Maitiú 16
16
Caibidil XVI
Diúltann Críost cómhartha ó neamh a thaisbeáint do na Fairisínigh. Gheibh Peadar luach saothair a admhála, agus bheir Críost achmhusán dó as siocair gur chuir sé i n-aghaidh na páise. Caithfidh lucht leanamhna Chríost go léir diúltadh dóibh féin.
1Agus tháinic na Fairisínigh agus na Sadducaigh chuige a chur féachála air:#Marc. 8, 11. agus d’iarr siad air cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh.
2Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt:#Lúc. 12, 54. Nuair a bhíos sé ina thráthnóna, deir sibh: Béidh soineann ann, óir tá an spéar dearg:
3Agus ar maidin: Béidh stoirm ann indiu, óir tá an spéar ghruamdha ag deargadh.
4Is eol díbh, mar sin, gnúis na spéire a bhreathnugadh: An é nach dtig libh cómharthaí na linne d’aithne? Iarrann droch-ghlúin adhaltrannach cómhartha, acht ní thabharfar cómhartha dí, acht cómhartha Iónais, fáidh.#Ión. 2, 1. Agus d’fhág sé iad agus d’imthigh sé.
5Agus nuair a tháinic a dheisciobail trasna na mara, bhí dearmad déanta acu arán a thabhairt leo.
6Agus dubhairt seisean leo: Tabhairigidh aire agus seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach agus na Sadducach.#Marc. 8, 15; Lúc. 12, 1.
7Acht thoisigh siad-san a mhachtnamh ina n-aigne, ag rádh: Mar nach dtugamar arán linn.
8Acht bhí a fhios sin ag Íosa, agus dubhairt: A lucht an chreidhim bhig, cad chuige a bhfuil sibh ag machtnamh i bhur n-aigne, mar nach bhfuil arán agaibh?
9Nach dtuigeann sibh go fóill, agus nach cuimhin libh na cúig h-aráin do’n chúig mhíle duine, agus cá mhéad bascáid a thóg sibh?#Eoin 6, 9.
10Ná na seacht n-aráin do’n cheithre mhíle duine, agus cá mhéad cliabh a thóg sibh?
11Cad chuige nach dtuigeann sibh nár i dtaoibh aráin a dubhairt mé libh: Seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach agus na Sadducach?
12Annsin thuig siad nár dhubhairt sé gurbh é deascaidh an aráin a bhí le seachnadh, acht teagasc na bhFairisíneach agus na Saddhucach.
13Agus tháinic Íosa go críocha Chaesarea Philip,#Marc. 8, 27. agus cheistigh sé a dheisciobail, ag rádh: Cé a deir na daoine is Mac an Duine?
14Agus dubhairt siad-san:#Marc. 8, 28; Lúc. 9, 19. Cuid acu Eoin Baiste, agus cuid eile Elías, agus cuid eile Ieremías, nó duine de na fáidhe.
15Deir Íosa leo: Acht cé a deir sibh-se is mé?
16D’fhreagair Síomon Peadar, agus dubhairt:#Eoin 6, 70. Is tú an Críost, Mac an Dé Bhí.
17Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leis: Is beannuighthe thu, a Shíomoin, mac Ióna; óir ní feoil agus fuil a d’fhoillsigh sin duit, acht m’Athair atá ar neamh.
18Agus deirim-se leat gur tusa Peadar#16, 18 Gur tusa Peadar, &c. Do réir mar d’fhoillsigh Dia do Naomh Peadar, admhuigheann sé go sollamhanta annseo a chreideamh i ndiadhacht Chríost. Mar luach saothair ar son a chreidimh agus a admhála, dearbhann Chríost dó gurab é a thoil gradam árd a bhronnadh air. Thug sé Peadar mar ainm air cheana féin, ainm a chialluigheas carraig. (Eoin 1, 42.) Béidh Peadar ina thaca dho-chlaoidhte faoi’n eaglais atá le tógail, amhail agus carraig shár-bhuan faoi theach. Is é Críost an phríomh-chloch bhuin, acht ina dhiaidh sin, is é Peadar an dubhshraith de bhrígh gurab é an t-aodhaire cinn, an t-uachtarán agus an rialtóir é. Tá iomlán cumhachta le bheith aige san Eaglais, rud a chialluigheas eochracha ríoghacht na bhflaitheas.,#Eoin 1, 42. agus is ar an charraig sin#16, 18 Ar an charraig sin, &c. Briathra seo Chríost, a labhair sé i dteangaidh na n-lúdach, b’ionann iad agus dá n-abradh sé i nGaedhilg: Is carraig tusa, agus is ar an charraig sin a thógfas mé m’eaglais. Dá bhrígh sin, do réir chiall nádúrtha na bhfocal, deirtear annseo gurab é Peadar an charraig ar a dtógfar an Eaglais. Bhunuigh Críost an Eaglais, agus is é, mar sin, an phríomh-dhubhshraith é. Ag tógail a Eaglaise ar charraig dó, bheir Críost deimhniughadh dúinn nach mbogann stoirm ná tuile a choidhche í: thóg Críost a Eaglais mar a thóg an fear críonna a theach. (Mait. 7, 24-25.) a thógfas mé m’eaglais, agus ní bhéarfaidh geaftaí ifrinn#16, 18 Geaftaí ifrinn, &c. Is é sin le rádh, daingean ifrinn, nó cumhacht an diabhail. Samhailtear an Eaglais mar thigh, nó daingean, tógtha ar charraig; mar an gcéadna samhailtear cumhachtaí ifrinn mar dhaingean. Dá mhéid a mbéidh an diabhal ábalta a dhéanamh le congnamh na ndeamhan agus na ndroch-dhaoine ní bhéarfaid sé buaidh ar an Eaglais, cathair Chríost. Is eol dúinn ó’n gheallamhaint sin nach bhfuighidh íodhaladhradh, éirse, ná earráid ar bith eile a choidhche buaidh ar Eaglais Chríost. buaidh uirthí.
19Agus bhéarfaidh mé duit eochracha ríoghacht na bhflaitheas.#Isaias 22, 22. Agus cibé nídh a cheanglóchas tú ar talamh, béidh sé ceangailte ar neamh: agus cibé nídh a scaoilfeas tú ar talamh#16, 19 A scaoilfeas tú ar talamh. Bheirtear logha ar an scaoileadh a gheibh duine ó’n phionós shealadach a bhíos tuillte aige mar gheall ar a pheacaidhe. Tá cumhacht na loghann dá talbhairt annseo do Pheadar., béidh sé scaoilte ar neamh.#Eoin 20, 23.
20Annsin d’aithin sé dá dheisciobail gan innse dh’aoinneach gurbh é féin Íosa, an Críost.
21Ó’n am sin amach thoisigh Íosa a léiriughadh dá dheisciobail go gcaithfeadh sé dul go h-Ierusalem, agus mórán neithe d’fhulang ó na seanóirí, agus ó na Scríobhaidhthe, agus ó uachtaráin na sagart, agus bás d’fhulang, agus éirghe arís ar an treas lá.
22Agus thug Peadar i leath taoibh é#16, 22 thug Peadar i leath taoibh é. As ucht a ghrádha agus a urraime do’n Tighearna, agus as ucht a dhíograise chun onóir a Mháighistir, thoisigh Peadar a chur ina aghaidh agus a dhéanamh gearáin: A Thighearna, nár leigidh Dia go mbéitheá-sa ag fuilstin báis. Acht dubhairt an Tighearna le Peadar: Siar mo dhiaidh leat, a Shatain (23). D’fhéadfadh na briathra sin an chiall seo a bheith leo: Imthigh siar uaim. Acht bheir Aithreacha Naomhtha na h-Eaglaise a mhalairt de chéill dóbhtha, i.e. Tar mo dhiaidh, nó lean mé. Dá réir sin, bhí an Tighearna ag tabhairt cuiridh do Pheadar é leanamhaint ar bhealach na péine agus na croise, agus gan a bheith ag cur i n-aghaidh thoil Dé le n-a iomardadh. San Eabhrais cialluigheann Satan ardhbheirseoir, nó neach a chuireas i d’aghaidh., agus thoisigh sé a iomardadh, ag rádh: Gura fada uait é, a Thighearna; ní thiocfaidh sin ort-sa.
23Acht thionntuigh seisean, agus dubhairt le Peadar:#Marc. 8, 33. Siar mo dhiaidh leat, a Shatain, is scainneal damh thú: óir ní h-iad na neithe a bhaineas le Dia a thaitneas leat, acht na neithe a bhaineas le daoine.
24Annsin dubhairt Íosa le n-a dheisciobail:#Lúc. 9, 23, agus 14, 27. Má’s áil le h-aoinneach teacht mo dhiaidh-se, diúltadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.
25Óir cibé ar mian leis a anam a shábháil,#Lúc. 17, 33; Eoin 12, 25. caillfidh sé é: agus an té a chaillfeas a anam ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é.
26Óir cad é is feárrde duine, dá ngnóthuigheadh sé an domhan uilig, agus a anam féin a chailleamhaint? Nó cad é bhéarfas duine i n-éiric a anama?
27Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar maille le n-a aingle: agus annsin bhéarfaidh#Gníomh. 17, 31; Rómh. 2, 6. sé do gach duine do réir a ghníomhartha.
28Amén adeirim libh,#Marc. 8, 39; Lúc. 9, 27. tá cuid dá bhfuil ina seasamh annseo nach mblaisfidh bás go dtí go bhfeicidh siad Mac an Duine ag teacht ina ríoghacht.
Currently Selected:
Maitiú 16: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: