Maitiú 24
24
Caibidil XXIV
Réimhinnseann Críost fá scrios an teampaill, agus fá na cómharthaí a thiocfas roimhe sin, agus roimh an bhreitheamhnas deireannach. Tá orainn a bheith ag faire de shíor.
1Agus ar theacht amach as an teampall do Íosa, bhí sé ag imtheacht, agus tháinic a dheisciobail chuige#Marc. 13, 1; Lúc. 21, 5. a thaisbeáint tighthe an teampaill dó.
2Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: An bhfeiceann sibh na neithe seo uilig? Amén adeirim libh, ní fhágfar cloch ós cionn cloiche annseo nach scaoilfear anuas.#Lúc. 19, 44.
3Agus ina shuidhe dó ar Shliabh na n-Ológ, tháinic a dheisciobail chuige go rúnda, agus dubhairt: Innis dúinn cá h-uair a bhéas na neithe seo ann? Agus cad é bhéas mar chómhartha ar do theacht-sa agus ar dheireadh an tsaoghail?
4Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Tabhairigidh aire agus ná mealladh aoinneach sibh.#Eph. 5, 6; Col. 2, 18.
5Óir tiocfaidh mórán i m’ainm-se, ag rádh: Is mise an Críost: agus meallfaidh siad mórán.
6Óir cluinfidh sibh fá chogtha agus fá ghártha cogaidh. Tabhairigidh aire agus ná bíodh buaidreamh oraibh: caithfidh na neithe sin tuitim amach, acht ní h-é an deireadh é go fóill.
7Óir éireochaidh cineadh i n-aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n-aghaidh ríoghachta; agus béidh pláigheanna, agus gorta, agus crathadh talaimh i n-áiteacha.
8Acht ní fhuil ionnta sin uilig acht tús na dtrioblóidí.
9Annsin bhéarfaidh siad suas do bhur gcrádhadh sibh,#Lúc. 21, 12; Eoin 15, 20, agus 16, 2. agus cuirfidh siad chun báis sibh; agus béidh fuath ag na h-uile chinidheacha oraibh mar gheall ar m’ainm-se.
10Agus annsin glacfaidh mórán scainneal, agus dhéanfaidh siad feall ar a chéile, agus béidh fuath acu ar a chéile.
11Agus éireochaidh mórán fáidh bréige, agus meallfaidh siad mórán.
12Agus de bhrígh gur mhéaduigh ar an urchóid, fuaróchaidh carthannacht mhórán daoine.
13Acht an té a bhéas seasmhach go deireadh, is é a shlánóchar.
14Agus dhéanfar soiscéal seo na ríoghachta a sheanmóir ar fud an domhain go léir, mar fhiadhnaise do na h-uile chinidheacha: agus annsin tiocfaidh an dheireadh.
15Ar an adhbhar sin, nuair atchífeas sibh fuathmhaireacht an scriosta,#Marc. 13, 14; Lúc. 21, 20. ar ar labhair Daniél, fáidh,#Dan. 9, 27. ina seasamh san áit naomhtha; an té a léigheas, tuigeadh sé:
16Annsin iad-san atá i n-Iudaia, teicheadh siad chun na sléibhte:
17Agus an té atá ar mhullach an tighe, ná taradh sé anuas le rud ar bith a thabhairt leis as an tigh:
18Agus an té atá san ghort, ná pilleadh sé thar ais le n-a chasóg a thabhairt leis.
19Agus is mairg do na mná a bhéas ag iomchar cloinne, agus dóbhtha-san a bheir diúl ins na laethe sin.
20Acht gúidhigidh nach raibh bhur dteicheadh san gheimhreadh, ná ar an tsabóid.#Gníomh. 1, 12.
21Óir béidh buaidhreamh mór ann an tráth sin, nach raibh a leithéid ann ó thús an tsaoghail go dtí anois, agus nach mbéidh.
22Agus muna ngiorruighthí na laethe sin, ní bhéadh feoil ar bith sábháilte, acht mar gheall ar na fíréin, giorróchar na laethe sin.
23An tráth sin, má deir aoinneach libh: Féach, tá an Críost annseo, nó annsiúd; ná creidigidh é.#Marc. 13, 21; Lúc. 17, 23.
24Óir éireochaidh críostanna bréige agus fáidhe bréige, agus léireochaidh siad míorbhailte agus iongantaisí móra, ionnas go mealladh siad, dá mb’fhéidir é, na fíréin féin.
25Féach, d’innis mé díbh é roimh ré.
26Ar an adhbhar sin, má deir siad libh: Féach, tá sé san fhásach: ná téighigidh amach; Féach, tá sé ins na seomraí istigh: ná creidigidh é.
27Óir mar thig an splannc ó’n áird thoir, agus nochtann sí fiú go dtí an áird thiar: is amhlaidh a bhéas mar an gcéadna teacht Mhic an Duine.
28Cibé áit#24, 28 Cibé áit, &c. Béidh teacht Chríost tobann, agus soiléir do’n domhan go léir, ar nós na splainnce. Agus cibé áit a mbéidh sé cruinneochaidh an cineadh daonna go léir chuige annsin, amhail mar chruinnigheas na h-iolair fá chonabhlach. a mbéidh an conabhlach, is ann fosta a chruinneochas na h-iolair le chéile.#Lúc. 17, 37.
29Agus díreach i ndiaidh bhuaidhreamh na laethe sin, tiocfaidh dorchadas ar an ghréin,#Isaias 13, 10; Eséciel 32, 7; Ióel 2, 10, agus 3, 15; Marc. 13, 24; Lúc. 21, 25. agus ní thabharfaidh an gheálach a solus, agus tuitfidh na réalta#24, 29 Na réalta. Dreaga loiscneacha cosamhail le réalta. ó’n spéir, agus béidh cumhachtaí neimhe dá suathadh.
30Agus annsin tchífear cómhartha Mhic an Duine#24, 30 Cómhartha Mhic an Duine. Cros Chríost. san spéir: agus annsin béidh mairgneach ó threabha an domhain go léir: agus tchífidh siad Mac an Duine ag teacht#Taidhbh. 1, 7. i néallta neimhe fá mhór-chumhacht agus fá ghradam.
31Agus cuirfidh sé uaidh a aingle#1 Cor. 15, 52; 1 Teas. 4, 15. le trompa, agus de ghuth árd, agus cruinneochaidh siad a fhíréin le chéile as na ceithre h-áirde, ó fhíor-uachtar na bhflaitheas go dtí a bhfír-íochtar.
32Agus ó’n chrann fíge foghlaimigidh fáithscéal. Nuair a bhios a ghéag bog agus na duilleogaí ag teacht amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith buailte libh:
33Mar an gcéadna díbh-se, nuair atchífeas sibh na neithe seo uilig, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé ar na gaobhair, ag na doirse féin.
34Amén adeirim libh, nach n-imtheochaidh an ghlúin seo, go dtí go ndéantar na neithe seo uilig.
35Rachaidh neamh agus talamh ar neimhnídh#24, 35 Ar neimhnídh. Athróchar iad ag deireadh an tsaoghail agus dhéanfar neamh nua agus talamh nua díob., acht ní rachaidh mo bhriathra-sa ar neimhnídh.#Marc. 13, 31.
36Acht ní fhuil fios an lae agus na h-uaire sin ag aoinneach, fiú ag aingle na bhflaitheas féin, acht amháin ag an Athair.
37Agus mar a bhí le linn Naoi,#Gein. 7, 7; Lúc. 17, 26. is amhlaidh fosta a bhéas teacht Mhic an Duine.
38Óir mar a bhíodh siad ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, ins na laethe roimh an dílinn, go dtí an lá ina ndeachaidh Naoi isteach san airc,
39Agus ní raibh a fhios acu go dtí go dtáinic an díle, agus gur thóg sí ar shiubhal uilig iad: is amhlaidh fosta a bhéas teacht Mhic an Duine.
40An tráth sin béidh beirt san ghort: tógfar duine acu, agus fágfar an duine eile.
41Béidh beirt bhan ag meilt san bhróin: tógfar bean acu, agus fágfar an bhean eile.
42Bígidh ag faire, dá bhrígh sin, mar nach fios díbh cad é an uair a thiocfas bhur dTighearna.
43Acht bíodh a fhios seo agaibh,#Marc. 13, 33; Lúc. 12, 39. dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cad é an uair a thiocfadh an gadaidhe, is cinnte go ndéanfadh sé faire, agus ní leigfeadh sé a theach a thochailt fríd.
44Ar an adhbhar sin, bígidh-se fosta ullamh, óir san uair nach eol díbh is eadh a thiocfas Mac an Duine.
45Cé h-é, dar leat, an seirbhíseach dílis críonna, ar chuir a thighearna ós cionn a theaghlaigh é, le biadh a thabhairt dóibh i dtráth?
46Is méanar do’n tseirbhíseach sin, nuair a thiocfas a thighearna,#Taidhbh. 16, 15. má gheibh sé é ghá dhéanamh sin.
47Amén adeirim libh, cuirfidh sé ós cionn a choda uilig é.
48Acht má deir an droch-sheirbhíseach úd ina chroidhe: Tá mo thighearna ag déanamh moille de theacht,
49Agus má thoisigheann sé a bhualadh a chóimhsheirbhíseach, agus a bheith ag ithe agus ag ól i gcuideachta na meisceoirí:
50Tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh sin lá nach mbíonn sé ag dréim leis, agus ar uair nach eol dó,
51Agus scoiltfidh sé é, agus bhéarfaidh sé a chuid dó imeasc na mbréagchráibhtheach: annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal.
Currently Selected:
Maitiú 24: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: