Marcus 8
8
Caibidil VIII
Cothuigheann Críost ceithre mhíle. Leigheasann sé dall. Bheir sé rabhadh fá n-a pháis.
1Ins na laethe sin#Mait. 15, 32. nuair a bhí sluagh mór ann, agus gan dadamh le h-ithe acu, ag glaodhach ar a dheisciobail le chéile dó, deir sé leo:
2Tá truaighe agam doʼn tsluagh, óir féach, tá siad anois trí lá i mo chuideachta, agus ní fhuil rud ar bith le h-ithe acu;
3Agus má chuirim abhaile ina dtroscadh iad, rachaidh siad i laige ar an bhealach; óir tháinic cuid acu i bhfad.
4Agus dʼfhreagair a dheisciobail é: Cá h-as a dtiocfadh le h-aoinneach iad a shásamh le h-arán annseo san fhásach?
5Agus dʼfhiafruigh sé díobh: Cá mhéád arán agaibh? Agus dubhairt siad: Seacht gcinn.
6Agus dʼórduigh sé doʼn tsluagh suidhe síos ar an talamh. Agus ag glacadh na seacht n-arán dó, agus ag tabhairt bhuidheachais, bhris sé an t-arán agus thug dá dheisciobail le roinn é: agus chuir siad-san ós cómhair an tsluaigh é.
7Agus bhí beagán de éisc bheaga acu, agus bheannuigh sé iad, agus dʼórduigh iad a roinn amach.
8Agus dʼith siad gur sásadh iad, agus thóg siad seacht gcléibh deʼn chonamar a bhí fágtha i bhfuighleach.
9Agus bhí tuairim agus ceithre mhíle acu ann a bhí i ndiaidh ithe, agus chuir sé ar shiubhal iad.
10Agus ar an bhall chuaidh sé san bhád le n-a dheisciobail, agus tháinic sé go ceanntar Dhalmanuta.
11Agus tháinic na Fairisínigh#Mait. 16, 1; Lúc. 11, 54. amach agus thoisigh siad a argáil leis, ag iarraidh cómhartha ó neamh air, ghá fhéacháil.
12Agus ag osnaighil san spiorad dó, deir sé: Cad chuige a n-iarrann an ghlúin seo cómhartha? Amén adeirim libh, nach dtabharfar cómhartha doʼn ghlúin seo.
13Agus ghá bhfágáil dó, chuaidh sé san bhád arís, agus dʼimthigh sé trasna na mara.
14Agus rinne siad dearmad arán a thabhairt leo,#Mait. 16, 5. agus ní raibh acht aon bhuilbhín amháin leo san bhád.
15Agus dʼáithin sé dóibh, ag rádh: Feicigidh, agus seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach agus deascaidh Ioruaidh.
16Agus bhí siad ag meabhrughadh eatortha féin, ag rádh: De bhrígh nach bhfuil arán againn.
17Mar go raibh a fhios sin ag Íosa, deir sé leo: Cad chuige a bhfuil sibh ag meabhrughadh, de bhrígh nach bhfuil arán agaibh? An é nach eol díbh go fóill agus nach dtuigeann sibh? An bhfuil an croidhe dall go fóill agaibh?
18Tá súla agaibh agus nach bhfeiceann sibh? Tá cluasa agaibh agus nach gcluin sibh? Ní mó ná sin a chuimhnigheann sibh.#Marc. 6, 41; Eoin 6, 11.
19Nuair a bhris mé na cúig h-aráin doʼn chúig mhíle, cá mhéad bascáid lán de chonamair a thóg sibh? Deir siad leis: Dhá chionn déag.
20Agus na seacht n-aráin ar an cheithre mhíle, cá mhéad cliabh de chonamair a thóg sibh? Agus deir siad leis: Seacht gcinn.
21Agus dubhairt seisean leo: Cad é an fáth nach dtuigeann sibh go fóill?
22Agus tig siad go Bethsaida, agus bheir siad dall chuige, agus ghuidh siad é a lámh a chur air.
23Agus ag breith ar láimh an daill dó, threoruigh sé as an bhaile amach é, agus ag cur seileoige ar a shúla dó, chuir sé a lámha air, agus dʼfhiafruigh de an bhfaca sé aon nídh.
24Agus dʼamharc sé suas, agus dubhairt: Tchím na daoine mar bhéadh crainn ann ag siubhal.
25Annsin chuir sé a lámha ar a shúla arís, agus thoisigh an t-amharc a theacht chuige, agus leigheasadh é san chruth go bhfaca sé gach nídh go soiléir.
26Agus chuir sé abhaile chun a thighe féin é, ag rádh: Imthigh abhaile chun do thighe féin, agus má théid tú isteach san bhaile, ná h-innis dʼaoinneach.
27Agus chuaidh Íosa agus a dheisciobail amach go bailte Chaesarea Philip,#Mait. 16, 13; Lúc. 9, 18. agus ar an bhealach cheistigh sé a dheisciobail, ag rádh leo: Cé adeir na daoine is mise?
28Agus dubhairt siad leis, ghá fhreagairt: Eoin Baiste, cuid acu Elías, acht tuilleadh acu duine de na fáidhe.
29Annsin deir sé leo: Acht cé adeir sibh-se is mé? Deir Peadar leis, ghá fhreagairt: Is tú an Críost.
30Agus bhagair sé ortha gan innse dʼaoinneach fá dtaoíbh de.
31Agus thoisigh sé a theagasc dóibh go mbʼéigean do Mhac an Duine mórán neithe dʼfhuilstin, agus a dhiúltadh ag na seanóirí, agus na príomhshagairt agus na Scríobhaidhthe, agus a chur chun báis, agus éirghe arís i gcionn thrí lá.
32Agus labhair sé an chainnt go soiléir. Agus rug Peadar air agus thoisigh sé ar iomardadh leis.#Mait. 16, 23.
33Acht ag tionntódh thart agus ag féachaint ar a dheisciobail dó, bhagair sé ar Pheadar, ag rádh: Gabh siar i mo dhiaidh, a Shatain, óir ní h-iadna neithe is le Dia a thaitneas leat, acht na neithe a bhaineas le daoine.
34Agus ar chruinniughadh an tsluaigh mar aon le n-a dheisciobail le chéile dó, dubhairt sé leo: Máʼs toil le h-aoinneach mise a leanamhaint,#Mait. 10, 38, agus 16, 24; Lúc. 9, 23, agus 14, 27. diúltadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.
35Óir cibé ar toil leis a anam a shábháil, caillfidh sé é; acht an té a chaillfeas#Lúc. 17, 33; Eoin 12, 25. a anam ar mo shon-sa agus ar son an tsoiscéil, sábhlóchaidh sé é.
36Óir cad é an tairbhe do dhuine an domhan uilig a ghnóthughadh, má chailleann sé a anam?
37Nó cad é bhéarfas duine i n-éiric a anama?
38Óir an té a mbéidh náire air fúm-sa agus faoi mo bhriathar san ghlúin adhaltrannaigh pheacamhail seo, béidh náire ar Mhac an Duine faoi-sean fosta, nuair a thiocfas sé le n-a aingle naomhtha i nglóir a Athar.#Mait. 10, 33; Lúc. 9, 26, agus 12, 9.
39Agus dubhairt sé leo: Amén adeirim tibh, go bhfuil cuid dá bhfuil ina seasamh annseo nach mblaisfidh bás go dtí go bhfeicidh siad ríoghacht Dé ag teacht i gcumhacht.#Mait. 16, 28; Lúc. 9, 27.
Currently Selected:
Marcus 8: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland