Lúcas 1
1
Caibidil I
Gabháil Eoin Baiste agus gabháil Chríost: cuairt agus caintic na Maighdine Beannuighthe Muire: teacht ar an tsaoghal do Eoin Baiste, agus caintic Shacaire.
1De bhrígh gur ghlac mórán as láimh cunntas a thabhairt as éadan a chéile ar na neithe a cóimhlíonadh i n-ár measc,
2Do réir mar fuaireamar iad uatha sin a bhí ó thús iad féin ina bhfiadhnaisigh agus ina bhfriothálaidhthe ar an bhriathar.
3Chonnacthas dámh-sa fosta, a Theoifil oirdheirc, i ndiaidh fios d’fhagháil go díbhirceach ar gach nídh ó thús báire, go scríobhfainn duit iad as éadan a chéile.
4Ionnas go mbéadh a fios agat fírinne na mbriathar sin a múineadh duit.
5Le linn loruaidh, rí Iudaia, bhí sagart áirithe ann darbh ainm Sacaire, de sheal Abia#1, 5 De sheal Abia. Is é sin, de rang Abia, agus glactar an focal sin san Ghréigis de ghnáth chun obair aoin lae amháin a chiallughadh: acht annseo cialluigheann sé obair seachtmhaine. Óir, do réir mar shocruigh Dáibhidh (1 Par. 24), roinneadh sliocht Aaroin ina gceithre dteaghlaigh fichead, agus bhí teaghlach Abia ar an ochtmhadh cionn acu sin. Ba de síolradh Abia Sacaire, agus bhí a sheal-sean ann an tseachtmhain seo chun a dhualgas sagairth a dhéanamh.,#1 Par. 24, 10. agus ba de shliocht Aaroin a bhean, agus Elisabet ab ainm dí.
6Agus bhí siad araon cóir i láthair Dé, ag siubhal gan cháim do réir aitheanta agus deasghnátha an Tighearna go h-iomlán.
7Agus ní raibh aon duine cloinne acu, óir bhí Elisabet aimrid, agus bhí an bheirt siar go maith i mbliadhanta.
8Agus thárla, nuair a bhí a dhualgas sagairt dá dhéanamh aige ar a sheal ós cómhair Dé,
9Gur thuit sé ar a chrann, do réir nós na sagartachta, túis d’ofráil, ar dhul isteach i dteampall an Tighearna dó;
10Agus bhí an shluagh daoine uilig ag guidhe taobh amuigh ag uair na túise.#Ecs. 30, 7; Leibh. 16, 17.
11Agus taidhbhsigheadh dó aingeal an Tighearna ina sheasamh ar an taoibh dheis de altóir na túise.
12Agus nuair a chonnaic Sacaire é chuaidh sé fríd a chéile, agus tháinic eagla air.
13Acht dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagla ort, a Shacaire, óir h-éisteadh do urnaighe; agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus bhéarfaidh tú Eoin mar ainm air.
14Agus béidh lúthgháir agus áthas ort, agus béidh lúthgháir ar mhórán fá n-a theacht ar an tsaoghal.
15Agus béidh sé mór i láthair an Tighearna, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisceamhail, agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh fiú ó bhroinn a mháthar.
16Agus tionntóchaidh sé mórán de chloinn Israéil chuig a dTighearna Dia.
17Agus rachaidh seisean roimhe i spiorad agus i gcumhacht Elíais,#Mal. 4, 6; Mait. 11, 14. chun croidhthe na n-aithreach a thionntódh ar a gcloinn, agus na díchreidmhigh ar eagna na bhfíréan, le pobal cóir d’ullmhughadh do’n Tighearna.
18Agus dubhairt Sacaire leis an aingeal: Cad é mar bhéas a fhios seo agam? Óir is seanduine mise, agus tá mo bhean an-aosta.
19Agus dubhairt an t-aingeal leis, ghá fhreagairt: Is mise Gabriél, a sheasas ós cómhair Dé, agus cuireadh mé a labhairt leat agus d’innse na scéala maithe seo duit.
20Agus féach, béidh tú gan chainnt agus ní bhéidh tú ábalta labhairt go dtí an lá ina dtárlóchaidh na neithe seo, de bhrígh nár chreid tú mo bhriathra-sa, a chóimhlíonfar ina n-am féin.
21Agus bhí na daoine ag feitheamh le Sacaire, agus bhí iongantas ortha é bheith ag déanamh moille san teampall.
22Agus ar theacht amach dó, ní raibh sé ábalta labhairt leo, agus bhí a fhios acu go bhfaca sé radharc san teampall. Agus bhí sé ag déanamh cómharthaí dóibh, agus mhair sé balbh.
23Agus thárla, nuair a bhí laethe a dhualgais cóimhlíonta, gur imthigh sé chun a thighe féin.
24Agus i ndiaidh na laethe sin ghabh a bhean, Elisabet, ina bhroinn, agus d’fholuigh sí í féin ar feadh chúig míos, ag rádh:
25Is mar seo a rinne an Tighearna liom ins na laethe i n-ar dhearc sé orm chun mo achmhusán ós cómhair na ndaoine a thógáil díom.
26Agus san tseiseadh mí, cuireadh an t-Aingeal Gabriél ó Dhia go cathair de’n Ghailile, darbh ainm Nasair,
27Chuig óigh a bhí luaidhte le fear, arbh ainm dó Ióseph, de theaghlach Dháibhidh; agus ba Muire ainm na h-óighe.
28Agus tháinic an t-aingeal isteach chuice, agus dubhairt léi: Dia do bheatha-sa, atá lan de ghrásta; tá an Tighearna leat; is beannuighthe thú eadar na mná.
29Agus nuair a chuala sí sin, chuir a chainnt trioblóid uirthí, agus bhí sí ag meabhrughadh cad é ba chiall leis an bheannughadh siúd.
30Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú grásta i láthair Dé.
31Féach, gabhfaidh#Isaias 7, 14. tú i do bhroinn, agus bhéarfaidh tú mac ar an tsaoghal, agus bhéarfaidh tú Íosa mar ainm air.
32Béidh sé sin mór, agus goirfear Mac an té is Áirde de, agus bhéarfaidh an Tighearna Dia dó cathaoir Dháibhidh, a athair, agus béidh sé ina rígh i dteaghlach Iacóib a choidhche,#Dan. 7, 14 agus 27; Micheas 4, 7.
33Agus ní bhéidh deireadh le n-a ríoghacht.
34Agus dubhairt Muire leis an aingeal: Cad é mar bhéas sin amhlaidh, óir ní fhuil aithne fir agam-sa?
35Agus dubhairt an t-aingeal léi, ghá freagairt: Tiocfaidh an Spiorad Naomh ort, agus clúdóchaidh cumhacht an té is Áirde thú. Dá bhrígh sin fosta, an Neach Naomhtha a bhéarfas tú ar an tsaoghal, goirfear Mac Dé de.
36Agus féach, do bhean ghaoil, Elisabet, ghabh sise fosta mac agus í aosta, agus seo an seiseadh mí díthe-se a dtugtar aimrid uirthí;
37Óir ní bhéidh nídh ar bith do-dhéanta ag Dia.
38Agus dubhairt Muire: Féach, baintsearbhónta an Tighearna; go ndéantar liom do réir do bhriathair. Agus d’imthigh an t-aingeal uaithe.
39Agus d’éirigh Muire ins na laethe sin, agus chuaidh sí fá dheifre chun na sléibhte go cathair de chuid Iúda.
40Agus chuaidh sí isteach go tigh Shacaire, agus bheannuigh sí do Elisabet.
41Agus thárla, nuair a chuala Elisabet beannughadh Mhuire, gur bhíodhg an naoidheanán ina broinn, agus líonadh Elisabet leis an Spiorad Naomh,
42Agus labhair sí de ghuth árd, agus dubhairt: Is beannuighthe thú eadar mná, agus is beannuighthe toradh do bhronn.
43Agus cad é mar d’éirigh seo damh-sa, go dtigeadh máthair mo Thigearna chugam?
44Óir féach, nuair a tháinic fuaim do bheannuighthe i mo chluasa, bhíodhg an naoidheanán le lúthgháir i mo bhroinn.
45Agus is bheannuighthe thusa a chreid, óir cóimhlíonfar na neithe a dubhairt an Tighearna leat.
46Agus dubhairt Muire: Mórann m’anam-sa an Tighearna,
47Agus bhain mo spiorad aoibhneas as Dia mo Shlánuightheoir,
48Óir dhearc sé ar ísleacht a bhaintsearbhónta. Óir féach, as seo suas goirfidh an uile ghlúin beannuighthe díom#1, 48 Goirfidh an uile ghlúin beannuighthe díom. Réimhinnse na focla seo ar an onóir a bhí an Eaglais le tabhairt i ngach aois do’n Mhaighdoin Bheannuighthe. Dearcadh na Protastúnaigh má bhaineann an tairngireacht seo leo féin ar dhoigh ar bith.,
49De bhrígh go ndearna an té atá cumhachtach neithe móra damh, agus is naomhtha a ainm,
50Agus bíonn a thrócaire ó shliocht go sliocht do’n mhuinntir ar a mbíonn a eagla.
51D’oibir sé cumhacht#Isaias 51, 9; Sailm 32, 10. le n-a láimh; scaip sé lucht an díomais i sotal a gcroidhe.
52Leag sé lucht na cumhachta as a gcathaoireacha, agus d’árduigh sé an dream íseal.
53Líon sé le neithe maithe#1 Rígh. 2, 5; Sailm 33, 11. an méid a raibh ocras ortha, agus chuir sé na saidhbhre ar shiubhal folamh.
54Ghlac sé chuige Israél, a shearbhónta, ag cuimhniughadh dó ar a thrócaire,
55Do réir mar labhair sé le n-ár n-aithreacha,#Gein. 17, 9, agus 22, 16; Sailm 131, 11; Isaias 41, 8. le h-Abraham agus le n-a shíol go deo.
56Agus d’fhan Muire aice tuairim ar thrí mhí, agus phill sí chun a tighe féin.
57Agus tháinic am Elisabet chun a gein a thabhairt uaithe, agus rug sí mac.
58Agus chuala a cómharsain agus a gaolta go ndearna an Tighearna a mhór-thrócaire uirthí, agus rinne siad cómhgháirdeachas léi.
59Agus thárla ar an ochtmhadh lá go dtáinic siad leis an naoidheanán a thimcheallghearradh, agus bhí siad ag dul a ainmniughadh ar ainm á athair, Sacaire.
60Agus d’fhreagair a mháthair agus dubhairt: Ní h-eadh ar chor ar bith, acht Eoin a bhéarfar air.
61Agus dubhairt siad léi: Ní fhuil aoinneach de do chineadh a ngoirtear an t-ainm sin de.
62Agus rinne siad cómhartha dá athair, cad é ba mhian leis go dtabharfaidhe air mar ainm.
63Agus ag iarraidh clár scríobhtha dó, scríobh sé, ag rádh: Is é Eoin a ainm. Agus bhí iongantas ortha uilig.
64Agus ar an bhall foscladh a bhéal agus a theanga, agus labhair sé ag moladh Dé.
65Agus tháinic eagla ar a gcómharsain go h-uile, agus h-innseadh na neithe seo uilig ar fud sléibhte Iudaia ar fad.
66Agus gach uile duine dár chuala é, chongbhuigh sé ina chroidhe é, ag rádh: Cad é an seort, dar leat, a bhéas san ghasúr sin? Óir bhí lámh an Tighearna leis.
67Agus líonadh a athair, Sacaire, leis an Spiorad Naomh, agus rinne sé fáidheadóireacht, ag rádh:
68Go moltar an Tighearna,#Sailm 73, 12. Dia Israéil, óir thug sé cuairt agus fuascailt ar a phobal,
69Agus thóg sé adharc#Sailm 131, 17. shlánuighthe#1, 69 Adharc shlánuighthe. Slánughadh cumhachtach, mar aistrigheann an Dr. Wethem é. San Scrioptúir, cialluigheann adharc neart nó cumhacht. dúinn i dtigh Dháibhidh, a shearbhónta,
70Do réir mar labhair sé tré bhéal a fháidh#Ier. 23, 6, agus 30, 10. naomhtha a bhí ann ó thús an tsaoghail:
71Go saorfadh sé sinn ó n-ár náimhde, agus ó láimh gach aoin dá dtug fuath dúinn,
72Go ndéanfadh sé trócaire ar ár n-aithreacha, agus a chonnradh naomhtha a chuimhniughadh;
73An mionna,#Gein. 22, 16; Ier. 31, 22; Eabh. 6, 13 agus 17. le n-ar mhionnuigh sé do Abraham, ár n-athair, go dtabharfadh sé dúinn,
74Ar bheith dúinn gan eagla, agus saor ó láimh ár námhad, seirbhís a dhéanamh dó
75I naomhthacht agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saoghal.
76Agus tusa, a leinbh, goirfear fáidh an té is áirde díot; óir rachaidh tú roimh aghaidh an Tighearna le n-a shlighthe d’ullmhughadh,
77Le h-eolas slánuighthe#Mal. 4, 5. a thabhairt dá phobal chun maitheamhnas a bpeacaidhe,
78Tré mhór-thrócaire ár nDé, le n-a dtug lonnradh na maidne#1, 78 Lonnradh na maidne. Camhaoir (Oriens; san Laidin): tiodal de chuid an Mhessíais, fíor-sholus an domhain, agus grian na córa.#Sac. 3, 9, agus 6, 12; Mal. 4, 2. ó neamh cuairt orainn,
79A thabhairt soluis dóbhtha sin atá ina suidhe i ndorchadas agus i scáile an bháis, agus ár gcosa a dhíriughadh ar shlighe na síothchána.
80Agus d’fhás an leanbh agus neartuigheadh i spiorad é, agus bhíodh sé ins na fásaigh go dtí an lá i n-ar fhoillsigh sé é féin do Israél.
Currently Selected:
Lúcas 1: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: