Maitiú 17
17
Caibidil XVII
Tig athrughadh crotha ar Chríost: díbreann sé deamhan as gasúr, agus bheir sé rabhadh fá n-a pháis: díolann sé an dá dhrachma.
1Agus i gcionn shé lá gabhann Íosa chuige Peadar agus Séamus, agus Eoin a dhearbhráthair,#Marc. 9, 1; Lúc. 9, 28. agus bheir sé leis ar leith iad suas ar shliabh an-árd:
2Agus h-athruigheadh a chruth ina bhfiadhnaise. Agus shoillsigh a aghaidh mar an ghréin: agus d’éirigh a chuid éadaigh geal mar shneachta.
3Agus féach, chonnacthas dóibh Maoise agus Elías agus iad ag cainnt leis.
4Agus d’fhreagair Peadar, agus dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, is maith dúinn a bheith annseo: má’s áil leat, déanamaois trí botha annseo, ceann duit-se, ceann do Mhaoise, agus ceann do Elías.
5Le linn é a bheith ag cainnt, féach, chuir néall soillseach a scáile ortha. Agus féach, guth as an néall, ag rádh:#2 Pead. 1, 17. Is é seo mo Mhac múirneach ina bhfuil mo mhór-thaitneamh: éistigidh leis.
6Ar a chluinstin sin do na deisciobail, thuit siad ar a n-aghaidh, agus tháinic eagla an-mhór ortha.
7Agus tháinic Íosa gur leig sé a lámh ortha, agus dubhairt leo: Éirighigidh, agus ná bíodh eagla oraíbh.
8Agus ar thógáil a súl dóibh, ní fhaca siad aoinneach acht amháin Íosa é féin.
9Agus ag teacht anuas ó’n tsliabh dóibh, thug Íosa órdughadh dóibh, ag rádh: Ná h-innsigidh an taisbeánadh do dhuine ar bith go dtí go n-éirighidh Mac an Duine ó mharbhaibh.
10Agus cheistigh a dheisciobail é, ag rádh:#Marc. 9, 10. Cad chuige, mar sin, a n-abrann na Scríobhaidhthe gurab éigean do Elías a theacht ar dtús?
11Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfhreagairt:#Mal. 4, 5. Tiocfaidh Elías leoga, agus dhéanfaidh sé na h-uile neithe d’athnuadhadh.
12Acht deirim-se libh go dtáinic Elías cheana féin, agus níor aithin siad é, acht rinne siad a dtoil féin leis. Is amhlaidh a fhulaingeochas Mac an Duine uatha.
13Annsin thuig na deisciobail gur ar Eoin Baiste a labhair sé leo.
14Agus nuair a tháinic sé go dtí an sluagh, tháinic duine chuige a chaith é féin ar a ghlúna ós a chómhair,#Marc. 9, 16; Lúc. 9, 38. ag rádh: A Thighearna, déan trócaire ar mo mhac; óir tá sé ina ghealt, agus é dá phianadh go mór; óir tuiteann sé go minic san teinidh, agus go minic san uisce.
15Agus thug mé chuig do dheisciobail é, agus ní tháinic leo é a leigheas.
16Annsin d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: A ghlúin mhí-chreidmheach, chlaon, cá fhad a bhéas mé i bhur measc? Cá fhad a chuirfeas mé suas libh? Tabhair annseo chugam é.
17Agus bhagair Íosa air; agus d’imthigh an deamhan amach as: agus bhí an páiste leigheasta ó’n uair sin.
18Annsin tháinic na deisciobail chuig Íosa i ngan fhios, agus dubhairt: Cad chuige nach dtáinic linne é theilgean amach?
19Dubhairt Íosa leo: Mar gheall ar bhur n-easbaidh creidimh. Óir amén adeirim libh,#Lúc. 17, 6. má bhíonn creideamh agaibh mar ghráinnín de; shíol mustáird#17, 19 ghráinnín de; shíol mustáird. Is é sin, creideamh beacht, ar cosamhail é ina airdheanna agus ina thoradh le gráinnín de’n tsíol mustáird a luaidhtear san fháithscéal (12, 31)., déarfaidh sibh leis an tsliabh seo: Athruigh as seo anonn annsiúd, agus athróchaidh sé, agus ní bhéidh aon nídh do-dhéanta agaibh.
20Acht ní chuirtear amach an cinéal seo acht le h-urnaighe agus le troscadh.
21Agus ar bheith ina gcómhnaidhe san Ghailile dóibh, dubhairt Íosa leo:#Marc. 9, 30; Lúc. 9, 44. Tá Mac an Duine le tabhairt i lámha daoine:
22Agus cuirfidh siad chun báis é, agus éireochaidh sé arís ar an treas lá. Agus ghabh dobhrón an-mhór iad.
23Agus nuair a tháinic siad go Capharnaum, tháinic lucht tógála an dá dhrachma#17, 23 dá dhrachma. B’ionann dhá dhrachma agus leith-sicil, nó leath-staitéir, agus b’fhui cúig pighinn déag é: bhí an méid sin de cháin ar gach aoinneach chun seirbhís an teampaill. chuig Peadar, agus dubhairt leis: Nach ndíolann bhur máighistir an dá dhrachma?
24Deir seisean: Díolann. Agus nuair a tháinic sé chun an tighe, bhain Íosa an focal as a bhéal, ag rádh: Cad é do bharamhail-se, a Shíomoin? Cé uatha a nglacann ríghthe an domhain cíos nó cáin? Ó n-a gcloinn féin, nó ó na coimhighthigh?
25Agus dubhairt seisean: Ó na coimhighthigh. Dubhairt Íosa leis: Ar an adhbhar sin tá an chlann saor.
26Acht chun nach dtabharamuid scainneal dóibh, imthigh chun na fairrge agus caith dubhán, agus tóg leat an chéad iasc a éireochas, agus ar fhoscladh a bhéil duit, gheobhaidh tú staitéar; glac sin agus tabhair dóibh é ar mo shon-sa agus ar do shon féin.
Currently Selected:
Maitiú 17: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: