc suas ar neamh, bheannuigh, bhris agus thug na h-aráin dá dheisciobail, agus thug na deisciobail do na sluaighte.
20Agus d’ith siad uilig, agus fuair siad a sáith. Agus chruinnigh siad a raibh fágtha, dhá bhascáid dhéag lán de chonamair.
21Agus bhí an méid a d’ith i líon a gcúig mhíle fear, gan trácht ar mhná agus páistí.
22Agus láithreach chuir Íosa d’fhiachaibh ar a dheisciobail dul san bhád,#Marc. 6, 45. agus an taobh eile de’n uisce a bhaint amach roimhe, go dtí go gcuireadh sé ar shiubhal an sluagh.
23Nuair a bhí an sluagh curtha ar shiubhal aige, chuaidh sé suas ar an tsliabh ina aonar a ghuidhe.#Marc. 6, 46; Eoin 6, 15. Agus nuair a tháinic an tráthnóna, bhí sé ina aonar annsin.
24Acht bhí an bád i lár na fairrge dá chaitheamh anonn agus anall ag na tonnaí; óir bhí an ghaoth ina aghaidh.
25Agus san ceathramhadh faire de’n oidhche tháinic sé chuca ag siubhal ar an mhuir.
26Agus nuair a chonnaic siad é ag siubhal ar an mhúir, scannruigh siad, agus dubhairt: Is samhailt atá ann. Agus leig siad uaill astú le h-eagla.
27Agus ar an bhomaite labhair Íosa leo, ag rádh: Bíodh misneach agaibh: is mise atá ann; ná bhíodh eagla oraibh.
28D’fhreagair Peadar agus dubhairt: A Thighearna, má’s tusa atá ann, órduigh damh-sa teacht chugat ar mhullach na n-uisce.
29Agus dubhairt seisean: Tar. Agus ar dhul amach as an bhád do Pheadar, chuaidh sé a shiubhal ar an uisce le dul chuig Íosa.
30Acht nuair a chonnaic sé an ghaoth láidir, ghlac sé eagla: agus nuair a thoisigh sé a dul fhaoi uisce, scairt sé, ag rádh: A Thighearna, sábháil mé.
31Agus ar shíneadh amach a láimhe ar an bhomaite do Íosa, rug sé greim air, agus dubhairt leis: A dhuine an chreidimh bhig, cad chuige ar ghabh amhras thú?
32Agus nuair a tháinic siad isteach san bhád, stad an ghaoth.
33Annsin tháinic na daoine a bhí san bhád, agus thug siad adhradh dó, ag rádh: Is tú Mac Dé go fíor.
34Agus nuair a bhí siad thar uisce, tháinic siad#Marc. 6, 53. go tír Ghenesair.
35Agus nuair a fuair fir na h-áite sin aithne air, chuir siad scéala amach fríd an cheanntar sin uilig, agus thug siad chuige na h-easláin go léir.
36Agus d’iarr siad air leigin dóibh baint fiú amháin le feaithim a éididh. Agus an méid a bhain, rinneadh slán iad.
Currently Selected:
Maitiú 14: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: