Marcus 15
15
Caibidil XV
Tuairisc na páise ar leanamhaint.
1Agus go luath ar maidin#Mait. 27, 1; Lúc. 22, 66; Eoin 18, 28. ghlac na h-árdshagairt cómhairle leis na seanóirí agus na Scríobhaidhthe agus leis an chómhairle go h-uile, rug siad Íosa leo ceangailte agus thug siad suas do Phioláit é.
2Agus dʼfhiafruigh Pioláit de: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt sé leis, ghá fhreagairt: Deir tú é.
3Agus chuir na h-árdshagairt mórán neithe ina leith.#Mait. 27, 12; Lúc. 23, 2; Eoin 18, 33.
4Agus cheistigh Pioláit arís é, ag rádh: Nach dtugann tú freagair ar bith uait? Feic an méid neithe atá dá gcur i dʼaghaidh acu.
5Acht dʼfhan Íosa i gcómhnaidhe gan freagair a thabhairt, ionnas go raibh iongantas ar Phioláit.
6Agus le linn lá na féile ba ghnáthach leis duine de na príosúnaigh, cibé a dʼiarradh siad, a leigin saor dóibh.
7Agus bhí duine darbh ainm Barabbas ann, a gabhadh i bhfochair lucht ceannairce, agus a rinne dúnmharbhadh san cheannairc.
8Agus nuair a tháinic an sluagh, thoisigh siad a iarraidh air do réir mar ghníodh sé i gcómhnaidhe dóibh.
9Agus dubhairt Pioláit leo, ghá bhfreagairt: An toil libh go leigfinn saor díbh rí na n-Iúdach?
10Óir bhí a fhios aige gur tré thnúth a thug na h-árdshagairt suas é.
11Acht bhrostuigh na sagairt an sluagh chun gurbh é Barabbas a leigfeadh sé saor dóibh.
12Agus dubhairt Pioláit leo arís,#Mait. 27, 22; Lúc. 23, 14. ghá bhfreagairt: Cad é, mar sin, is mian libh go ndéanfainn le rígh na n-Iúdach?
13Agus scairt siad amach arís: Céas é.#Eoin 18, 40.
14Acht dubhairt Pioláit leo: Agus cad é an t-olc a rinne sé? Acht ba mhó go mór a scairt siad amach: Céas é.
15Agus mar gur mhian le Pioláit an pobal a shásamh, leig sé saor Barabbas dóibh, agus i ndiaidh Íosa a sciúrsáil, thug sé suas chun a chéasta é.
16Agus thug na saighdiuirí#Mait. 27, 27; Eoin 19, 2. isteach i halla na cúirte é, agus cruinnigheann siad le chéile an bhuidhean go h-iomlán.
17Agus cuireann siad éadach corcra air, agus ag snaidhmeadh coróin spíona dóibh, cuireann siad air í.
18Agus thoisigh siad a bheannughadh dó: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach.
19Agus bhuail siad a cheann le giolcach agus chaith siad seilogaí air, agus ag cromadh a nglún dóibh, rinne siad umhlughadh dó.
20Agus i ndiaidh magadh a dhéanamh faoi, bhain siad an t-éadach corcra de, chuir air a chuid éadaigh féin, agus rug leo amach chun a chéasta é.
21Agus duine áirithe a bhí ag dul thart,#Mait. 27, 32; Lúc. 23, 26. ag teacht óʼn fheirm, Síomon as an Chuiréin, athair Alastair agus Rufuis, thug siad air a chros dʼiomchar.
22Agus bheir siad leo é go h-áit Gholgota, is é sin le rádh, áit Chalbhaire.
23Agus thug siad fíon measctha le miorr le h-ól dó, acht níor ghlac sé é.
24Agus ghá chéasadh dóibh, roinn siad a chuid éadaigh,#Mait. 27, 35; Lúc. 23, 34; Eoin 19, 23. ag caitheamh crann ortha, féachaint cad é bhéarfadh gach aoinneach leis.
25Agus bhí an tríomhadh h-uair#15, 25 An tríomhadh h-uair. Roinneadh an sean-chunntas an lá ina cheithre trátanna, agus dʼainmnightí gach tráth ar an uair le n-a dtoisigheadh sé: an chéad uair, an tríomhadh h-uair, an seiseadh h-uair, agus an naomhadh h-uair. Céasadh ár dTighearna tamall beag roimh mheadhón lae, sul an chríochnuigh an tríomhadh h-uair, acht nuair a bhí an seiseadh h-uair ar tí toiseachta. ann, agus chéas siad é.
26Agus bhí tiodal a chúise scríobhtha: RÍ NA n-IÚDACH.
27Agus céasann siad dhá ghadaidhe mar aon leis, duine ar a dheis agus an duine eile ar a chlí.
28Agus cóimhlíonadh an scrioptúir a deir: Agus h-airmhigheadh é le cuirpthigh.#Isaias 53, 12.
29Agus na daoine a chuaidh thart, thug siad diamhasla dó, ag crathadh a gceann, agus ag rádh:#Eoin 2, 19. Bheá, tusa a leagas teampall Dé agus a thógas arís é i gcionn thrí lá:
30Saor thú féin, agus tar anuas deʼn chrois.
31Agus mar an gcéadna rinne na h-árdshagairt magadh faoi agus deireadh siad féin agus na Scríobhaidhthe le n-a chéile: Shábháil sé daoine eile, agus ní thig leis é féin a shábháil.
32Taradh an Críost, Rí Israéil, anuas deʼn chrois anois, go bhfeicimíd agus go gcreidimíd. Agus iad-san a céasadh i n-aoinfheacht leis, thug siad achmhusán dó.
33Agus nuair a bhí an seiseadh h-uair ann tháinic dorchadas thar an talamh go h-iomlán go dtí an naomhadh h-uair.
34Agus ar an naomhadh h-uair scairt Íosa amach de ghuth árd, ag rádh: Eloi, Eloi, lamma sabacthaní?#Sailm 21, 2; Mait. 27, 46. Is é sin le rádh: A Dhia, a Dhia, cad chuige ar thréig tú mé?
35Agus cuid dá raibh ina seasámh ann, agus a chuala, dubhairt siad: Féach, tá sé ag glaodhach ar Elías.
36Agus rith duine, agus ag líonadh machduail le fínéigir agus ghá chur thart ar ghas cuiscrighe dó, thug sé dó le h-ól é, ag rádh: Leigigidh dó, feicimís an dtiocfaidh Elías le n-a thógáil anuas.
37Agus scairt Íosa amach de ghuth árd agus fuair sé bás.
38Agus réabadh brat an teampaill ina dhá chuid ó bhárr go bun.
39Acht nuair a chonnaic an ceanntúir, a bhí ina sheasamh ós a chómhair, go bhfuair sé bás agus é ag glaodhach mar siúd, dubhairt sé: Bʼé Mac Dé go fíor an duine seo.
40Agus bhí mná#Mait. 27, 55. ann fosta ag féachaint air i bhfad uaidh, ar a raibh Máire Magdailéin, agus Máire, máthair Shéamuis Bhig agus Ióseph, agus Salome.
41Agus nuair a bhí sé san Ghailile, lean siad é#Lúc. 8, 2. ag freastal air, agus mórán eile ban a chuaidh suas i n-aoinfheacht leis go h-Ierusalem.
42Agus nuair a bhí sé cheana féin ina thráthnóna mall (mar go raibh an t-ullmhughadh ann, is é sin, an lá roimh an tsabóid),
43Tháinic Ióseph ó Arimatéa,#Mait. 27, 57; Lúc. 23, 50; Eoin 19, 38. cómhairleach uasal, a raibh súil aige-sean fosta le ríoghacht Dé, agus chuaidh sé isteach go dána chuig Pioláit gur iarr sé corp Íosa.
44Agus bhí iongantas ar Phioláit go mbéadh sé cheana féin marbh. Agus chuir sé fá choinne an cheanntúra agus dʼfhiafruigh de an raibh sé marbh cheana féin.
45Agus nuair a thuig sé óʼn cheanntúir go raibh, bhronn sé an corp ar Ióseph.
46Agus cheannuigh Ióseph línéadach, agus ghá thabhairt anuas, chuach sé san línéadach é, agus leag sé é i dtuamba a bhí gearrtha amách as carraig, agus thionntuigh sé cloch ar bhéal an tuamba.
47Agus bhí Máire Magdailéin agus Máire, máthair Ióseph, ag féachaint ar an áit i n-ar cuireadh é.
Currently Selected:
Marcus 15: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: