Marcus 4
4
Caibidil IV
Fáithscéal an churadóra. Ciúnadh na stoirme.
1Agus thoisigh sé a theagasc arís cois na mara,#Mait. 13, 1; Lúc. 8, 4. agus chruinnigh sluagh mór chuige, ionnas go ndeachaidh sé isteach san bhád gur shuidh sé ar an fhairrge, agus bhí an sluagh uilig ar an talamh cois na fairrge.
2Agus theagasc sé mórán neithe dóibh i bhfáithscéalta, agus dubhairt sé leo ina theagasc:
3Éistigidh: Féach, chuaidh an curadóir amach a chur síl.
4Agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de ar thaoibh an bhóthair, agus tháinic éanacha an aeir gur ith siad é.
5Acht thuit cuid eile ar an talamh chlochach, áit nach raibh mórán cré aige, agus dʼfhás sé aníos láithreach, de bhrígh nach raibh doimhne chré aige;
6Agus nuair a dʼéirigh an ghrian, scalladh é, agus mar nach raibh fréamh aige, smal sé.
7Agus thuit tuilleadh fríd na dreasógaí, agus dʼfhás na dreasógaí gur phlúch siad é, agus ní thug sé toradh uaidh.
8Agus thuit cuid eile san talamh mhaith, agus thug sé toradh uaidh a dʼfhás agus a mhéaduigh, agus thug ceann toradh uaidh fá dheich ar fhichid, ceann fá thrí fhichid, agus ceann eile fá chéad.
9Agus dubhairt sé: An té a bhfuil cluasa le h-éisteacht air, éisteadh sé.
10Agus nuair a bhí sé ina aonar, dʼfhiafruigh an dáréag a bhí ina chuideachta an fáithscéal de.
11Agus dubhairt sé leo: Is díbh-se a tugadh eolas a bheith agaibh ar rúindiamhair ríoghacht Dé; acht leobhtha sin atá taobh amuigh deirtear gach nídh i bhfáithscéalta,
12Ionnas, ar fheiceáil dóibh, go bhfeicidh siad#4, 12 ar fheiceáil dóibh, go bhfeicidh siad, &c. Mar phionós ortha as siocair gur dhruid siad a súla go toilteannach (Mait. 13, 15), chongbhuigh Dia uatha, mar bʼairidhe ortha, an solus agus an grásta a bhéarfadh sé dóibh, dá mbéadh siad umhal. Bhéarfadh an solus agus an grásta sin go h-éifeachtamhail ar a leas iad.#Isaias 6, 9; Mait. 13, 14; Eoin 12, 40; Gníomh. 28, 26; Rómh. 11, 8. agus nach dtabharaidh siad fá dear, agus ar chluinstin dóibh, go gcluinidh siad agus nach dtuigidh siad, ar eagla go dtionntuigheadh siad, am ar bith agus go maithtí a bpeacaidhe dóibh.
13Agus deir sé leo: An bhfuil sibh-se aineolach ar an fháithscéal seo? Agus cad é mar bhéas fios agaibh ar na fáithscéalta uilig?
14An té a chuireas, cuireann sé an briathar.
15Agus is iad seo lucht taobh an bhóthair mar a gcuirtear an briathar, agus nuair a chluin siad, tig Satan láithreach agus beireann sé ar shiubhal an briathar a cuireadh ina gcroidhthe.
16Agus mar an gcéadna, an lucht ina gcuirtear an síol ar an talamh chlochach, is iad seo iad, nuair a chluin siad an briathar, a ghlacas é láithreach le lúthgháir,
17Agus ní fhuil fréamh acu ionnta féin, acht tá siad neamhbhuan; annsin, nuair a thig trioblóid agus géirleanamhaint mar gheall ar an bhriathar, glacann siad scainneal ar an bhomaite.
18Agus tá tuilleadh ann ina gcuirtear an síol fríd na dreasógaí: is iad seo an lucht a chluin an briathar,
19Agus tig cúraim an tsaoghail,#1 Tim. 6, 17. mealladh an tsaidhbhris, agus dúil i neithe eile isteach go bplúchann siad an briathar, agus bíonn sé gan toradh.
20Agus is iad seo iad i n-ar cuireadh an síol san talamh mhaith, an lucht a chluin an briathar, a ghlacas é agus a bheir toradh uatha, duine fá dheich ar fhichid, duine fá thrí fhichid, agus duine fá chéad.
21Agus dubhairt sé leo: An dtig an choinneal#Mait. 5, 15; Lúc. 8, 16, agus 11, 33. chun go gcuirtí faoi bhocsa an phlúir nó faoiʼn leabaidh í? Nach chun go gcuirtí ar choinnleoir í?
22Óir ní fhuil rud ar bith i bhfolach nach bhfoillseochar,#Mait. 10, 26; Lúc. 8, 17. agus níor cuireadh faoi cheilt é, acht chun go dtigeadh sé chun soluis.
23Má tá cluasa le h-éisteacht ag aoinneach, éisteadh sé.
24Agus dubhairt sé leo: Coimhéadaigidh cad é a chluin sibh. Is leis an mhiosúr le n-ar thómhais sibh, a thómhaisfear thar ais díbh#Mait. 7, 2; Lúc. 6, 38. agus cuirfear tuilleadh leis díbh.
25Óir an té a bhfuil aige, bhéarfar dó,#Mait. 13, 12, agus 25, 29; Lúc. 8, 18 agus 19, 26. agus an té nach bhfuil aige, bainfear uaidh fiú an rud atá aige.
26Agus dubhairt sé: Is amhlaidh atá ríoghacht Dé, mar chaithfeadh duine síol san talamh,
27Agus chodlóchadh sé, agus dʼéireochadh sé, oidhche agus lá, agus dʼeascróchadh an síol, agus dʼfhásfadh sé i ngan fhios dó.
28Óir bheir an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, annsin an dias, agus annsin an chruithneacht iomlán san déis.
29Agus nuair a bhéas an bárr déanta, bheir sé an corrán dó láithreach, de bhrígh go mbíonn an fóghmhar ann.
30Agus dubhairt sé: Cé leis a samhlóchamuid ríoghacht Dé? Nó cad é an tsamhlaoid le n-a ndéanfamuid í a shamhailt?
31Mar ghráinnín shíol mustáird,#Mait. 13, 31; Lúc. 13, 19. ar lugha é ná aon tsíol dá bhfuil ar an talamh, nuair a chuirtear san talamh é;
32Agus nuair a bhéas sé curtha, fásann sé, agus éirigheann sé níos mó ná aon luibh eile, agus tig géaga móra air, ionnas go mbʼfhéidir do éanacha an aeir cómhnaidhe a dhéanamh faoi n-a scáth.
33Agus labhair sé an briathar leo i mórán fáithscéal deʼn tseort sin, do réir mar bhí siad i n-innimh éisteacht;
34Agus níor labhair sé leo gan fáithscéal; acht mhínigh sé gach nídh dá dheisciobail i leath taoibh.
35Agus deir sé leo an lá sin, nuair a bhí sé ina árd-thráthnóna: Téighimís anonn trasna.
36Agus ag cur an tsluaigh ar shiubhal dóibh, rug siad eisean leo mar a bhí sé san luing;#Mait. 8, 23; Lúc. 8, 22. agus bhí longa eile ina fhochair.
37Agus dʼéirigh stoirm mhór gaoithe, agus bhí sí ag caitheamh na dtonn isteach san luing, san chruth go raibh an long dá líonadh.
38Agus bhí seisean ar dheireadh na luinge ina chodladh ar adhairt; agus musclann siad é, agus deir leis: A Mháighistir, an cás leat é go bhfuilmíd dár gcailleadh?
39Agus ar éirghe dó, smacht sé an ghaoth, agus dubhairt leis an fhairrge: Socair, bí ciúin. Agus stad an ghaoth, agus dʼéirigh ciúineas mór ann.
40Agus dubhairt sé leo: Cad chuige a bhfuil eagla oraibh? An é nach bhfuil creideamh agaibh go fóill? Agus ghabh eagla mhór iad, agus deireadh siad le n-a chéile: Cé h-é seo dar leat, óir tá an ghaoth agus an fhairrge umhal dó?
Currently Selected:
Marcus 4: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: