Maitiú 4
4
Caibidil IV
Troscann Críost dhá fhichid lá: cuirtear cathuighthe air. Toisigheann sé a sheanmóireacht, a ghairm deisciobal chuige, agus a dhéanamh míorbhailte.
1Annsin threoruigh an Spiorad Íosa isteach san fhásach#Marc. 1, 12; Lúc. 4, 1. chun cathuighthe an diabhail a sheasamh.
2Agus nuair a throsc sé dhá fhichid lá agus dhá fhichid oidhche, bhí ocras air ina dhiaidh sin.
3Agus tháinic an cathuightheoir chuige, agus dubhairt leis: Má’s Mac Dé thú, abair leis na clocha sin a bheith ina n-arán.
4Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Tá sé scríobhtha: ní ar arán amháin#Deut. 8, 3; Lúc. 4, 4. a mhaireas an duine, acht ar an uile bhriathar dá dtig ó bhéal Dé.
5Rug an diabhal leis annsin é isteach san chathair naomhtha, agus chuir ar bheinn an teampaill é,
6Agus dubhairt leis: Má’s Mac Dé thú, teilg thú fhéin síos, óir tá sé scríobhtha:#Sailm 90, 11. Go dtug sé órdughadh dá chuid aingeal i do thaoibh, agus tógfaidh siad ina lámha thú, ar eagla go mbuailtheá do chos n-éadan cloiche.
7Dubhairt Íosa leis: Tá sé scríobhtha#Deut. 6, 16. fosta: Ní chuirfidh tú féacháil ar an Tighearna, do Dhia.
8Rug an diabhal leis arís é suas ar shliabh an-árd, agus thaisbeán ríoghachtaí an domhain#4, 8 Thaisbeán ríoghachtaí an domhain. Is é sin le rádh, léirigh sé dó an áit ina raibh gach ríoghacht, agus mhínigh sé i mbriathra na neithé a ba ghlórmhaire agus a b’iongantaighe i ngach ríoghacht acu. Sin féin, nó chuir sé ós cómhair a súl beo-phictiúir ar nós léarscáile ag léiriughadh na ríoghacht sin. go h-uile, agus a nglóir, dó,
9Agus dubhairt leis: Bhéarfaidh mé iad seo uilig duit, má shléachtann tú damh, agus mé d’adhradh.
10Annsin dubhairt Íosa leis: Imthigh leat, a Shatain, óir tá sé scríobhtha:#Deut. 6, 13. Bhéarfaidh tú adhradh do’n Tighearna, do Dhia, agus is dó-san amháin a dhéanfas tú seirbhís.
11Annsin d’imthigh an diabhal uaidh; agus féach, tháinic aingle agus rinne siad freastal air.
12Agus nuair a chuala Íosa go raibh Eoin gaibhte, d’imthigh sé chun na Gailile.#Marc. 1, 14; Lúc. 4, 14; Eoin 4, 43.
13Agus d’fhág sé cathair na Nasaire, go ndeachaidh a chómhnaidhe i gCapharnaum i n-aice na mara, i gcríocha Shabuloin agus Nephtalim.
14Ionnas go gcóimhlíontaí an nídh a dubhairt Isaias, fáidh.#Isaias 9, 1.
15Talamh Shabuloin agus talamh Nephtalim, bealach na mara taobh thall de’n Iordáin, Gailile na gCinidheach:
16An pobal a bhíodh ina suidhe i ndorchadas, chonnaic siad solus mór; agus d’éirigh solus do’n mhuinntir a bhíodh ina suidhe san chrích ar a raibh scáile an bháis.
17Ó’n am sin amach thoisigh Íosa a sheanmóireacht,#Marc. 1, 15. agus a rádh: Déanaigidh aithrighe, óir tá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.
18Agus ag siubhal do Íosa cois mhuir na Gailile, chonnaic sé beirt dhearbhráthar,#Marc. 1, 16; Lúc. 5, 2. Síomon, dá ngoirtear Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, ag cur eangaighe san fhairrge (óir ba iascairí iad),
19Agus deir sé leo: Leanaigidh mise, agus dhéanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.
20Agus ar an bhomaite d’fhág siad na h-eangacha annsin, agus lean siad é.
21Agus ag imtheacht as sin dó, chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamus mac Shebede, agus a dhearbhráthair Eoin, i luing i dteannta a n-athar Sebede, agus iad ag cóiriughadh a gcuid eangach: agus ghoir sé chuige iad.
22Agus ar an bhomaite d’fhág siad na h-eangacha agus a n-athair annsin, agus lean siad é.
23Agus thaisteal Íosa an Ghailile go léir, ag teagasc ina sineagóga, agus ag seanmóir soiscéal na ríoghachta, agus ag leigheas gach galair agus gach tinnis imeasc an phobail.
24Agus chuaidh a chliú amach ar fud na Síre go léir, agus thug siad chuige na daoine breoidhte go h-uile a bhí gaibhte ag galair agus pianta éagsamhla, iad sin a raibh deamhain ionnta, daoine a bhí as a meabhair, agus iad sin a raibh an galar creathach ortha, agus leigheas sé iad.
25Agus lean sluaighte móra é as an Ghailile, agus as an Decapolis, agus as Ierusalem, agus as Iudaia, agus as an taoibh thall de’n Iordáin.#Marc. 3, 7; Lúc. 6, 17.
Currently Selected:
Maitiú 4: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland