YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 16

16
Caibidil XVI
Eiséirghe agus deasgabháil Chríost
1Agus nuair a bhí an tsabóid thart,#Mait. 28, 1; Lúc. 24, 1; Eoin 20, 1. cheannuigh Máire Magdailéin agus Máire, máthair Shéamuis, agus Salome spíosraibhe cumhra le theacht agus Íosa dʼungadh.
2Agus go fíor-luath ar maidin, an chéad lá deʼn tseachtmhain, tig siad chun an tuamba i ndiaidh éirghe na gréine#16, 2 I ndiaidh éirghe na gréine. Bhog siad leo amach le dul chuig an tuamba sul a raibh sé ina sholus: acht bhí an ghrian ina suidhe nuair a shroich siad an tuamba. Nó, i bhfígiúir, tá tagairt annseo do Ghréin ha Córa, Íosa Críost, ár dTighearna, a bhí tar éis éirghe óʼn bhás sul a dtáinic siad..
3Agus bhí siad ag rádh le n-a chéile: Cé thionntóchas an chloch dúinn ó bhéal an tuamba?
4Agus ag amharc dóibh, chonnaic siad an chloch tionntuighthe. Óir bhí sí an-mhór.
5Agus ag dul isteach san tuamba dóibh, chonnaic#Mait. 28, 5; Lúc. 24, 4; Eoin 20, 12. siad fear óg ina shuidhe ar an taoibh dheis, agus culaith gheal air, agus bhí iongantas ortha.
6Agus deir seisean leo: Ná bíodh eagla oraibh. Tá sibh ag cuartughadh Íosa as Nasair, a céasadh. Dʼéirigh sé; ní fhuil sé annseo; feicigidh an áit i n-ar chuir siad é.
7Acht imthighigidh, agus innsigidh dá dheisciobail agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh chun na Gailile; tchífidh sibh annsin é#Marc. 14, 28., mar a dubhairt sé libh.
8Acht dʼimthigh siad-san amach agus theich siad óʼn tuamba; óir tháinic crith agus uathbhás ortha agus níor innis siad dadamh do dhuine ar bith; óir bhí eagla ortha.
9Acht dʼéirígh seisean ar maidin,#Eoin 20, 16. an chéad lá deʼn tseachtmhain, agus thaisbeán sé é féin ar dtús do Mháire Magdailéin, as ar theilg sé amach seacht ndeamhain.
10Dʼimthigh sise agus dʼinnis doʼn mhuinntir a bhíodh ina chuideachta, agus a bhí ag caoineadh agus ag gol.
11Agus nuair a chuala siad-san go raibh sé beo agus go bhfaca sise é, níor chreid siad.
12Agus ina dhiaidh sin thaisbeán sé é féin i gcruth eile do bheirt#Lúc. 24, 13. acu ar a siubhal, agus iad ag dul amach san tír.
13Agus dʼimthigh siad-san gur innis é doʼn chuid eile: acht níor chreid siad iad-san acht a oiread.
14Fá dheireadh thaisbeán sé é féin doʼn aon fhear déag nuair a bhí siad ag glacadh bídh, agus dʼaithbhrigh sé a ndíchreideamh agus a gcruadhas croidhe ortha, de bhrígh nár chreid siad iad-san a chonnaic é i ndiaidh a eiséirghe.
15Agus dubhairt sé leo: Imthighigidh ar fud an domhain go léir, agus déanaigidh an Soiscéal a sheanmóir doʼn uile chréatúir.
16An té a chreidfeas agus a bhaistfear, slánóchar é; acht an té nach gcreidfidh, damnóchar é.
17Agus leanfaidh na cómharthaí seo an dream a chreidfeas: Cuirfidh siad amach#Gníomh. 16, 18. deamhain i mʼainm-se, labharfaidh siad le teangacha nua.#Gníomh. 2, 4 agus 10, 46.
18Tógfaidh siad naithreacha nimhe#Gníomh. 28, 5.; agus má ólann siad rud marbhthach ar bith, ní dhéanfaidh sé dochar dóibh; cuirfidh siad a lámha ar dhaoine breoidhte,#Gníomh. 28, 8. agus béidh biseach ortha.
19Agus i ndiaidh é labhairt leo, tógadh an Tighearna Íosa suas ar neamh, agus tá sé ina shuidhe ar dheis Dé.#Lúc. 24, 51.
20Acht dʼimthigh siad-san leo, ag seanmóireacht san uile áit, agus an Tighearna ag cómhoibriughadh leo agus ag tabhairt dearbhachta dá mbriathar leis na míorbhailte a lean dóibh.

Currently Selected:

Marcus 16: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in