Maitiú 21
21
Caibidil XXI
Téid Críost isteach go h-Ierusalem ar mhuin asail: ruaigeann sé as an teampall an mhuinntir a bhí ag díol agus ag ceannach ann: malluigheann sé an crann fíge: agus cuireann sé na sagairt agus na Scríobhaidhthe ina dtost.
1Agus nuair a tháinic siad i ngaobhar do Ierusalem,#Marc. 11, 1; Lúc. 19, 29. agus shroich siad Betphage, i n-aice le Sliabh na n-Ológ, annsin chuir Íosa beirt dheisciobal uaidh,
2Ag rádh leo: Téighigidh isteach san bhaile sin atá thall ós bhur gcómhair, agus ar an bhomaite gheobhaidh sibh asal ceangailte agus searrach ina teannta: scaoiligidh agus tabhairigidh chugam iad.
3Agus má deir aoinneach rud ar bith libh, abraigidh go bhfuil feidhm ag an Tighearna ortha; agus leigfidh sé uaidh ar an bhomaite iad.
4Agus thárla an méid seo uilig ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd an fháidh, a deir:#Isaias 62, 11; Sac. 9, 9; Eoin 12, 15.
5Abraigidh le h-inghin Shíoin: Féach, do Rí ag teacht chugat go ceannsa, ina shuidhe ar asal, agus ar shearrach, mac ainmhidhe na cuinge.
6Agus d’imthigh na deisciobail, agus rinne siad mar a d’órduigh Íosa dóibh.
7Agus thug siad leo an asal agus an searrach, agus leag siad a mbaill éadaigh ortha, agus chuir siad ina shuidhe ortha é.
8Agus spréidh sluagh an-mhór a gcuid éadaigh ar an bhóthar; agus ghearr tuilleadh craobhacha anuas de na crainn, agus spréidh siad ar an bhóthar iad.
9Agus na sluaighte a bhí ag dul roimhe, agus ag teacht ina dhiaidh, bhí siad ag scairtigh agus ag rádh: Hosanna do Mhac Dháibhidh: Is beannuighthe an té atá ag teacht i n-ainm an Tighearna. Hosanna ins na h-áird.#Sailm 117, 26; Marc. 11, 10; Lúc. 19, 38.
10Agus nuair a tháinic sé isteach go h-Ierusalem, bhí an chathair uilig tré chéile, ag rádh: Cé h-é seo?
11Agus dubhairt na daoine: Is é seo Íosa, an fáidh as Nasair na Gailile.
12Agus chuaidh Íosa isteach i dteampall Dé,#Marc. 11, 15; Lúc. 19, 45; Eoin 2, 14. agus thiomáin sé amach a raibh ag díol agus ag ceannach san teampall, agus leag sé táblaí na malartóirí airgid agus cathaoireacha lucht díolta na gcolmán:
13Agus deir sé leo: Tá sé scríobhtha:#Isaias 56, 7; Ier. 7, 11; Lúc. 19, 46. Goirfear teach urnaighe de mo thigh-se; acht rinne sibh-se uamhach ghadaidhthe de.
14Agus tháinic na daill agus na bacaigh chuige san teampall, agus leigheas sé iad.
15Agus nuair a chonnaic uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe na h-iongantaisí a rinne sé, agus na páistí ag glaodhach san teampall, agus ag rádh: Hosanna do Mhac Dháibhidh: bhí fearg ortha,
16Agus dubhairt siad leis: An gcluin tú cad é tá siad seo a rádh? Acht dubhairt Íosa leo: Cluinim; an é nár léigh sibh aramh:#Sailm 8, 3. As béal leanbhán agus naoidheanán cíche d’iomlánuigh tú moladh?
17Agus ghá bhfágáil dó, d’imthigh sé amach as an chathair go Betánia, agus d’fhan sé annsin.
18Agus ar maidin, ag pilleadh ar an chathair dó, bhí ocras air.
19Agus nuair a chonnaic sé crann fíge#Marc. 11, 15. i n-aice an bhóthair, tháinic sé chuige, acht ní fhuair sé dadamh air acht duilleogaí amháin, agus deir sé leis: Nár fhásaidh toradh ar bith ort a choidhche go bráthach. Agus smal an crann fíge láithreach.
20Agus nuair a chonnaic na deisciobail é, bhí iongantas ortha, agus dubhairt:#Marc. 11, 20. Cad é mar smal sé láithreach?
21Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Amén adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus gan amhras a ghlacadh, dhéanfaidh sibh ní amháin dálta an chrainn fhíge, acht fosta má deir sibh leis an tsliabh seo: Tóg ort agus caith thú féin isteach san fhairrge, dhéanfar é.
22Agus cibé ar bith neithe a iarrfas sibh i n-urnaighe, má bhíonn creideamh agaibh, gheobhaidh sibh iad.#Marc. 11, 24; Eoin 14, 13, agus 16, 23; 1 Eoin 3, 22.
23Agus nuair a tháinic sé isteach san teampall, tháinic uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus é ag teagasc, agus dubhairt: Cad é an t-ughdarás#Marc. 11, 28; Lúc. 20, 2. le n-a ndéan tú na neithe seo? Agus cé thug duit an t-ughdarás seo?
24Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Cuirfidh mise fosta aon cheist oraibh-se, agus má fhreagrann sibh í, innseochaidh mise díbh-se fosta cad é an t-ughdarás le n-a ndéanaim na neithe seo.
25Cá dtáinic baisteadh Eoin? An ó neamh, nó ó dhaoine? Acht mheabhruigh siad-san eatortha féin, ag rádh:
26Má deinmíd: Ó neamh, déarfaidh sé linn: Cad chuige, ar an adhbhar sin, nár chreid sibh é? Acht má deirimíd: Ó dhaoine, tá eagla orainn roimh an tsluagh; óir bhí meas fáidh acu uilig ar Eoin.
27Agus d’fhreagair siad Íosa, agus dubhairt: Ní fhuil a fhios againn. Agus dubhairt seisean leo: Agus ní innsim-se díbh-se acht a oiread cad é an t-ughdarás le n-a ndéanaim na neithe seo.
28Acht cad é bhur mbaramhail? Bhí dhá mhac ag duine áirithe, agus tháinic sé chuig an chéad mhac, agus dubhairt: A mhic, imthigh agus déan obair indiu i m’fhíonghort.
29Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Ní rachaidh. Acht ina dhiaidh sin, bhuail aithreachas é, agus chuaidh sé.
30Agus ag teacht chuig an mhac eile dó, labhaír sé leis mhar an gcéadna. Agus d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Rachaidh mé, a Thighearna. Agus ní dheachaidh sé.
31Cé acu dhe’n bheirt a rinne toil a athar? Deir siad leis: An chéad duine. Deir Íosa leo: Amén adeirim libh, rachaidh na puibliocánaigh agus na méirdreacha isteach i ríoghacht Dé rómhaibh-se.
32Óir tháinic Eoin chugaibh i slighe na córa, agus níor chreid sibh é. Acht chreid na puibliocánaigh agus na méirdreacha é; agus gidh go bhfaca sibh-se sin, ní dhearna sibh aithrighe ina dhiaidh sin, ionnas go gcreideadh sibh é.
33Éistigidh le fáithscéal eile: Bhí fear tighe ann a chuir fíonghort,#Isaias 5, 1; Ier. 2, 21; Marc. 12, 1; Lúc. 20, 9. agus rinne sé fál timcheall air, agus thochail sé fíon-fháisceán ann, agus thóg sé túr, agus shuidh sé le feirmeoirí é: agus d’imthigh sé féin ar an choigchrích.
34Agus nuair a bhí sé i ngiorracht d’aimsir na dtoradh, chuir sé a sheirbhísigh chuig na feirmeoirí go bhfaghadh siad a thortha.
35Agus rug na feirmeoirí ar a sheirbhísigh, bhuail siad duine acu, mharbh siad duine eile, agus chaith siad clocha ar dhuine eile.
36Chuir sé seirbhísigh eile arís ní ba líonmhaire ná an chéad chuid, agus rinne siad mar an gcéadna leo.
37Acht fá dheireadh chuir sé a mhac chuca, ag rádh: Béidh urraim acu do mo mhac.
38Acht nuair a chonnaic na feirmeoirí an mac, dubhairt siad eatortha féin: Is é seo an t-oighre;#Eoin 11, 53. Taraigidh, marbhamaois é, agus béidh a oighreacht againn.
39Agus rug siad air, teilg siad amach as an fhíonghort é, agus mharbh siad é.
40Dá bhrígh sin, nuair a thiocfas tighearna an fhíonghuirt, cad é dhéanfas sé leis na feirmeoirí sin?
41Agus deir siad leis: Scriosfaidh sé go millteanach na droch-dhaoine sin, agus suidhfidh sé a fhíonghort le feirmeoirí eile, a bhéarfas an toradh dó san tséasúr cheart.
42Deir Íosa leo: Nár léigh sibh ariamh ins na Scrioptúirí:#Sailm 117, 22; Gníomh. 4, 11; Rómh. 9, 33; 1 Pead. 2, 7. An chloch ar dhiúltuigh na saoir chloiche dí, tá cloch choirnéil déanta dí? Is é an Tighearna a rinne é sin, agus tá sé iongantach i n-ár súla.
43Ar an adhbhar sin, deirim libh, bainfear ríoghacht Dé uaibh-se, agus bhéarfar í do chineadh a bhéarfas a toradh uatha.
44Agus an té a thuitfeas ar an chloich seo, brisfear é; agus an té ar a dtuitfidh sí, meilfidh sí é.
45Agus nuair a chuala uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh a fháithscéalta, thuig siad gurbh ortha féin a bhí sé ag trácht.
46Agus nuair a shanntuigh siad breith air, bhí eagla ortha roimh na sluaighte, óir bhí meas fáidh acu-san air.
Currently Selected:
Maitiú 21: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland